An ndéanfaidh Státrúnaí Thuaisceart Éireann, Chris Heaton-Harris rud ar an gcróinéir i mBéal Feirste a d’éiligh go mbunódh sé fiosrú poiblí faoi mharú Sheán Brown?
Nó an ndéanfaidh sé iarracht an cás a chur faoi bhráid an ICRIR, an Coimisiún a bunaíodh faoin Acht Oidhreachta conspóideach a rialaíodh a bheith ag teacht salach ar chearta an duine? An mbeidh na húdaráis toilteanach ligint do cibé fianaise bhrocach atá a ceilt acu faoi ról a ngníomhairí a dhul faoi iniúchadh fiú ar bhealach teoranta?
Chinn an Cróinéir, an Breitheamh Kinney, nárbh fhéidir leanúint le hionchoisne faoi mharú an fheidhmeannaigh de chuid Cumann Lúthchleas Gael toisc lear mór faisnéise de chuid an stáit a bheith á ceilt, ar bhonn na slándála náisiúnta, ar an bpróiseas.
Ba é Seán Brown, 61, cathaoirleach Chumann Lúthchleas Gael i mBaile Eachaidh i gcontae Dhoire. Bhí geataí an chumainn a ndruidim aige tráthnóna an 19 Bealtaine 1997 nuair a d’fhuadaigh agus mharaigh dílseoirí é.
Níor cúisíodh éinne ariamh as an marú agus rialaigh Ombudsman na bPóilíní go raibh fiosrú an ionsaithe lochtach, siléigeach.
Bhí amhras ar an teaghlach, Bridie bean chéile Sheáin agus a seisear clainne, go raibh gníomhairí stáit claonpháirteach sa mharú ach chinn an tOmbudsman nach raibh fianaise ar fáil go raibh sin fíor.
Dúirt an t-iarOmbudsman Nuala O’Loan gur dócha go mbeadh malairt cinnidh déanta aici murach gur ceileadh faisnéis uirthi in 2004, faisnéis a tháinig chun solais le déanaí.
D’inis abhcóide an chróinéara do réamh-éisteacht an ionchoisne go raibh baint ag cúigear is fiche leis an marú, gníomhairí stáit ina measc. Bhí an t-eolas sin sna cáipéisí oifigiúla a cuireadh ar fáil don chróinéir ach bhí an-chuid den eolas eile sna páipéir folaithe. Bhí gach focal i gcáipéis amháin ceilte.
Ní hiontas gur chuir an t-eolas sin alltacht ar mhuintir Brown; bhí a fhios ag an saol gurbh fhear uasal é Seán Brown, fear teaghlaigh agus fear pobail, ar mhór an chailliúint é, mar a dúirt an Cróinéir Kinney.
Glacadh le hiarratais thar ceann MI5, an tseirbhís faisnéise rúnda, agus an PSNI chun an t-eolas folaithe sin a cheilt, rud a dhéantar chun iompar agus ainmneacha ghníomhairí a choinneáil faoi rún ar mhaithe leis an tslándáil náisiúnta. D’fhág sin, a dúirt an Breitheamh Kinney go mbeadh cosc ar an ionchoisne eolas sna cáipéisí maidir le conas a maraíodh Seán Brown agus cúinsí eile a bhain leis an eachtra a scrúdú. Dá dheasca sin ní bheadh sé in ann fiosrú cuimsitheach cóir neamheaglach a dhéanamh. Bheadh an t-ionchoisne ‘bearnach, easnamhach agus míchruinn’ d’uireasa scrúdú an ábhair atá folaithe ar bhonn slándála, ar sé.
Bhí sé den bharúil gur fiosrú poiblí an t-aon bhealach chun an cás a iniúchadh i gceart ó tá cumhacht reachtúil ag an meicníocht sin nach bhfuil ag ionchoisne. Níl údarás faoin dlí ag ionchoisne chun faisnéis a iniúchadh i seisiún príobháideach, caithfidh éisteacht a bheith poiblí.
Dá bhrí sin chuir an cróinéir stop leis an ionchoisne agus d’éiligh go mbunódh an Státrúnaí Chris Heaton-Harris fiosrú poiblí. Teastaíonn cinneadh uaidh taobh istigh de mhí.
Níorbh é a éagumas i bhfianaise rúndacht an stáit an t-aon údar imní ag an gcróinéir. Ba mhinic sa bhliain ó osclaíodh an t-ionchoisne a cháin sé áisíneachtaí an stáit as tarraingt na gcos. Ina rialú an tseachtain seo dúirt sé go raibh an mhoill a cuireadh ar sholáthar faisnéise “náireach agus dochosanta”.
Níor leor ‘easpa acmhainní’ mar mhíniú ar an mhoill a dúirt sé. Thuig sé go raibh obair throm le déanamh ag ranna éagsúla i gcomhar le chéile ach b’fhacthas dó gur deineadh áibhéil faoin ualach oibre. Cothaíodh deacrachtaí den chineál sin d’ionchoisní eile chomh maith ar sé, cor a ghoill ar an-chuid íobartach.
Údar díomá do mhuintir Brown é an t-ionchoisne a bheith cealaithe ach aontaíonn siad gur fiosrú poiblí an rogha is fearr atá fágtha. D’iarr siad tacaíocht rialtas na hÉireann chun brú a chur ar an Státrúnaí Heaton-Harris chun an fiosrú poiblí a fhaomhadh.
Thagair an breitheamh Kinney do nóta a scríobh an tAire Steve Baker, in Oifig Thuaisceart Éireann inar dhúirt sé go raibh oiread sin faisnéise folaithe gur chosúil gur fiosrú poiblí an bealach ab éifeachtúla chun déileáil leis. Bhí an port céanna ag Príomh-Chonstábla an PSNI, Jon Boutcher, a gheall comhoibriú. Beifear ag faire féachaint an mbeidh cur chuige nua ag na póilíní faoi cheannas Boutcher.
Sí an cheist anois, céard a dhéanfas Heaton-Harris?
Measadh le tamall go raibh sé ag iarraidh na hionchoisní a bhfuil tús curtha leo a bhrú isteach sa chóras bailithe eolais faoin Acht Oidhreachta a bhfuil sé chomh ceanúil sin air.
Ceist níos ábhartha, seans. Má fhaigheann muintir Brown an fiosrú poiblí an mbeidh an t-eolas ar fad atá ag an stát ar fáil don iniúchadh in camera? I bhfianaise an fhad a thóg sé na comhaid atá faoi chaibidil anois a sholáthar, ní gá duit a bheith soiniciúil chun go mbeadh amhras ort.
An ligfear don bpróiseas an fhírinne a aimsiú? N’fheadar cé mhéad muiníne a bheidh ag íobartaigh i riar na córa nuair nach mbeidh deis ar an gceart ach trí éisteacht rúnda.
Sop in áit na scuaibe? Prionsabal seanbhunaithe é nach leor an ceart a dhéanamh ach go gcaithfear a dhéanamh go poiblí.
Fág freagra ar 'Stop curtha le hionchoisne Sheán Brown ag rúndacht faoi ghníomhairí Stáit'