Is iad foireann Ard Mhacha na bliana 1999 a bheidh á gcur os comhair an tslua ag leath ama i gcluiche ceannais Uladh i bPáirc Naomh Tiarnach i gCluain Eois amáireach. Ní bheidh a gceann feadhain cosanta ón mbliain sin, Kieran McGeeney, i láthair áfach, toisc go mbeidh dóthain cúraim sa tseomra feistis air le himreoirí na bliana 2024.
Beag an baol, áfach, ná go dtapóidh lucht leanúna Ard Mhacha an deis dul siar ar bhóithrín na smaointe go dtí an lá úd cúig bliana fichead ó shin nuair a bhí fuascailt i ndán dóibh tar éis seacht mbliana déag gan craobh Uladh.
Cuimhneofar go háirithe ar a gcaptaen, Jarlath Burns, a bhí ag teannadh le deireadh ré mar pheileadóir tar éis na mblianta fada ag fuirseadh is ag fadhbáil, ag rómhar is ag riastáil gan puinn toradh ar a shaothar go dtí an lá cinniúnach san i samhradh 1999.
Cuimhneofar chomh maith ar an dtine a d’adhain leithéidí Marsden, McGrane, McEntee, McKeever, McDonnell, McNulty agus an máistir é féin, Oisín McConville, an bhliain úd, tine nár múchadh i gceart go dtí go mbuaigh Ciarraí i gcluiche ceathrú ceannais na hÉireann orthu in 2006.
Is minic é ráite ag Oisín McConville go raibh sé ceart ag an mbuíon san a bhí ag Ard Mhacha idir 1999 agus 2006 níos mó ná craobh uile-Éireann amháin a bheith beirthe leo acu sa tréimhse sin ach b’fhéidir go raibh sé de mhí-ádh leo bheith ag bolathaíl timpeall na craoibhe ag tráth go raibh Ciarraí, an Ghaillimh agus an Mhí ábhar beag níos tréine ná iad i dtús a ré agus Ciarraí, Tír Eoghain agus Corcaigh mar chéilithe comhraic i ndeireadh a ré.
Pé scéal é, ní dhéanfaimidne i gCiarraí dearmad go deo ar an gcraobh a bhuaigh Ard Mhacha in 2002 agus is beag orainn na haon lá a luaitear linn é.
Tá macallaí na bliana 1999 le clos an tseachtain seo agus iarrachtaí ar bun an athuair an tine sin a ghríosadh arís. Beifear ag glaoch aniar ar sprid na bliana 1999 i gCluain Eois amáireach cé gur dócha nach é McGeeney féin a bheidh ag fógairt ar na sinsir. Tar éis briseadh croí na bliana seo caite i gcluiche ceannais Uladh, tuigeann sé siúd níos fearr ná cuid eile againn an teora atá le luach an athdhúchais.
Tá an cluiche athraithe ó bhonn sa cheathrú céid sin ó 1999. Tá rithim na himeartha ana-dhifriúil inniu agus tá éirim agus anam na n-imreoirí féin fé gheasa is fé cheilt ag múnlaí dochta duairce an riachtanais agus ag srathair na seisce a thagann leis na múnlaí céanna.
Ná bímis ag caitheamh anuas ar imreoirí an lae inniu agus sinn ag cáiseamh an tseanashaoil. Níl acu ach mar a síneadh chuchu.
Níl aon amhras ná go bhfuil Jarly Óg Burns níos cumasaí ná a athair i mórán slite. Is deacair dom a shamhlú go bhféadfadh Kieran McGeeney an lá is fearr a bhí aige pointí ealaíonta a aimsiú le taobh na bróige (ní cuimhin liom iad ach go háirithe) mar a dheineann Aidan Forker sa líne leathchúil inniu agus níl aon dul go raibh Oisín McConville, dá fheabhas é, chomh tréan tathagach is atá a nia, Rian O’Neill.
Géillim i gcónaí don rud a dúirt Christy Ring féin an lá a d’fhág sé slán leis an imirt – “tá plúr na n-imreoirí fós le teacht.”
Canathaobh mar sin go bhfuil mo leithéidse chomh bréan bailithe den imirt idirchontae? Canathaobh gur dóigh liom gur féidir le Martin McNally an chaid a chaitheamh in airde ar a 4 a chlog amáireach, go raghad chun muga tae a dhéanamh, go n-éisteod le Damien Ó Dónaill ar Raidió na Gaeltachta don gcéad leath agus cuid den dara leath agus gur dócha go bhfillfead ar na pictiúirí teilifíse don 10 nóimeat deireanach mar a dheineas do chluiche ceannais na sraithe idir na foirne.
Déarfadh daoine go raibh ana-choimhlint ann an lá úd agus ní lia duine ná tuairim. Creidimise áfach gur léiriú iad na cluichí seo ar an uile locht atá ar an gcluiche féin mar atá sa bhliain 2024. Ní hionann san is a rá nach bhfuil a áilleachtaí agus a iontaisí féin ag baint leis an imirt idir dhá fhoireann stóinsithe atá ag cocaíocht lena chéile ach níos minicí ná a mhalairt, caithfir a bheith i láthair i lár an aonaigh chun an áilleacht sin a fheiscint agus na hiontaisí a bhraistint.
Ní bhead i gCluain Eois amáireach agus b’fhéidir gur mé fhéin a bheidh thíos leis.
Ar mhaithe leis an gcluiche féin tá súil agam go mbeidh deiseanna againn leithéidí Stefan Campbell ar thaobh amháin agus Daire Ó Baoill ar an dtaobh eile a fheiscint ar séirse trí na mogaill chosanta, go mbeidh aga ag Rian O’Neill agus Ryan McHugh a gcuid ealaíon a chleachtadh beag beann ar rithim an chluiche, go mbláthóidh Oisín Gallen ar an lá mór mar is féidir leis, go gcífimid cúpla lascadh ciotógach diamhair ó Rory Grugan agus Patrick McBrearty agus go bhfeicfear an chuid is fearr den imirt ón mbeirt chúl báire, Hughes agus Patton, mar bháideoirí traidisiúnta seachas iad ag iarraidh a bheith róchliste sa chúram a chuirtear orthu.
Is deacair sinn a shásamh ach b’fhéidir, leis, dá gcífimis Ard Mhacha ag nochtadh cuid de sprid na bliana 1999, gurbh fhuraist sinn a chiúnú!
Fág freagra ar 'Cuid de sprid na bliana 1999 ag teastáil ó Ard Mhacha in aghaidh Dhún na nGall'