‘Táim ag cuimhneamh ar na mairbh ana-chuid, ach tá sé tábhachtach cuimhneamh ar na mairbh’

Tá an clár ceoil ar RnaG ‘An Taobh Tuathail’ le Cian Ó Cíobháin 25 bliain ar an aer. Labhair an craoltóir le Tuairisc agus roghnaigh 25 port dúinn mar cheiliúradh

‘Táim ag cuimhneamh ar na mairbh ana-chuid, ach tá sé tábhachtach cuimhneamh ar na mairbh’

Réabhlóidí séimh is ea Cian Ó Cíobháin, an craoltóir agus ceirneoir atá ag ceiliúradh cúig bliana fichead ag láithriú a chlár ceoil éagsúil An Taobh Tuathail ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo. Cuireadh tús leis an gclár i mí na Bealtaine 1999 agus beidh seachtain cláracha ceiliúrtha á craoladh aige agus ceol nua nár craoladh in aon áit cheana le cloisteáil mar chuid de.

Nuair a chuaigh Ó Cíobháin chuig RTÉ Raidió na Gaeltachta cúig bliana fichead ó shin agus smaoineamh aige do chlár ceoil éagsúil don stáisiún, bhí sé ag cur tús leis an gcéad chlár dá leithéid riamh. Ceol éagsúil ó thíortha ar fud an domhain a bhí á sheinm aige agus an láithreoireacht á dhéanamh trí Ghaeilge. Ní raibh aon mhúnla leagtha síos don chlár a bhí sé ag iarraidh a chur i láthair.

Chuaigh Ó Cíobháin ag obair go sealadach i stiúideo RTÉ RnaG i gCasla, Conamara, mar chraoltóir leanúnachais agus ag léamh faisnéisí aimsire nuair a d’fhág sé an ollscoil i nGaillimh sna 1990idí.

Thagadh críoch le craoladh an tráthnóna timpeall a hocht a chlog an uair sin, ach go luath sa mbliain 1999 fógraíodh go gcuirfí uaireanta a’ chloig breise le craoladh na hoíche ar an stáisiún.

Ní raibh ó Chian ach gaoth an fhocail chun a chur ina luí ar a fhostóirí go mbeadh ar a chumas clár fónta ceoil oíche a chur i láthair. Chuir sé fiche leathanach de na moltaí a bhí aige i láthair na mbainisteoirí.

“Mhol siadsan go gcuirfí an clár ar an aer seacht n-oíche na seachtaine agus go mbeadh mise á chur i láthair ceithre oíche agus Rónán Mac Aodha Bhuí na trí oíche eile,” a deir Cian.

“An chéad chúpla bliain ar an aer, bhíos ar an aer i dteannta Rónáin. Bhíomar ar nós yin agus yang an bheirt againn. Bhíomar ana-mhór le chéile.”

Chuir sé aithne ar Rónán cúpla bliain sular thosaigh siad ag cur an chláir i láthair lena chéile.

“Toisc go raibh dúil ag an mbeirt againn sa cheol chasaimis lena chéile ag ócáidí Gaelacha, is dóigh. Bhí craic iontach againn. Ba é Rónán, is dóigh liomsa, duine de na tráchtairí is fearr, is nádúrtha a chuala mé ar aon stáisiún in aon teanga.

“Bhíodh script agamsa ar dtús! Ach bhí Rónán breá in ann labhairt is é ag rá ‘téanam ort’ liomsa mar spreagadh. An scanradh a bhíodh ar Rónán ná nach mbeadh a dhóthain ceoil aige!”

Tá sé tábhachtach, a deir Ó Cíobháin, an cloch mhíle a cheiliúradh agus a chomóradh agus cuimhneamh ar na daoine a bhí leat ar an mbóthar, na daoine atá fós ann agus na daoine atá imithe ar shlí na fírinne.

“Is dóigh go bhfuil sé tábhachtach cloch mhíle mar seo a cheiliúradh. Tá daoine ag rá liomsa go bhfuilim ana-morbid sna hagallaimh seo atá á ndéanamh agam le cúpla seachtain anuas! Tá mé ag cuimhneamh ar na mairbh ana-chuid. Ach tá sé tábhachtach cuimhneamh ar na mairbh.”

Tá Cian ag tagairt do Rónán ach ag tagairt freisin do cheoltóirí a raibh baint acu leis an gclár i gcaitheamh na mblianta. Daoine mór le rá atá imithe uainn anois, ar nós Sinéad O’Connor, agus go leor ceoltóirí nach raibh cáil chomh forleathan sin orthu ach a mbíodh a gcuid ceoil á chasadh go minic aige ar An Taobh Tuathail. Luann sé ceoltóiri ar nós Ryuichi Sakamoto, Mira Calix, agus Susumu Yokota a cailleadh le blianta beaga anuas.

“Táimse ag cuimhneamh ar na daoine a raibh samhlaíocht ag baint leo, a bhí cruthaitheach, a raibh baint acu leis an gclár atá imithe uainn anois ach a gcuimhneofar orthu go deo trína gcuid ceoil agus aon uair a gcasfaidh mé iad ar an raidió amach anseo cuimhneoidh mé orthu chomh maith.”

Is dóigh leis an gCíobhánach gur mhair an clár le cúig bliana fichead toisc go bhfuil muinín ag daoine as. Tá éagóir, dar leis, á déanamh ar go leor ceoltóirí ag na stáisiúin raidió is iad i gcónaí ag casadh an rogha bheag chéanna amhrán leis na ceoltóirí céanna.

“Uaireanta éistim le stáisiúin eile agus caithim súil ar cad atá á chasadh acu. Casann siad réimse ana-chúng ar fad. Casann siad na hamhránaithe céanna gach uair a chloig agus, dáiríre, dá gcasfaidís rud éigin níos suimiúla táim cinnte go mbeadh suim ag daoine éisteacht leis.

“Tá fochultúir cheoil ar fud an domhain a thugann daoine le chéile agus tá sé tábhachtach ardán a thabhairt dóibhsean ar na haerthonnta náisiúnta agus idirnáisiúnta ar fud an domhain. Is dóigh liom go bhfuil neamhaird agus éagóir á déanamh ar chuid acu ag na stáisiúin raidió.”

“Tá éirithe leis an seó go dtí seo mar nár tháinig aon laghdú sa dúil atá agam ceol nua a aimsiú. Dúirt éisteoir liom gur cheap sí gur fíorsheirbhís craolta poiblí do dhaoine gur dúil leo ceol atá ann. Is údar bróid dom an méid sin a chlos,” a deir Ó Cíobháin.

Creideann sé ó go bhfuil daoine chomh gnóthach na laethanta seo go gcaitheann siad muinín a bheith acu go ndéanfaidh duine paiseanta tochailt ar a son chun teacht ar phlúr an cheoil.

Tá sé féin fiosrach i gcónaí agus tá suim dhiongbháilte aige i gceolta na cruinne. Chuir aimsir na paindéime borradh in athuair ar a chaidreamh leis an gceol, a deir sé, is thug sé an spás dhó a bheith ag éisteacht arís le ceol gan aon bhrú ama air.

“Na blianta go rabhamar ag clutharú bhí sé ar nós go rabhas thar n-ais i mo dhéagóir arís. Bhíos liom féinig cuid mhaith de, agus ag éisteacht le ceol agus bhí dlúthcheangal agam leis an gceol nár bhraitheas ó bhí mé i mo dhéagóir.

Níl aon chineál ceoil ar leith a roghnaíonn sé don chlár ach go mbíonn sé ag lorg ceangal leis an gceol.

“Píosa ceoil a chuireann gliondar orm, ceol a chuireann sceitimíní orm, fuaim éigin ná chuala cheana. Ceangal éigin a bhuaileann mé.”

*Cuirfidh Cian Ó Cíobháin craoladh comórtha ceathrú céid An Taobh Tuathail i láthair go dtí an Aoine an 3 Bealtaine ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Tá cartlann an chláir ar fáil anseo.

25 Traic ag ceiliúradh 25 bliain An Taobh Tuathail

  1. The Prunes – The Nightside (1996)
  2. To Rococo Rot – Die Dinge Des Lebens (1999)
  3. St. Germain – Rose Rouge (2000)
  4. Villalobos – Dexter (2003)
  5. Kings Of Convenience Vs Royksopp – I Don’t Know What I Can Save You From (2001)
  6. Dead Can Dance – The Song Of The Sybil (1990)
  7. Roger Doyle (Operating Theatre) – Spring Is Coming With A Strawberry In The Mouth (1986)
  8. The Long Blondes – Fulwood Babylon (2007)
  9. Burial – Gutted (2006)
  10. The Jimmy Cake – Thugamar Féin An Samhradh Linn (2019)
  11. Fairmont – Gazebo (Sebastien Leger Remix) (2006)
  12. Mount Kimbie – Maybes (2009)
  13. Two Lone Swordsmen – Work At Night (2007)
  14. Metro Area – Miura (2001)
  15. Peter Gordon & Love Of Life Orchestra – Condo (2017)
  16. Mount Eerie – Forest Fire (2017)
  17. Wilco – Sunken Treasures (1996)
  18. Grouper – Disengaged (2008)
  19. Mike Smalle – Peggy Saturday (2021)
  20. Truss – Clawdd Du (2015)
  21. Ariel Pink’s Haunted Graffiti – Every Night I Die At Miyagis (2005)
  22. Mercury Rev – Frittering (1991)
  23. Don Downing – Dreamworld (A Tom Moulton Mix) (1974)
  24. Chequerboard – Konichiwa (2005)
  25. PolyGlove – Darius (2024)

Fág freagra ar '‘Táim ag cuimhneamh ar na mairbh ana-chuid, ach tá sé tábhachtach cuimhneamh ar na mairbh’'

  • Declan Fitzpatrick

    Is é ‘An Taobh Tuathail’ an clár raidió ceoil is ansa liom ar domhan. Maith thú, a Chiain.