Smacht caillte ar chúram sláinte do pháistí

Tá brú scanrúil ar dhochtúirí teaghlaigh, ar dhochtúirí is altraí agus seirbhísí tacaíochta in ospidéil

Smacht caillte ar chúram sláinte do pháistí

Is annamh a bhaineann scéal faoin drochbhail atá ar an tseirbhís sláinte i dTuaisceart Éireann geit as éinne. Tá seantaithí ag an bpobal ar thuarascálacha oifigiúla a chuireann fainic ar na húdaráis go gcaithfear gníomhú láithreach nó go dtitfidh an córas as a chéile. Bhain anailís ar liostaí feithimh do pháistí croitheadh as gach éinne. Ní nochtann géarchéim cé chomh holc is atá an cás- ní áibhéil é a rá gur tubaiste é.

A bhuíochas do na daoine breátha sa líne thosaigh tá cúram ar fáil ach tá brú scanrúil ar dhochtúirí teaghlaigh agus ar dhochtúirí, altraí agus na seirbhísí tacaíochta in ospidéil. Sé an freagra is coitianta ar cheist faoin gcóras ‘tá sé thar cionn nuair a éiríonn leat bheith istigh ann – má éiríonn leat maireachtáil sách fada chuige sin’. Léiríonn na línte feithimh cé chomh holc is atá an scéal do na daoine atá ag brath ar chúram, líon níos mó daoine ag fanacht achar níos faide ná sa deisceart nó i réigiún ar bith sa Bhreatain Mhór.

Tubaisteach an breithiúnas a thug tuairisc ón gcoláiste ríoga péidiatraice & sláinte linbh (RCPCH) ar an mhoill ar chóir leighis do pháistí an Tuaiscirt. Sa Mheitheamh anuraidh bhí 6,326 páiste ag fanacht breis is bliain. B’ionann sin agus méadú 22.5% nó 1,583 páiste in aon bhliain amháin. Scrúdaigh an RCPCH an staidreamh thar thréimhse seacht mbliana ó Mheitheamh 2016 go Meitheamh 2023. Is léir go bhfuil an scéal ag dul in olcas go seasta. In 2016 bhí 578 páiste ar liosta feithimh le haghaidh clinicí na n-othar seachtrach; faoi 2023 bhí an líon méaduithe go 22,272 páiste. Léirigh an tuairisc go raibh an scéal go dona in Albain agus sa Bhreatain Bheag ach go raibh feabhas de bheagán sa dá réigiún sin i gcodarsnacht le Tuaisceart Éireann.

Bhí conspóid i nDáil Éireann an tseachtain seo thart faoi mhoill ar sheisiúin ceimiteiripe do 800 páiste; seans nach raibh an t-eolas cruinn ach ba léir gur scannal agus dúshlán do na húdaráis sláinte a bheadh ann dá mbeadh an cúram curtha ar an mhéar fhada. Níor facthas an cineál céanna díocais chun freagrachta abhus.

Údar imní é go bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil glactha leis an status quo mar chor dosheachanta. Tá feitheamh rófhada do-ghlactha cuma cén aois atá slánaithe ag othar ach tá sé ríchontúirteach i gcás páiste. Bíonn cóir leighis áirithe riachtanach faoi aois ar leith nó ag céim speisialta i bhforbairt linbh. Amanta bíonn na hiarmhairtí do- athraithe mura bhfaigheann páiste an cúram in am cuí. Is minic freisin a chluinimid faoi dhéagóirí – agus páistí níos óige – a bhíonn i dtrioblóid toisc nach raibh cúram meabhairshláinte ar fáil go tráthúil.

Chomh maith leis an dochar a dhéanann moill ar chúram leighis do shláinte choirp agus mheabhrach daoine óga dúirt dochtúir ón RCPCH go ndéanann sé damáiste i réimsí eile freisin. Cuireann sé isteach ar a gcuid oideachais agus ar a gcumas saol bisiúil a chaitheamh amach anseo.

Is truamhéalach an scéal é gur beag suim a cuireadh go dtí seo sa bhfaillí a bhí agus atá á déanamh sna daoine is leochailí.

Is gearr go mbeidh an Stormont athbhunaithe 100 lá ar an bhfód. Bhí práinn le ceisteanna pá d’oibrithe san earnáil phoiblí ag an tús ach tá sé in am anois a dhul i ngleic leis an mbail ainnis atá ar an gcóras sláinte. Tá sé sin dlite don bpobal agus do na hoibrithe. Ní haon iontas é nach mbíonn la nach gcloistear scéal faoi othar nach bhfuair cúram in am.

Ní iontas é ach an oiread go gcloistear go rialta go bhfuil imní ar oibrithe sláinte faoi shábháilteacht othair d’uireasa leapacha, trealamh agus dóthain foirne. Seans gur i laghad a rachaidh leibhéil foirne mar go bhfuil siad traochta agus in ísle brí.

Mura ndéanfar athchóiriú go haibéil is baolach go mbeidh tragóid le cur ar an gcuntas sa mhullach ar ghéarchéim, tubaiste agus ainnise.

Fág freagra ar 'Smacht caillte ar chúram sláinte do pháistí'