Féile na Bealtaine i gCorca Dhuibhne, Féile Joe Éinniú i gCarna agus ceolchoirm ar son Gaza ar an gCeathrú Rua

Sa cholún seo tá moltaí ag meitheal Tuairisc faoi na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir, na hócáidí, na féilte agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh...

Féile na Bealtaine i gCorca Dhuibhne, Féile Joe Éinniú i gCarna agus ceolchoirm ar son Gaza ar an gCeathrú Rua

FÉILTE

30 bliain d’Fhéile na Bealtaine i gCorca Dhuibhne

Tá Féile na Bealtaine ag ceiliúradh 30 bliain ar an bhfód i mbliana. Cuirfear tús le féile na bliana seo ar an Déardaoin, an 2 Bealtaine agus leanfaidh sí ar aghaidh go dtí an Luan, an 6 Bealtaine. Tá clár mór imeachtaí curtha i dtoll a chéile d’fhéile na bliana seo ar fud Chorca Dhuibhne.

Féile dhátheangach a bheidh ann agus imeachtaí liteartha, drámaíocht, ceol, greann, taispeántais ealaíne, imeachtaí do pháistí agus neart eile ar chlár na bliana seo.

Is é an Dr Michael Fanning, file agus dochtúir teaghlaigh, a chuir tús leis an bhféile sa mbliain 1994. Bhásaigh Fanning sa mbliain 2010 agus ó shin i leith, lean an coiste ar aghaidh ag cur na féile ar bun gach bliain. Tá siad ag ceiliúradh 30 bliain ar an bhfód i mbliana.

Seolfaidh Muiris Ó Fiannachta an fhéile go hoifigiúil ag ócáid ag a 1:00 in. ar an Déardaoin, an 2 Bealtaine sa Sean-Bhádchlós, áit a mbeidh cúpla steip ó David Geaney agus ceol le Marck Crickard agus Morris McKenna.

Beidh taispeántas grianghrafadóireachta le Seán Ó Mainnín an tí seo ar bun in Oifig Turasóireachta an Daingin ón Déardaoin, an 2 Bealtaine go dtí an Luan, an 6 Bealtaine. Pobal Fungie an teideal atá ar an taispeántas seo ina gcaitear súil siar ar an deilf Fungie agus a chairde ó na blianta 1988–1992.

Chaith Seán Ó Mainnín mórchuid ama ag glacadh pictiúr i mBéal Chuan an Daingin sna blianta sin, agus fearacht na mílte cuairteoir eile, é faoi dhraíocht ag groíúlacht na deilfe Fungie. Is ón tréimhse sin a thagann a leabhar Ireland’s Friendly Dolphin.

Ní hamháin gur chruthaigh Fungie cairde agus lucht leanúna i bhfad is i ngearr, ach rinne sé muintearas le pobal ar leith timpeall air féin; na bádóirí a thug paisinéirí chomh fada leis ar feadh beagnach dhá scór bliain.

I measc na n-imeachtaí eile a bheidh ar bun, beidh taispeántas ealaíne le Dómhnal Ó Bric, Cruach Mhárthain: Feic ‘s Fiche. Seasann Cruach Mhárthain go feiceálach i measc shléibhe iarthar Duibhneach. Léiríonn na híomhánna an seasamh sin le leagain súl éagsúla ag breathnú ar an gceangal leis an gceantar mórthimpeall air.

Beidh scéalaíocht le Tomás Ó Luing sa Dingle Garden Townhouse ar an Déardaoin freisin óna 7 go dtí an 8 tráthnóna. D’fhás Tomás Ó Lúing aníos sna seascaidí agus i dtús na seachtóidí sa chéad seo caite. San am sin, bhí deireadh ag teacht leis an mbothántaíocht agus le saol ná raibh mórán athruithe tagtha air roimhe sin ar feadh na nglúnta ó thaobh na scéalta agus scéalaíochta. Bhí an t-ádh dearg air, dar leis féin, go bhfuair sé blaiseadh beag den oidhreacht sin sa mbaile agus sa gcomharsanacht. Sa chaint seo tugann sé éachtaint ar chuid bheag den saol sin. Gan amhras beidh scéal nó dhó aige dúinn chomh maith.

Níl ansin ach blaiseadh beag as na himeachtaí a bheidh ar bun. Tá clár na féile le fáil anseo.

 

Pictiúr clúiteach Sheosaimh sa taispeántas. Le caoinchead Ollscoil Washington

Féile Joe Éinniú ag comóradh dhá scór bliain ó bhásaigh Seosamh Ó hÉanaí

Beidh Féile Joe Éinniú ar bun ón Aoine an 3 Bealtaine go dtí an Luan an 6 Bealtaine i gCarna. Tá an fhéile ag comóradh dhá scór bliain ó bhásaigh Seosamh Ó hÉanaí, an t-amhránaí iomráiteach ar an sean-nós as Carna. Beidh fáiltiú agus oscailt oifigiúil na féile ar bun ar an Aoine, an 3 Bealtaine in Áras na hOllscoile i gCarna, tráth a sheolfaidh Toner Quinn, ceoltóir agus eagarthóir na hirise The Irish Journal of Music, féile na bliana seo.

Ina dhiaidh sin beidh ócáid chuimhneacháin ar siúl, Ó Aird an Chaisleáin go Seattle: Comóradh agus Cuimhní ar Shaol agus Saothar Joe Éinniú. Cuirfidh an cartlannaí Mícheál Ó Lochlainn ábhar ó Chartlanna Sheosamh Uí Éanaí i láthair mar chuid den ócáid. Beidh na haoichainteoirí Máire Nic Fhinn i láthair, chomh maith le Néilidh Mulligan agus Seán Williams, comhúdar le Lillis Ó Laoire ar an leabhair Bright Star of the West: Joe Heaney, Irish Song Man.

I measc na n-imeachtaí ar an Satharn beidh ceardlanna ar na lúibíní agus an amhránaíocht do dhaoine óga. Tabharfaidh Fearghas Mac Lochlainn ceardlann sna lúibíní maidin Dé Sathairn, is beidh ceardlanna amhránaíochta ar bun le Micheál Ó Cuaig agus le Eithne Ní Chatháin. Beidh seisiún ceoil na n-óg ar bun ag 12:30pm le ceoltóirí óga na háite agus aíonna. Cuirfear seisiún amhránaíochta mór na féile ar bun Tigh Mhórain ag 2:30pm. ar an Satharn le fonnadóirí áitiúla agus aoifhonnadóirí isteach. Beidh seisiún ceoil Tigh Leavy ar an Satharn freisin ag a 3:00pm.

Cuirfear ceolchoirm mhór na féile ar bun in Ionad na nImirceach tráthnóna Dé Sathairn, is é Séamus Ó Flatharta a bheidh ina fhear an tí agus beidh grúpa mór ceoltóirí agus fonnadóirí ina theannta ar an oíche.

Leanfar leis na himeachtaí ar an Domhnach. Beidh Aifreann na Féile i Séipéal Mhuire i gCarna agus é á chraoladh beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Beidh comórtas amhránaíochta na n-óg ar bun ag 2:00pm in Áras na hOllscoile. I measc na gcomórtas beidh Corn Cuimhneacháin Joe Éinniú (faoi 15) agus Corn Cuimhneacháin Shiobhán Uí Neachtain (faoi 18) ar bun.

Níos deireanaí san iarnóin in Áras na hOllscoile beidh an cnuasach filíochta nua le Aingeal Ní Chualáin Dhá Scór Eala á sheoladh ag Jackie Mac Donncha ag a 4pm. Ina dhiaidh sin seolfar an láithreán gréasáin nua Ceol na Mara le Micheál Ó Lochlainn. Is é an Coimisinéir Teanga Séamas Ó Concheanainn a sheolfaidh an suíomh nua ar comóradh agus ceiliúradh é ar Mháire Ní Ghuairim (1896–1964), amhránaí, craoltóir agus scríbhneoir.

Tá clár na féile le fáil ar leathanach Facebook Féile Joe Éinniú.

 

TAISPEÁNTAS

Cronán na mBeach i Músaem Shaol na Tuaithe

Tá tús curtha le taispeántas speisialta in onóir na mbeach in Ardmhúsaem na hÉireann, Saol na Tuaithe i gCaisleán an Bharraigh. Crónán na mBeach | The Murmur of Bees an teideal atá ar an taispeántas ina ndéantar cur i láthair ilmheán ar dhomhan na mbeach Éireannach. Ceiliúradh ar dhraíocht na mbeach in Éirinn atá sa taispeántas, an ról lárnach atá acu sa nádúr agus ar an gceangal speisialta atá againn leo.

Tá níos mó ná 100 speiceas éagsúil beach againn in Éirinn, ach ní dhéanann ach cineál amháin beach in Éirinn mil. Tugtar suntas don tionchar a bhí ag na beacha ar chultúr na hÉireann leis na céadta bliain agus tá saothar ealaíne cruinnithe le chéile mar chuid den taispeántas. Ina measc tá an ‘Bee Dress’ le Alice Maher.

Ar cheann de na hiontais, tá léaráid álainn de Naomh Gobnait lea rinne an t-ealaíontóir gloine dhaite móraitheanta Harry Clarke (1889–1931). Tá scéal Naomh Gobnait sa taispeántas seo agus an chúis gurb ise Naomh-Phátrún na mBeach.

Beidh an taispeántas ar bun go dtí Samhradh 2025. Tuilleadh eolais anseo.

 

CEOLCHOIRM

Plean Straitéiseach COGG 2023-2027 agus Bronnadh ‘Gnáthóga na Gaeltachta’
Ceoltóirí Óga Chois Fharraige ag seinm don slua.

Cairde na Palaistíne i mbun ceoil ar an gCeathrú Rua

Dé Sathairn beag seo, an 27 Aibreán beidh oíche cheoil ar siúl i Scoil Mhic Dara ar an Cheathrú Rua ar son mhuintir Gaza.

Cairdeas Falasteen Chonamara atá ag eagrú na hócáide.

I measc na gceoltóirí a bheidh ar stáitse chun tacaíocht a léiriú do mhuintir na Palaistíne beidh Treasa Ní Ceannabháin, Síle Denvir, Peadar-Tom Mercier, Barry Kerr agus Ceoltóirí Óga Chois Fharraige. Cuirfear ar fáil chomh maith eolas faoin bhfeachtas Baghcat Dífheistiú Smachtbhannaí (BDS) agus i measc na n-aoichainteoirí beidh Dina Abusehmoud, as an bPalaistín, Aindriú de Buitléir agus Róisín Ní Chinnéide.

Praghas an ticéid €20, a bhronnfar ar an gcarthanacht Muslim Care Malaysia Society atá ag fóirithint ar Gaza in am an ghátair. Tosóidh an cheolchoirm ag 7:30pm.

 

TURAS

Oilithreacht na Gaeilge go Cnoc Mhuire

Beidh Oilithreacht na Gaeilge i gCnoc Mhuire ar bun ar an Domhnach 28 Aibreán agus an t-aifreann ar bun ag 3:00 i.n. Is é an tAthair Séamus Ó hÉanaigh, Uachtarán Chumann na Sagart, príomhcheiliúraí an aifrinn agus an tAthair Frainc Mac Brádaigh, a thabharfaidh an tseanmóir. Beidh an searmanas ar siúl i Séipéal an Pharóiste, Cnoc Mhuire agus cuirfear Sacraimint na nEaslán ar fáil.

Fág freagra ar 'Féile na Bealtaine i gCorca Dhuibhne, Féile Joe Éinniú i gCarna agus ceolchoirm ar son Gaza ar an gCeathrú Rua'