Cuirfear ceist nó dhó ar Dhún na nGall ach beidh na freagraí acu

Bhí 182 lá ag Dún na nGall réiteach do luíochán na seachtaine seo caite in aghaidh Dhoire – seachtain amháin a bhí acu le bheith ag prapáil do Thír Eoghain

Cuirfear ceist nó dhó ar Dhún na nGall ach beidh na freagraí acu

Is cuimhin liom go maith an cluiche céad bhabhta idir curaidh uile-Éireann, Doire agus an Dún i ndeireadh na Bealtaine 1994 – nach mór 30 bliain ó shin.

Ní rabhas féin ach tosnaithe ag imirt i ngrád na sinsear le Ciarraí ach dob iad an dá fhoireann sin – Doire agus an Dún – an slat tomhais don uile dhuine againn an uair úd.

Áirítear an cluiche a imríodh fé ghrian na Bealtaine i bPáirc na gCeilteach ar cheann des na cluichí ab fhearr riamh agus ag féachaint arís ar Youtube ar leithéidí Tohill, McGilligan, Brolly, Linden, McCartan agus Carr an tseachtain seo, seasann sé leis féin mar cheann de shárchluichí na linne.

D’athraigh an cluiche sin cúrsa na caide i nDoire ar feadh na mblianta ina dhiaidh toisc gur thug sé leithscéal i bhfómhar na bliana 1994 do Bhord CLG Dhoire bata agus bóthar a thabhairt go slim, sleamhain, claonbheartach dá mbainisteoir Eamonn Coleman.

Lean cogadh cathartha caide díbirt Coleman agus ní bheadh sé i ndán do Dhoire (ná go deimhin do chontae an Dúin) oiread is aon chraobh uile-Éireann amháin a bhuachtaint ó 1994 amach.

Dé Sathairn seo caite san ionad céanna ina imríodh clasaic na bliana 1994, d’fhág Doire slán, gan choinne, arís le craobh Uladh.

Níl ann ach slán go fóill an uair seo, áfach, agus tar éis dóibh ceithre seachtaine machnaimh, marana agus athmhúscailte a dhéanamh, b’fhéidir go mbeadh sé i ndán do Dhoire, má ritheann leo, seacht gcinn de chluichí eile a imirt idir seo agus deireadh na craoibhe.

Pé cnáimhseáin agus pé cáiseamh atá ar bun againn fés na craobhacha cúige atá ag teannadh le deireadh agus pé cur is cúiteamh atá á dhéanamh le seachtainí anuas fé mhúnlaí caide, ní dóigh liom go bhféadfadh aoinne a áiteamh nach chun leas na n-imreoirí agus an lucht féachana atá leagan amach na craoibhe caide sa lá atá inniu ann.

I gcás Dhoire, is sa mhí amach romhainn a chruthóidh Mickey Harte agus a bhuíon bainistíochta a ndintiúirí i gceart agus cé gur léir nach bhfuil an tríú craobh Uladh as a chéile i ndán do Dhoire, tá seans i bhfad níos fearr acu ar chraobh na hÉireann a bhuachtaint ná mar a bhí an dtaca seo an tseachtain seo caite.

Mar sin, agus coicíos den Scairbhín, geall leis, curtha dínn againn, táimid ag treabhadh linn trí na craobhacha cúige agus is gearr uainn fios maidir le rangú agus réimniú na bhfoirne sara dtosnóidh corn Sam Mhig Uidhir i gceart leis na babhtaí ins an ceithre ghrúpa.

Níl aon amhras ná go mbeidh Áth Cliath i gcluiche ceannais Laighean agus i ndáiríre níl de dhúshlán roimis Uíbh Fhailí ach an chaid a choimeád lascáilte amach chuchu agus uathu. Sa chluiche leathcheannais eile, áfach, tá deis ag Cill Dara rud éigin fónta a bhaint as 2024 más mall féin é. Má bhuann Cill Dara ar chontae Lú i bPáirc a’Chrócaigh amárach, ní hamháin go mbeidh siad i gcluiche ceannais Laighean ach beidh éirithe leo iad féin a shlánú ón ainnise atá á leanúint ó thús na bliana. Don Iarmhí is measa é má bhíonn rith an ráis le Cill Dara amárach toisc go mbeidh siad ag filleadh ar Chorn Tailteann ainneoin a ngaisce sa tsraith.

Ní hé deireadh an tsaoil ar fad é ag an Lú má chailleann siad siúd mar sé is dóichí ná go mbuafaidh Áth Cliath ar Uíbh Fhailí agus go mbuafaidh Ard Mhacha ar chontae an Dúin, rud a fhágfadh go mbeadh an Lú fós i gCorn Sam Mhig Uidhir ach iad a bheith i rannóg a ceathair le Corcaigh, an Cabhán is an Mhí seachas i rannóg a dó le tánaistí na Mumhan, Chonnacht, agus Uladh.

Má tá an méid sin ar fad ag cur an dubh ina gheal ort agus má thaitníonn caid bhunúsach, caid dhubh is bán leat, b’fhéidir gur thar n-ais i bPáirc na gCeilteach a bheidh san le feiscint amáireach.

Bhí 182 lá ag Dún na nGall agus iad ag réiteach do luíochán na seachtaine seo caite in aghaidh Dhoire. Seachtain amháin, sin uile, atá ag an mbuíon chéanna le bheith ag prapáil do Thír Eoghain. Ní bheadh Tír Eoghain inchurtha le Doire na laethanta seo, ná baol air, ach tá sé ana-dheacair d’aon fhoireann leathbhliain a chaitheamh ag tiargáil don dtaispeántas agus a bheith ag súil go dtiocfaidh an leibhéal céanna taispeántais i ndúshlán atá go hiomlán éagsúil seachtain dár gcionn.

Thóg sé am breise ar Thír Eoghain an Cabhán a chur de dhroim seoil agus bunaithe ar an slat tomhais sin, ní bheidh puinn dua ag Dún na nGall leo. Bhí go leor samplaí in imirt Thír Eoghain coicíos ó shoin a thabharfadh le tuiscint gur foireann iad a thógfaidh tamall le múnlú i gceart. Tógann a gcuid imreoirí óga an rogha mhícheart arís is arís eile agus bíonn an chuma orthu uaireanta ná fuil a fhios go baileach acu cén ról atá leagtha amach dóibh sa bhfoireann.

Ní fhéadfaí an rud céanna a rá fé na himreoirí is lú taithí i bhfoireann na gConallach –  leithéidí Mark Curran agus Ciarán Moore, mar shampla.

Ní dócha go dtiocfaidh Dún na nGall le haon chlaochló míorúilteach in imeacht seachtaine ar a múnla imeartha ach ní dócha go mbeidh gá leis ach an oiread. Tá Tír Eoghain ag luí go trom ar Darren McCurry agus Darragh Canavan agus is fusa dul amach ar a gcur chuige chun tosaigh anois ná aon uair eile le blianta fada.

Ní i gcónaí a éiríonn le Dún na nGall dhá thaispeántas maith i ndiaidh a chéile a thabhairt agus níl aon amhras nach luífidh Tír Eoghain béal fúthu amach. Cuirfidh foireann Bhrian Dooher ceist nó dhó ar Dhún na nGall ach is ceisteanna iad go mbeidh freagraí orthu má tá na Conallaigh leath chomh maith is a taibhsítear dúinn.

 

Fág freagra ar 'Cuirfear ceist nó dhó ar Dhún na nGall ach beidh na freagraí acu'