Sonraí faoin margadh a rinne Údarás na Gaeltachta faoi dhíol Arramara ar fáil ar deireadh thiar

Coimeádadh ina rún docht ó 2013 an t-eolas seo faoi dhíol an chomhlachta feamainne Arramara leis an gcomhlacht as Ceanada Acadian Seaplants

Sonraí faoin margadh a rinne Údarás na Gaeltachta faoi dhíol Arramara ar fáil ar deireadh thiar

Tá eolas á nochtadh den chéad uair ag Tuairisc faoi shocrú rúnda a rinne Údarás na Gaeltachta breis is deich mbliana ó shin faoi dhíol comhlacht Gaeltachta le hollchomhlacht idirnáisiúnta.

Coimeádadh ina rún docht ó 2013 an t-eolas seo faoi dhíol an chomhlachta feamainne Arramara leis an gcomhlacht as Ceanada Acadian Seaplants in 2014.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo ar dtús in 2015 bhí clásal rúndachta ag baint leis an margadh a dhein an tÚdarás le Acadian Seaplants, clásal ar cloíodh go daingean leis in ainneoin na n-iarrachtaí a dhein iriseoirí, polaiteoirí agus iomaitheoirí gnó sonraí an tsocraithe díolacháin a fháil amach.

Anuraidh féin, tuairiscíodh gur bhagair Acadian Seaplants an dlí a chur ar Údarás na Gaeltachta dá sceithfí aon eolas faoin margadh a deineadh in 2013.

Cé nár éirigh le hiarrachtaí an t-eolas a fháil faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, léirigh an Coimisinéir Faisnéise “imní mhór” faoi eagraíocht stáit a bheith ag aontú coinníoll rúndachta arbh é an toradh a bheadh air ná dualgais faoin acht a sheachaint.

Ach ar deireadh thiar is féidir le Tuairisc sonraí an mhargaidh chasta a chur ar fáil, ag áireamh an praghas a fuarthas ar an gcomhlacht stáit – idir €2.7 milliún agus €3 milliún. De réir théarmaí an mhargaidh gheobhadh Acadian Seaplants 60% de scaireanna Arramara ón Údarás ar an airgead sin.

Bhí an praghas ar díoladh na scaireanna sin bunaithe ar ocht n-uaire an brabús, roimh cáin, ús agus dímheas, a dhein an comhlacht feamainne an bhliain roimhe sin, 2012.

De réir an eolais a cuireadh faoi bhráid bhord an Údaráis ag an am, d’íocfadh Acadian €1 milliún mar thús agus an chuid eile den airgead ina thrí chuid thar thréimhse trí bliana.

Faoin socrú díolacháin gheobhadh Acadian Seaplants an 40% de scaireanna an Údaráis in Arramara nuair a bheadh clár infheistíochta €2 milliún curtha i bhfeidhm ag na húinéirí nua. Chuirfeadh Údarás na Gaeltachta deontas caipitil €300,000 ar fáil chun cabhrú leis an gclár infheistíochta.

Faoin margadh bheadh dualgas ar Acadian Seaplants an clár infheistíochta a chur i bhfeidhm thar thréimhse cúig bliana. Mura gcomhlíonfaí an coinníoll sin, d’aistreofaí an dara sciar de na scaireanna ar ais go dtí Údarás na Gaeltachta.

Chuirfeadh Údarás na Gaeltachta slánaíocht dliteanais chomhshaoil €3 milliún agus conradh slánaíochta dlíthiúla €500,000 ar fáil d’úinéirí nua Arramara mar chuid den mhargadh, socruithe a mhairfeadh cúig bliana. Cúig bliana chomh maith a mhairfeadh an tslánaíocht i dtaca le cúrsaí cánach a chuirfeadh Údarás na Gaeltachta ar fáil d’Acadian.

I Márta 2015 a tuairiscíodh ar an suíomh seo go raibh na téarmaí faoinar dhíol Údarás na Gaeltachta an comhlacht Arramara Teoranta le Acadian Seaplants Ltd as Ceanada le bheith ina rún ar feadh tréimhse 10 mbliana de réir ‘clásal rúndachta’ sa chomhaontú díolacháin.

Tugadh le fios i miontuairiscí cruinnithe de chuid Bhord an Údaráis, a fuair Tuairisc.ie faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise, go bhféadfadh “iarmhairtí tromchúiseacha a bheith ann don Údarás dá scaoilfí aon eolas faoin gcomhaontú”.

Níor dúradh cérbh iad na “iarmhairtí tromchúiseacha” sin, ach bhí na socruithe chomh leochaileach sin gur iarradh ar bhaill bhord an Údaráis ag an am na doiciméid a bhain leis an díolachán a cuireadh ar fáil dóibh do chruinniú an bhoird ar 1 Márta 2013 a thabhairt ar ais arís don bhfeidhmeannas roimh dheireadh an chruinnithe.

Dúirt iarchomhalta a thug 25 bliain ar Bhord an Údaráis le Tuairisc.ie nach cuimhin leis ach aon uair amháin eile ar tharla a leithéid roimhe sin.

Cé go bhfuil na deich mbliana a luadh ag an gcruinniú Boird sin in 2013 caite anois, tuairiscíodh anuraidh gur thug Acadian Seaplants le fios don Údarás go rachfaí i muinín an dlí dá gcuirfí eolas ar fáil faoi shonraí an chomhaontaithe díolacháin.

Mhaígh Acadian Seaplants gurbh é an socrú a deineadh ná go mairfeadh an clásal rúndachta ar feadh tréimhse an chonartha díolacháin seachas ar feadh deich mbliana, mar a tugadh le fios sna miontuairiscí ó chruinniú Bhord an Údaráis i Márta 2013.

Dúirt Acadian Seaplants leis an gCoimisinéir Faisnéise go raibh gnéithe den chonradh nach raibh curtha i bhfeidhm go fóill, plean Gaeilge an chomhlachta san áireamh.

Dúirt Acadian Seaplants nach raibh aon eolas acu faoi chlásal rúndachta a mhairfeadh deich mbliana.

Ach dealraíonn sé ó mhiontuairiscí chruinniú Boird Údarás na Gaeltachta an 1 Márta 2014 gurb í an tuiscint a tugadh do bhaill an bhoird ná go mairfeadh an clásal rúndachta 10 mbliana ar a mhéid. Deirtear sna miontuairiscí sin “gur treisíodh dona raibh i láthair go raibh coinníoll rúndachta sa chonradh, a mhair ar feadh thréimhse an chomhaontaithe, suas le 10 mbliana”.

Cé gur dhiúltaigh Oifig an Choimisinéara Faisnéise d’achomharc a rinne Nuacht TG4 maidir le cinneadh Údarás na Gaeltachta gan eolas a scaoileadh faoin gcomhaontú díolacháin, léirigh siad “imní mhór” agus amhras faoi chomhlachtaí poiblí amhail Údarás na Gaeltachta a bheith ag úsáid clásal rúndachta chun teacht timpeall ar dhualgais faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.

I ráiteas a chuir Údarás na Gaeltachta ar fáil do Tuairisc an tseachtain seo, dúradh:

“Mar is eol duit, tá cinneadh déanta ag an gCoimisinéir Faisnéise maidir leis an ábhar seo, agus meastar gurb ábhar íogair tráchtála atá i gceist.”

Lorgaíodh ráiteas ó Acadian Seaplants chomh maith.

Fág freagra ar 'Sonraí faoin margadh a rinne Údarás na Gaeltachta faoi dhíol Arramara ar fáil ar deireadh thiar'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Ní ghlacaim leis go mbeadh cead ag comhlachtaí príobháideacha theacht isteach sa ghaeltacht agus gan scaireanna ag údarás na gaeltachta leo. Leis an ghaeilg a chaomhnú sa ghaeltacht tá sé tábhachtach go mbeadh údarás na gaeltachta ina scairshealbhóir tromlaigh ar na cliantchomhlachtaí seo – agus ar achan chomhlacht príobháideach sa ghaeltacht. Níl earnáil an ghnó sa ghaeltacht ag déanamh rud ar bith leis an ghaeilg a chaomhnú agus a bhuanú. Tá muid anseo leis an ghaeilg a úsáid, a chaomhnú agus a bhuanú – chan le hairgead agus brabús a dhéanamh. Tá lucht an bhrabúis ag marbh na gaeilge agus na gaeltachta.

    Agus an bhfuil plean teanga ag údarás na gaeltachta?