Tá easpa aistritheoirí ag cur as chomh mór sin do Thithe an Oireachtais go bhfuil tús áite á thabhairt acu do Ghaeilge a chur ar an reachtaíocht is mó a fhaigheann ‘hits’ ar líne, a dúradh ag cruinniú i dTeach Laighean inné.
Dúirt Vivian Uíbh Eachach, Príomh-Aistritheoir Thithe an Oireachtais, nach bhfuil ag éirí leis an stát dóthain daoine a chur ar fáil “chun obair an stáit a dhéanamh”.
“Braithim féin dá mbeadh bearna ann ó thaobh an tsoláthair i réimse an Bhéarla nó i réimse éigin eile go mbeadh sé á phlé agus go mbeadh daoine ag díriú air mar éigeandáil. Ní dóigh liom go bhfuil an leibhéal sin feasachta bainte amach againn go fóill ach tá fadhb ann.”
Dúirt go bhfuil oiread fadhbanna earcaíochta ag rannóg an aistriúcháin nach bhfuil ag éirí leo ach leath den obair atá le déanamh acu a dhéanamh.
Ag labhairt dó ag cruinniú de choiste Oireachtais na Gaeilge inné, thug Uíbh Eachach le fios nach raibh ag Rannóg an Aistriúcháin ach leath den líon ball foirne a bhí ceadaithe dóibh.
Dúirt sé gur fhág an easpa foirne sin nach raibh ach beagáinín os cionn leath den riaráiste reachtaíochta a bhí le haistriú go Gaeilge aistrithe ag an rannóg.
Maidir le reachtaíocht nua, ní éiríonn leis an rannóg Gaeilge a chur ar 50% di. Dúirt an Príomh-Aistritheoir go ndéantar cinneadh faoi cén reachtaíocht a aistreofar bunaithe ar an bpráinn atá leis an aistriúchán nó an tsuim a léirítear ar líne i bpíosaí reachtaíochta.
“An rud atá á dhéanamh againn anois ná díriú ar iarratais a thagann isteach ón stát. Abair go bhfuil acht áirithe ag teastáil do chás cúirte nó mar sin nó b’fhéidir acht atá ag teastáil toisc gur mhaith leis an roinn ionstraim reachtúil a chur amach do rialachán éigin a bhaineann le cúrsaí comhshaoil nó a leithéid sin a chur amach. Tá muid ag plé le hiarratais a thagann isteach.
“Mar chuid den scrúdú a rinneadh ar an rannóg, rinneamar iarracht a fháil amach ón suíomh idirlín ag an Oireachtas cad iad na hachtanna a raibh suim ag daoine iontu ó thaobh aimsithe nó ‘hits’.”
Is ar éigean go mbeidh aon ‘dea-scéal’ ann faoi na hachtanna atá fágtha gan aistriú nó go meallfar tuilleadh aistritheoirí.
“Sé an áit go bhfuilimid ná nuair atá tiontú ag teastáil go práinneach, cuirimid ar fáil é agus, ag an am céanna, táimid ag obair ar an liosta a laghdú.
“Go dtí go ngeobhaimid na daoine go léir atá ceadaithe dúinn, ní bheimid ábalta a rá, ‘Dea-scéal, tá an riaráiste glanta’. Go dtí go ngeobhaimid na hacmhainní, beimid ag streachailt chun é sin a dhéanamh.”
Bhí ionadaithe ón Rannóg Aistriúcháin os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge chun plé a dhéanamh ar an athbhreithniú atá á dhéanamh faoi láthair ar an gCaighdeán Oifigiúil. Dúradh go raibh 26 aighneacht faighte ag Rannóg an Aistriúcháin mar chuid den athbhreithniú sin ar a ‘inúsáidte’ is atá an caighdeán.
Dúirt Vivian Uíbh Eachach chomh maith go bhfuil ról ag múineadh an chaighdeáin sa chóras oideachais i gcúrsaí earcaíochta agus i gcomhlíonadh sprioc an rialtais gur cainteoirí Gaeilge a bheidh in 20% d’earcaigh chuig an tseirbhís phoiblí faoi 2030.
“Bíonn an comhchoiste seo ag plé leis an 20% agus an cuspóir atá ag an stát, bíonn an roinn [oideachais] ag plé leis sin, ach caithfimid teacht ar na daoine sin, na daoine a ghlacfaidh na postanna.
“Is dóigh liom go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh, agus níl anseo ach tuairim, nílimid freagrach as aon chomhairle a thabhairt don Roinn Oideachais ná faic, ach ba mhór an chabhair é dá mbeadh an Roinn Oideachais ag féachaint ar an gCaighdeán Oifigiúil agus ar an leagan oifigiúil scríofa den teanga ó thaobh daoine a fhorbairt, daltaí agus mic léinn a fhorbairt agus a réiteach chun postanna a ghlacadh sa státseirbhís.”
Ní aistritheoirí amháin a bhí i gceist, a dúirt sé.
“Bímid i gcónaí ag lorg aistritheoirí ach tá muid ag caint faoi riarthóirí, na gráid go léir agus braithim go bhfuil obair le déanamh ag an stát ansin chun cuidiú leis an stát na daoine sin a aimsiú.”
Tá sé ráite cheana ag Tithe an Oireachtais go mbaineann dúshlán mór le hearcú aistritheoirí toisc go mbíonn Rannóg an Aistriúcháin in iomaíocht le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh d’aistritheoirí Gaeilge.
Tuairiscítear gur measa an dúshlán sin ó tosaíodh in 2020 ar rogha a thabhairt d’aistritheoirí de chuid an Aontais a gcuid oibre a dhéanamh in Éirinn, sa Ghráinseach i gContae na Mí.
Dúirt Vivian Uíbh Eachach gur dúshlán a bhí ansin ach gur sa chóras oideachais a bhí leigheas an scéil.
“Is deis iontach é do dhaoine óga dul sall chun na Bruiséile agus a bheith ag obair ansin agus teanga nua a fháil. Ní chuireann muid bac ar aon duine go dteastaíonn uathu é sin a dhéanamh. Uaireanta tagann daoine thar n-ais.
“Is cinnte mura mbeadh na hinstitiúidí Eorpacha ag earcú aistritheoirí bheadh ár ndóthain againne agus bheadh an jab déanta ach ní mar sin atá.”
Dúirt sé gur chóir don chóras oideachais an teachtaireacht a thabhairt do dhaltaí óga a bhfuil an teanga ó dhúchas acu “go bhfuil gairm ann duit ach réiteach dó ag an bpointe seo”.
“Dá mbeadh muid in ann an dá rud sin a chur le chéile bheadh linn. Bheadh postanna do na daoine sin, bheadh daoine againne mar aistritheoirí agus bheadh dóthain daoine ag an stát chun an 20% a bhaint amach. Inár dtuairim umhal féin, sin an áit go bhfuil an réiteach air seo.”
Fág freagra ar 'A laghad aistritheoirí Gaeilge ag Tithe an Oireachtais go bhfuil tús áite á thabhairt do na hachtanna is mó a fhaigheann ‘hits’'