Tá sé ríshoiléir go bhfuil sé thar am gnímh i gcás bhóthar an A5

Cén t-iontas go gcuirfeadh bás ndéagóirí alltacht ar an bpobal agus go neartódh an tubaiste na glórtha a deir go mbeadh a thuilleadh moille doghlactha i gcás an A5

Tá sé ríshoiléir go bhfuil sé thar am gnímh i gcás bhóthar an A5

Dé Luain ghlac sí páirt i léirsiú a scoile ag éileamh go gcuirfí tús leis an obair chun bóthar an A5 a uasghrádú. Ceithre uaire fichead ina dhiaidh sin bhí sí ar dhuine den bheirt is deireanaí a fuair bás ar an mbealach contúirteach i gcontae Thír Eoghain. D’fhág bás Kamile Vaicikonyte, 17, agus a cara naoi mbliana déag d’aois Jamie Moore gur 56 líon na ndaoine a maraíodh i dtimpistí ar an A5 ó 2007, an bhliain ar chinn Stormont go raibh an t-uasghrádú riachtanach.

Dúshlán don Aire Bonneagair agus don bhFeidhmeannas in Stormont is ea é bealach a aimsiú chun dlús a chur leis an obair tar éis blianta de chásanna cúirte ina haghaidh agus Fiosrú Poiblí a chuir tuarascáil faoi bhráid na roinne anuraidh. Ní nach ionadh bhí brú mór ar an Aire, John O’Dowd, Sinn Féin i ndiaidh na tragóide is deireanaí.

Dalta i Scoil Naomh Ciarán i mBaile Uí Dhálaigh ab ea Kamile, í gealgháireach meabhrach, a deirtear, agus ag súil le dhul ar an Ollscoil. Bhí sí páirteach i léirsiú na scoile ar an Luan seo caite; pobal uilig na scoile bailithe agus 54 scoláire ag iompar crosanna i gcuimhne ar líon na marbh ag an tráth sin.

Tá an léirsiú le feiceáil ar You Tube SCC-A5 Enough is Enough. Oíche Dé Máirt, tamall roimh a deich a chlog, cailleadh í féin agus Jamie Moore, lúthchleasaí agus imreoir sacair nuair a d’imigh a ngluaisteán den bhóthar in aice leis an Ómaigh san Dúgharraí.

Cén t-iontas go gcuirfeadh bás na ndéagóirí alltacht ar an bpobal agus go neartódh an tubaiste na glórtha a deir go mbeadh a thuilleadh moille doghlactha. Ba í agóid na scoile an ceann is deireanaí i sraith d’imeachtaí fan na slí, 60 míle a shíneann an A5 ó imeall Dhoire go Achadh na Cloiche cois teorann le Contae Mhuineacháin. I measc na ngrúpaí atá i mbun feachtais ag éileamh gnímh tá Cumann Lúthchleas Gael, gaolta le daoine a maraíodh i dtimpistí agus lucht gnó.

Tá grúpa eile sa chontae ‘Alternative A5 Alliance’ a thug dúshlán cúirte in aghaidh an phlean chun débhealach a thógáil. Ní léir cén lion daoine a thacaíonn leis an ngrúpa a dhiúltaigh eolas a thabhairt faoina mballraíocht. Deir siad go bhféadfaí sábháilteacht ar an mbóthar a chinntiú le teorainneacha luais agus le feidhmiú an dlí. Shéan a gcathaoirleach gurb é an t-aon aidhm a bhí acu a chinntiú nach gcaillfí stráicí talún as feilmeacha; níor léir gur ghlac mórán lena mhaíomh.

Deir saineolaithe go bhfuil oiread tráchta ar an A5 anois go bhfuil géarghá le débhealach. Sin é an plean ar dheonaigh rialtas na hÉireann €600 milliún dó dhá mhí ó shin; is ionann sin agus aon trian de chostas an bhóthair de réir an áirimh is deireanaí. Tá an costas méadaithe as cuimse sna seacht mbliana déag ó ceadaíodh an t-uasghrádú.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar nuair a fógraíodh an maoiniú don A5 go raibh súil aige go gcuirfí tús leis an obair i mbliana. Dúirt an tAire Bonneagair, John O’Dowd an rud céanna ach níl dáta ná plean fógartha aige go fóill. Dúirt sé an tseachtain seo gur theastaigh uaidh cinneadh a dhéanamh chomh luath agus is féidir ach nár mhór a chinntiú go mbeadh an cinneadh sin teann agus docheistithe ó thaobh dlí. Mura mbeadh a chinneadh iontaofa ní bheadh de thoradh air ach a thuilleadh moille agus a thuilleadh tragóide, dar leis.

Is léir go bhfuil Stormont ag iarraidh dúshlán cúirte eile a sheachaint. Ar ndóigh is gá dlí a chur i bhfeidhm maidir le teorainn luais nó tiomáint faoi thionchar substainte coiscthe. Tá gníomh thairis sin riachtanach áfach nuair nach bhfuil bóthar oiriúnach dá fheidhm; tá sé ríshoiléir gurb amhlaidh an cás leis an A5 ó thaobh ualach tráchta agus sábháilteachta. As a dheireadh, más gá leas a bhaint as reachtaíocht nua nó ordú ceannaigh éigeantaigh níor mhór é a dhéanamh go haibéil.

Fág freagra ar 'Tá sé ríshoiléir go bhfuil sé thar am gnímh i gcás bhóthar an A5'

  • Pádraig O'hEipicín

    Ar dheis Dé go raibh a n-Anamacha uilig.