MIONLÉIRMHEAS: Ré na n-oibrithe agus fadhb na turasóireachta

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo, leabhar in ómós do na hoibrithe a chuaigh romhainn agus éachaint ar dhomhan a bhfuil an éagsúlacht ann ag meath

MIONLÉIRMHEAS: Ré na n-oibrithe agus fadhb na turasóireachta

Workers
Foilsithe ag Taschen
€80.00

Táimid ag obair lenár lámha ón gClochaois ar aghaidh. Ach ar thug tú faoi deara go bhfuil níos lú agus níos lú oibrithe ann? Is é atá sa leabhar seo ná ómós do na hoibrithe a chuaigh romhainn mar nach mbeidh a leithéidí arís ann.

Is fíor go bhfuil oibrithe fós ann agus seanmhodhanna in úsáid acu, ach cén fhaid eile a bheidh siad linn?

Fadhb na Turasóireachta

Small World
Grianghraif le Martin Parr
Foilsithe ag Dewi Lewis Publishing, 2024.
112 lch
86 pláta daite
Toisí: 9½x11¾”

Sa bhliain 1996 a foilsíodh an chéad eagrán den leabhar seo agus níl a thionchar tar éis dul i laghad puinn ó shin.

Ní raibh sé riamh as cló agus caithfear na múrtha fáilte a chur roimh an eagrán leasaithe seo. Leabhar a dhíríonn ar an turasóireacht is ea Small World.

Cén duine againn sa Chéad Domhan nach turasóir é? Chaith turasóirí €5.3 billiún in Éirinn anuraidh, mar sin cé a cháinfeadh tionscal a ligeann dúinne taisteal a dhéanamh agus ar gé na n-ubh órga don tír seo é chomh maith? Freagra: Martin Parr.

Féachann Parr ar an gcultúr domhanda – domhan a bhfuil an éagsúlacht ann ag meath – agus sa tóir ar chultúir éagsúla, milltear
na cultúir chéanna sin, gan trácht ar an lorg carbóin a fhágann gach turasóir ina dhiaidh.

Táim tar éis féachaint ar shaothar Parr ar shuíomhanna éagsúla agus taitníonn sé seo liom, grianghraf a ghlac sé i gCill na Manach,
Co. Chorcaí, agus an ceann faoina bhun a glacadh sa Veinéis:

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Ré na n-oibrithe agus fadhb na turasóireachta'

  • Carraig

    Ní dóigh liom go mbaineann ceachtar den dá phictiúr sin le Cill na Manach ar chuma éigin!
    Ar an bpláta agus ní ar an gceann a bhíonn na colúir ansin!