Ní fiú deoch uisce na n-ubh an 85ú craobh cúige do Chiarraí

Pé nasc a cheanglaíonn na craobhacha cúige leis an bhfíorchraobh, craobh Sam Mhig Uidhir, tá sé ar tí a scaoilte aon lá feasta

Ní fiú deoch uisce na n-ubh an 85ú craobh cúige do Chiarraí

Bhí léiriú eile Dé Máirt seo caite againn ar cé chomh bunoscionn agus chomh brostaithe, fáiscthe, fuirsithe is atá socruithe na gcluichí idirchontae sa lá atá inniu ann.

Cé go bhfuil dhá chluiche ceannais cúige le n-imirt Dé Domhnaigh, ba ar tharrac na craoibhe agus ar a bhfuil ag eascairt as atá an cogar mogar dírithe ó shin.

Bhuaileas le Jack O’Connor ag preasócáid do chluiche ceannais na Mumhan i dTrá Lí Dé Luain agus dhiúltaigh sé glan labhairt ar tharrac na craoibhe a bhí ag teannadh leis an lá ina dhiaidh. Ach ba léir don uile dhuine a bhí ag éisteacht leis go raibh Jack mar a bheadh aon bhainisteoir atá dáiríre fén gcraobh – ag beartú agus ag prapáil don bhfíorchraobh tar éis an Domhnaigh seo chughainn.

Pé nasc a cheanglaíonn na craobhacha cúige leis an bhfíorchraobh seo, craobh Sam Mhig Uidhir, tá sé ar tí a scaoilte aon lá feasta. Ní fiú deoch uisce na n-ubh an 85ú craobh cúige do Chiarraí nuair a bhuafaidh siad in Inis Dé Domhnaigh agus ní fiú 1992 a tharrac anuas arís ar mhaithe le díospóireacht a chruthú roimis an cluiche. Ní bheadh ann ach cur i gcéill, bréag-umhlaíocht agus béalghrá. Tá dóthain de san feicthe againn.

Is léir go bhfuil Ciarraí ag iarraidh deis a thabhairt d’imreoirí atá i ngátar ama ar pháirc na himeartha más aon slat tomhais beirt na gCrócach, Shane Murphy agus Tony Brosnan, mar aon le Brian Ó Beaglaoich na Gaeltachta, a bheith tofa le himirt ón dtús Dé Domhnaigh.

Bhí cinneadh le déanamh chomh maith maidir le Jason Foley. An dtabharfaí breis ama dó teacht chuige féin tar éis a ghortaithe in aghaidh Ros Comáin sa tsraith nó an raghfaí sa tseans air agus é a chur ar a bhogshodar arís sara dtosnaíonn an chraobh i gceart? Fágann tarrac na Máirte, le Ciarraí sa ghrúpa céanna le Muineachán, an Lú agus contae na Mí, go bhfuil aga anois acu an bogshodar san a thomhas i gceart nó go mbeidh gá le ruathar fuadrach ó dheireadh an Mheithimh go deireadh mhí Iúil, más ann fós dóibh.

Caithfear aitheantas a thabhairt don obair atá déanta ag bainistíocht chontae an Chláir tar éis do Colm Collins slán a fhágaint anuraidh leo. Taobh amuigh de Chillian Brennan (a bhí ar lár go minic), ní mór eile atá fágtha de shaighdiúirí Uí Choileáin agus tá creidiúint ag dul don gClár as foireann as an nua a chur le chéile gan a maidí a ligint le sruth ar fad. Ach sin a bhfuil ann. Mura ndeineann Ciarraí rábach amáireach i bPáirc Uí Chíosóg orthu, ní spárálfaidh curaidh Uladh, Corcaigh ná Tír Eoghain, iad ins an mhí amach rompu.

Sa bhliain 1980 tugadh cead a gcos do Chiarraí chomh fada le cluiche ceannais na Mumhan tar éis an slad a dheineadar i Sráid na Cathrach ar chontae an Chláir an bhliain roimis sin. Toisc go bhfuil an tsraith náisiúnta níos eagraithe agus toisc go bhfuiltear ábalta córais a chur i bhfeidhm anois a thabharfaidh seans don íochtarán, ní dócha go dtarlóidh san arís ach tá greim Chiarraí ar chraobh na Mumhan chomh daingean is a bhí le fada, fada an lá agus déarfá go gcaithfidh port na habhann titim lá éigin chomh fada is a bhaineann leis na craobhacha cúige.

Thiar i gConnachta níl an chraobh baileach chomh haontaobhach ach tá cruacheisteanna eile ag borradh is ag brúchtaíl tar éis tarrac na Máirte. Tá an cheist curtha ag níos mó ná duine amháin an tseachtain seo, an fiú do Ghaillimh nó do Mhaigh Eo craobh Chonnacht a bhuachtaint chuige? Arbh fhearr í a bhuachtaint agus a bheith i ngrúpa 3 le tánaiste Uladh, le Doire agus leis an Iarmhí, nó ar cheart an chraobh a chailliúint agus a bheith sa ghrúpa céanna (grúpa 2) le hÁth Cliath, Ros Comáin agus an Cabhán? Rogha an dá dhíogha, b’fhéidir nuair atá an ghaoth bainte ded’ sheol ach fós féin, taibhsítear do scata gurbh fhearr Doire agus tánaiste Uladh a sheachaint ar ais nó ar éigean.

Fágfaidh mórtas cine, fuath oidhreachtúil, righneas treibhe agus ciall cheannaithe go mbeidh imreoirí na Gaillimhe agus Mhaigh Eo luite amach orthu féin ag iarraidh craobh Chonnacht a bhreith leo i Staid an Phiarsaigh agus b’fhéidir, leis, go dtuigfidh foirne tar éis na bliana seo caite, an chéad bhliain den gcóras nua, gur fearr bheith ag buachtaint cluichí ná iad a chailliúint.

Tuigfidh foirne atá gafa tríd anuraidh gur fearr craobh cúige a bhuachtaint, gur fearr a bheith áirithe mar fhoireann uimhir 1 sa ghrúpa ina dhiaidh sin, gur fearr críochnú i mbarra do ghrúpa, gur fearr áit a chinntiú sa bhabhta ceathrú ceannais seachas a bheith teanntaithe i réamhbhabhta ceathrú ceannais agus gur fearr gan a bheith tnáite fén dtráth a imrítear na babhtaí ceathrú ceannais féin. Beidh ar ocht bhfoireann (iad siúd a chríochnaíonn sa dara agus sa tríú háit sna ceithre ghrúpa) trí chluiche craoibhe a imirt in imeacht coicíse ó lár go deireadh an Mheithimh. Bunaithe ar fhianaise na bliana seo caite, tá san dian, agus b’fhéidir ródhian agus foirne ag maireachtaint ar an mbeagán tar éis dianfheachtais go dtí’n bpointe sin.

Mar sin, agus gan an Bhealtaine ach ina bunóic, tuigfidh na bainisteoirí stuama, straitéiseacha go bhfuil tábhacht agus seasamh na gcraobhacha cúige ag teip go tapaidh ach gur fearr i gcónaí a bheith ag treabhadh chun cinn go neamhleithscéalach an tráth seo den samhradh más áil leat do bhuille a aimsiú nuair a bheidh na laethanta ag ciorrú arís fé dheireadh an Mheithimh.

Fág freagra ar 'Ní fiú deoch uisce na n-ubh an 85ú craobh cúige do Chiarraí'