‘Bhuf!’ Páistí ag léamh lena madraí do chomórtas ‘Dog Man’ na Gaeilge 

Tá comórtas faoi lán seoil atá bunaithe ar Dog Man Scéal an Dá Phuisín, an t-aistriúchán Gaeilge is déanaí sa tsraith cháiliúil, a bheidh á fhoilsiú san fhómhar

‘Bhuf!’ Páistí ag léamh lena madraí do chomórtas ‘Dog Man’ na Gaeilge 

Bhuf! Bhuf! Bhuf! Tá comórtas spraíúil do léitheoirí óga na Gaeilge fógartha ag na foilsitheoirí Futa Fata. Tugann an comórtas ‘Dog Man’ deis do na léitheoirí a bheith ina gcuid de cheann de na sraitheanna leabhar is rathúla dá bhfuil ann.

Tá an comórtas bunaithe ar Dog Man Scéal an Dá Phuisín, an t-aistriúchán Gaeilge is déanaí sa tsraith cháiliúil, a bheidh á fhoilsiú ag Futa Fata san fhómhar.

Sa leagan Béarla den leabhar, tá pictiúir de léitheoirí óga ag léamh lena gcuid madraí agus don eagrán Gaeilge, tá Futa Fata ag iarraidh na leathanaigh sin a líonadh le pictiúir de léitheoirí ag léamh Dog Man as Gaeilge lena madraí.

Is féidir le léitheoirí óga na Gaeilge pictiúir a thógáil díobh féin agus iad ag léamh aon cheann de na leabhair Dog Man as Gaeilge lena madra.

Tá Futa Fata ag obair faoi láthair ar an eagrán Gaeilge den tríú leabhar sa tsraith Dog Man le Dav Pilkey. Bhí an-tóir ar an dá leabhar sa tsraith a foilsíodh I nGaeilge go dtí – Dog Man agus Dog Man Scaoilte Amach. Máirín Ní Mhárta a d’aistrigh go Gaeilge iad.

Sraith úrscéalta grafaice do léitheoirí óga is ea Dog Man agus é scríofa ag Dav Pilkey. Tá cáil bainte amach ag Pilkey as leabhair spraíúla, thaitneamhacha do dhaoine óga a scríobh, leabhair a bhíonn éasca le léamh agus lán le greann. Is ar léitheoirí idir 6-9 mbliana d’aois is mó atá an tsraith dírithe.

Tá go dtí an 22 Aibreán ag léitheoirí óga lena bpictiúir a sheoladh isteach ag Futa Fata le bheith istigh ar an gcomórtas. Ina dhiaidh sin roghnófar na pictiúir a bheidh le foilsiú sa gcéad leabhar eile sa tsraith Dog Man as Gaeilge.

Gach eolas agus rialacha an chomórtais le fáil ar rannóg nuachta shuíomh idirlín Futa Fata anseo.

Fág freagra ar '‘Bhuf!’ Páistí ag léamh lena madraí do chomórtas ‘Dog Man’ na Gaeilge '