Dúirt an tUachtarán Catherine Connolly gur “cúis mhór imní” é go mbítear ag fanacht chomh fada le leaganacha Gaeilge d’achtanna an Oireachtais.
Bhí an tUachtarán ag labhairt ag ócáid a bhí á reáchtáil ag Cumann Barra na Gaeilge ag Ionad Cultúrtha Theach an Phiarsaigh i Ros Muc ag an deireadh seachtaine.
Thagair Connolly don aon chás dlí amháin a raibh an Piarsach ina abhcóide ann – cás Néill Mhic Giolla Bhríghde a cúisíodh as a ainm a bheith i nGaeilge ar a chairt.
“Nach bhfuil sé suntasach, breis is céad bliain i ndiaidh an cháis sin, go bhfuil muid fós ag fanacht le leaganacha Gaeilge d‘Achtanna an Oireachtais a bheith ar fáil, rud atá mar chúis mhór imní daoibhse agus sibh ag déanamh bhur seacht ndícheall saothrú ar son bhur bpobal cliant.
“Ar ndóigh, tá an mhoill seo soiléir domsa, mar Uachtarán, nuair is as Béarla a thagann na Billí uile os mo chomhair. Is léir go bhfuil spiorad an Phiarsaigh fós ag teastáil go géar uainn,” a dúirt sí le baill Chumann Barra na Gaeilge.
Dúirt Connolly, ar abhcóide í féin, gur gá a bheith “ag saothrú chun a chinntiú go mbeidh na hAchtanna seo ar fad go dátheangach”.
Níos túisce an mhí seo, thug Príomh-Aistritheoir Thithe an Oireachtais, Vivian Uíbh Eachach, le fios do Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge nach bhfuil ag éirí leis an stát dóthain daoine a bhfuil Gaeilge acu a chur ar fáil “chun obair an stáit a dhéanamh”.
Dúirt Uíbh Eachach go bhfuil an easpa aistritheoirí ag cur as chomh mór sin do Thithe an Oireachtais go bhfuil tús áite á thabhairt ag Rannóg an Aistriúcháin do Ghaeilge a chur ar an reachtaíocht is mó a fhaigheann “hits” ar líne.
Dúirt sé go bhfuil an oiread sin fadhbanna earcaíochta ag an Rannóg nach bhfuil ag éirí leo ach leath den obair atá le déanamh acu a dhéanamh agus nach raibh ach leath den líon ball foirne a bhí ceadaithe dóibh earcaithe acu.
Tá sé ráite cheana ag Tithe an Oireachtais go mbaineann dúshlán mór le hearcú aistritheoirí toisc go mbíonn Rannóg an Aistriúcháin in iomaíocht le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh d’aistritheoirí Gaeilge.
Tuairiscítear gur measa an dúshlán sin ó tosaíodh in 2020 ar rogha a thabhairt d’aistritheoirí de chuid an Aontais a gcuid oibre a dhéanamh in Éirinn, sa Ghráinseach i gContae na Mí.
Fág freagra ar '‘Cúis mhór imní’ an mhoill atá ar aistriú Achtanna an Oireachtais – an tUachtarán Connolly'