Cé leis a rachaidh gadhar Lanty McHale ag Ard-Fheis Fhianna Fáil?

Tá fadhb ag Fianna Fáil agus Fine Gael ó chuaigh siad i gcomhrialtas lena chéile idirdhealú a dhéanamh idir an dá pháirtí

Cé leis a rachaidh gadhar Lanty McHale ag Ard-Fheis Fhianna Fáil?

Gadhar Lanty McHale. Ar chuala tú trácht air riamh?

Níor chuala mise go raibh Willie O’Dea ag trácht air an tseachtain seo agus ag cur Fianna Fáil i gcosúlacht leis. Caithfidh mé a admháil ó tharla nach ndearna mé staidéar ar an mBéarla nach ndearna mé aon iarracht mhór riamh tabhairt faoi Ulysses a léamh ó chlúdach go clúdach. Is ansin, in úrscéal clúiteach James Joyce atá an gadhar úd luaite.

De réir cosúlachta, bhí gadhar Lanty McHale siúlach agus sásta dul píosa den bhóthar le duine ar bith. Sin an tsamhail a thug Willie O’Dea an tseachtain seo d’Fhianna Fáil agus iad ag seasamh i leataobh go foighdeach le deis athnuachana agus aiséirí a thabhairt d’Fhine Gael atá, ach an oiread leo féin, ina staic sna pobalbhreitheanna le tamall anois.

Imní atá ar an Teachta Dála as Luimneach go bhfuil a pháirtí agus a gceannaireacht i bhfad ró-réchúiseach i dtaobh na bagartha a bhaineann le Fine Gael, tamall seachtainí roimh thoghcháin chinniúnacha an Mheithimh.

Dhiúltaigh ceannaire Fhianna Fáil do cháineadh Willie O’Dea ach is féidir a bheith cinnte go mbeidh corrchogar ag Ard-Fheis Fhianna Fáil an deireadh seachtaine seo go bhfuil an iomarca ómóis léirithe d’Fhine Gael agus iad i mbun a gcuid athruithe inmheánacha féin le roinnt seachtainí.

Go deimhin, ba chóir don Tánaiste teacht i dtír ar an díospóireacht inmheánach i bhFine Gael chun leasa a pháirtí féin, dar le O’Dea. Ní mar sin a fheiceann an pobal an scéal, a deir an Tánaiste. Meas tú?

Tá fadhb ag Fianna Fáil agus Fine Gael ó chuaigh siad i gcomhrialtas lena chéile idirdhealú a dhéanamh idir an dá pháirtí. Meabhraíodh dúinn le cúpla seachtain anois gurb iad Fine Gael páirtí an dlí agus an chirt, páirtí na bhfeirmeoirí gustalacha agus lucht na ngnóthaí beaga. Cén fhad ó bhí deis ag Fianna Fáil roinnt seachtainí a chaitheamh ag caint fúthu féin sna meáin náisiúnta? Cén uair a chuala muid cé na polasaithe sonracha a luaitear le Fianna Fáil agus an chaoi a bhfuil ag éirí leo iad sin a chur i bhfeidhm.

Is acu atá na haireachtaí a riarann na gnéithe is mó a bhfuil an pobal trína chéile fúthu – sláinte agus tithíocht. Ní léir go bhfuil mórán dea-scéalta i gceachtar earnáil ach dá mbeadh féin is léir mar atá cúrsaí faoi láthair gur dea-scéalta don rialtas a bheadh iontu seachas dea-scéalta Fhianna Fáil.

An gcloisfidh muid toscairí Fhianna Fáil ag clamhsán i rith an deireadh seachtaine faoin bpáirtí a bheith ag leanacht a gcuid sean-naimhde seachas ag tabhairt a ndúshláin? Is beag am atá ag ceachtar dream acu lena marc sonrach féin a chur ar an tírdhreach polaitíochta sna seachtainí idir seo agus na toghcháin áitiúla agus Eorpacha.

Sin gan trácht ar an ullmhúchán don olltoghchán a d’fhéadfaí a reáchtáil lá ar bith ina ndiaidh. Tá Fine Gael chun cinn faoi láthair sa méid bolscaireachta atá déanta acu le roinnt seachtainí – beidh Fianna Fáil ag súil go mbeidh a ndeis acu féin an deireadh seachtaine seo.

Fág freagra ar 'Cé leis a rachaidh gadhar Lanty McHale ag Ard-Fheis Fhianna Fáil?'