‘Tá an séipéal sa Ghaeltacht, ach níl an carrchlós atá laistiar de’

Deir oifigeach pleanála teanga gurb iad teorainneacha na Gaeltachta an chonstaic is mó roimh an bpleanáil teanga

‘Tá an séipéal sa Ghaeltacht, ach níl an carrchlós atá laistiar de’

Teorainneacha na Gaeltachta an chonstaic is mó roimh an bpleanáil teanga in Uíbh Ráthach, a deir oifigeach pleanála teanga an cheantair.

Ag labhairt dó ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge i dTeach Laighean an tseachtain seo, dúirt Victor Bayda nach raibh “aon chiall shóisialta” leis na teorainneacha sin agus gur leagadh síos i 1956 iad gan aon aird a thabhairt “ar an bpatrún sóisialta agus cumarsáide sa phobal”.

“Tá píosaí den Ghaeltacht ann nach bhfuil ach baile fearainn amháin ann. Níl aon sráidbhaile is fiú a lua fágtha sa Ghaeltacht. Tá scoil i gCathair Dónall 230 méadar ó theorainn na Gaeltachta ach ní féidir an scoil sin, a bhfuil leanaí ón nGaeltacht ag freastal uirthi, a chlárú mar scoil Ghaeltachta.

“An scéal céanna sa Choireán, ciliméadar amháin. Tá an séipéal sa Choireán sa Ghaeltacht ach níl an carrchlós atá laistiar de. Má tá tú ag taisteal ar an bpríomhbhóthar, Mórchuaird Chiarraí, trasnaíonn tú teorainn na Gaeltachta deich n-uaire.”

Dúirt Oifigeach Pleanála Teanga Chiarraí Theas nár fágadh aon iar-bhunscoil sa Ghaeltacht nuair a leagadh síos na teorainneacha nach mór 70 bliain ó shin. Go dtí an lá atá inniu ann, níl aon iar-bhunscoil lán-Ghaeilge i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh, ar sé.

“I 1999 nuair a cuireadh le chéile na trí scoil a bhí ann agus nuair a bunaíodh Coláiste na Sceilge, d’éirigh le gníomhaithe teanga Aonad Lán-Ghaeilge a bhunú ann. Go dtí sin ní raibh aon soláthar meánscolaíochta trí Ghaeilge sa cheantar.

“Leis na constaicí seo ar fad anuas ar an titim 40% sa daonra le 50 bliain agus laigeachtaí eacnamaíochta le níos faide ná sin, is míorúilt é go bhfuil aon Ghaeilge fágtha in aon chor in Uíbh Ráthach.”

Dúirt Victor Bayda gur léiriú ‘ar thiomantas an phobail don teanga’ an t-ardú 10% a tháinig idir 2016-2022 ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais i nGaeltacht Chiarraí Theas.

Dúirt Bayda gur eascair ceist do chur chuige na pleanála teanga as cás Uíbh Ráthaigh.

“Más é go nglacfadh an pobal an fhreagracht as an teanga an aidhm atá ann, cén fáth nach ar an bpobal atá na limistéir pleanála teanga bunaithe sa chéad áit? Faoi mar atá, níl iontu ach ceantair Ghaeltachta briste suas i bhfocheantair.

“Leagadh síos na teorainneacha Gaeltachta 70 bliain ó shin agus ní do chuspóirí pleanála teanga mar a thuigtear anois í a deineadh é.”

Dúirt Aire Stáit nua na Gaeltachta Thomas Byrne le Tuairisc an mhí seo caite nach raibh sé chun aon leasú a dhéanamh ar theorainneacha na Gaeltachta, nach bhfuil aon athrú déanta orthu ó 1956.

“Níl fiú amháin bliain agamsa sa phost agus measaim go bhfuil i bhfad níos mó rudaí le déanamh agam seachas é sin i ndáiríre,” a dúirt an t-aire stáit.

Dúirt Victor Bayda gur ceann de na leighis ar fhadhb na dteorainneacha agus “deighilt an phobail” ná bunú na mbailte seirbhíse Gaeltachta amhail Cathair Saidhbhín.

“Agus tapaíodh an deis nuair a fógraíodh Cathair Saidhbhín mar bhaile seirbhíse Gaeltachta mar is ansin atá na seirbhísí den chuid is mó agus tá tábhacht ar leith le Coláiste na Sceilge ina bhfuil Aonad Lán-Ghaeilge go dtí an Teastas Sóisearach.

“Ach ó ceadaíodh an plean agus an maoiniú do Chathair Saidhbhín i mí an Mheithimh 2023 táimid ag fanacht le 11 mí, go bhfostófaí oifigeach pleanála teanga ann agus go dtosódh cur i bhfeidhm an phlean teanga.

“Dhein an pobal féin gach a bhféadfaí chun go mbeadh sé á chur i bhfeidhm –na cruinnithe, coiste, an comhfhreagras ar fad, an plean a chur le chéile agus a chur faoi bhráid an Aire – agus táimid buíoch agus táimid buíoch gur glacadh leis an bplean. Ach an fanacht ar fad, tá

sé ag cur spiorad an phobail de dhroim seoil.”

Fág freagra ar '‘Tá an séipéal sa Ghaeltacht, ach níl an carrchlós atá laistiar de’'

  • Carraig

    Tógann sé fear ón Úcráin/Rúis chun an ghealtacht/ghaeltacht seo a phoibliú agus a chur ar ár súile dúinn.
    An fhírinne shearbh.
    Tá tigh eile ann ina n-itheann an teaghlach a ndinnéar sa Ghalltacht ach go dtéann siad a chodladh sa Ghaeltacht, san aon tigh amháin.
    Is trína dtaibhrí is mó a labhrann siad sin Gaeilge ar an gcuma sin.
    An mbeidís i dteideal deontas Gaeltachta a fháil dá mba ann dó?