An chéad scoilt sa bhfeidhmeannas nua in Stormont

Deir Doug Beattie nach siúlfaidh an UUP amach as an bhFeidhmeannas ach caolseans go n-éireoidh leo athrú suntasach ar an mbuiséad a bhaint amach

An chéad scoilt sa bhfeidhmeannas nua in Stormont

An raibh Robin Swann ag fágáil an Fheidhmeannais? An dtarraingeodh an UUP amach as an gcomhaireacht scun scan? Bhí an t-aer beo le ráflaí ar feadh tamaill Déardaoin. Bhí a fhios le seachtain go n-éireodh Swann as an aireacht sláinte chun seasamh san olltoghchán ach bhí sé féin agus Doug Beattie, ceannaire a pháirtí, chomh feargach go raibh seans ann go siúlfadh siad amach.

D’aontaigh móramh sa bhFeidhmeannas an buiséad don bhliain ach vótáil Robin Swann ina choinne, é diongbháilte go mbeadh ciallachais thubaisteacha aige don tseirbhís sláinte.

£14.444 billiún punt a bhí á roinnt ag an Aire Airgeadais, Caoimhe Archibald, Sinn Féin, le haghaidh caiteachas laethúil. Fuair an Roinn Sláinte níos mó ná a leath, £7.7 billiún, ach mhaígh an tAire go gcuirfeadh an tsuim sin an tseirbhís i mbaol. Dúirt sé gur chiorrú 2.3% ar a bhuiséad ó anuraidh é. Sea agus ní hea.

Is ciorrú é ar an méid a caitheadh in 2023-24 é ach is méadú 6.3% é ar an mbuiséad a ceadaíodh ag tús na bliana. Méadaíodh an buiséad nuair a rinneadh coigeartú séasúrach mar gheall ar athruithe ar chaiteachas in Westminster; bheifí ag súil lena leithéid arís sa bhliain 2024-25.

Cibé, bhí Swann agus an UUP ar buile. Dúradar gur gealladh dóibh go bhfaigheadh sláinte tosaíocht ar gach cúram eile. Theastaigh £1billiún breise uathu. Chun an scéal a chur i gcomhthéacs ba í an Roinn Oideachais a fuair an dara sciar ba mhó, £2.87 billiún. Méadú 11.5% é sin, é riachtanach chun déileáil le riaráistí pá do mhúinteoirí ach fós féin, beidh an roinn sin agus gach roinn eile gann.

Deir an t-aire, an Dr Archibald agus an Chéad-Aire is an LeasChéad-Aire go leanfaidh siad ag cur brú ar an Státchiste in Whitehall chun buiséad Thuaisceart Éireann – an blocdheontas mar a thugtar air – a áireamh ar bhonn riachtanais. Áiríodh é de réir fhoirmle Barnett atá as dáta agus atá caite i dtraipisí i gcás na Breataine Bige mar go raibh sé easpach.

Mhaígh Jeffrey Donaldson, nuair a bhí sé fós ina cheannaire ar an DUP, go raibh airgead breise geallta ag rialtas na Breataine (sna cainteanna príobháideacha leis an DUP faoi athbhunú Stormont). Dúirt sé ag an am go gceadófaí an t-airgead gan mhoill. Ní foláir nó go raibh dul amú air, pingin bhreise níl tagtha sa ráithe, geall leis, ó shin.

Ní léir cé na geallúintí a shíl Robin Swann agus Doug Beattie a bhí faighte acu. Tá a fhios gur leis an DUP a bhíodar ag caint faoi aireachtaí roimh ré ach cé is moite de na roghanna a dhéanfaidís, ní raibh an t-údarás ag páirtí amháin chun barántas a thabhairt faoi rud ar bith eile.

Bhí sé soiléir go raibh na trí pháirtí eile sa bhFeidhmeannas – Sinn Féin, an DUP agus Alliance – díomách agus feargach nuair a sháraigh Robin Swann freagracht chomhpháirteach an Fheidhmeannais. Scríobh Swann chuig an gCoiste Sláinte ag casaoid agus beidh sé ag iarraidh tacaíocht an Tionóil chun diúltú don mbuiséad.

Chaithfeadh go dtuigeann sé gur ag Sinn Féin, móide an DUP, móide Alliance, na páirtithe a d’aontaigh an buiséad, atá na vótaí.

Ar gheáitsíocht a bhí ar siúl mar sin? Robin Swann ag iarraidh a léiriú go dtig leis cos a chur i dtaca? Gur crann taca na seirbhíse sláinte é cé go mbeidh sé ag éirí as an bpost agus go mbraitear nach bhfuil aon bheart mór tábhachtach déanta aige ann?

Ar theastaigh ón UUP port na dtráchtairí a athrú? Bhí seachtain chorrach caite acu.

Is iomaí duine a cheistigh an cinneadh Robin Swann a cheapadh ina aire sláinte nuair a bhí fhios nach mbeadh sé sa phost ach achar gearr roimh fheachtas thoghchán Westminster.

Ina theannta sin bhí a dhá chois curtha ann ag a n-iarrthóir don Dún Thuaidh, an Coirnéal Tim Collins in agallamh san Newsletter. Ní bheadh doicheall ar Reform UK leis na smaointe a nocht sé.

Mar chosaint air, dúirt Doug Beattie go raibh sé ‘ag foghlaim’ ach nach raibh sé chomh hoilte leis an bhfeisire reatha Stephen Farry, Alliance, a mbeidh sé san iomaíocht leis.

Ní mé arb é leas an UUP an chonspóid seo a chothú.

Deir Doug Beattie nach siúlfaidh siad amach as an bhFeidhmeannas ach caolseans is léir go n-éireoidh leo athrú suntasach ar an mbuiséad a bhaint amach. Nach léiriú ar laige seachas neart an pháirtí é sin? An ndéanfaidh sé dochar don bhFeidhmeannas?

Ní maise é siosma den chineál seo a bheith sa chomhaireacht chomh luath seo ina shaol ach beifear ag súil gur cogadh na sifíní é.

Fág freagra ar 'An chéad scoilt sa bhfeidhmeannas nua in Stormont'