FÍSEÁN d’FHOGHLAIMEOIRÍ: Ar fhaitíos gur chaill tú é… cuid de scéalta na seachtaine seo ar Tuairisc

Féach ar an bpíosa físe seo agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

Tá leagan den fhíseán le fotheidil le fáil ANSEO

Gníomhaíocht 1:

  • Sula bhféachann tú ar an mír físe déan iarracht na leaganacha Gaeilge a mheaitseáil leis an míniú/focal gaolmhar.
  • Déan do fhreagraí a roinnt leis an duine atá in aice leat.
  • Féach ar an mír físe agus féachaigí ar na freagraí arís.
  • Má bhíonn tú i bponc is féidir míniúcháin a sheiceáil ar teanglann.ie nó focloir.ie.

Gníomhaíocht 2:

  • Déan iarracht na focail/frásaí thuas a chur in abairt de do chuid féin.
  • Cabhróidh an íomhá thíos leis an bhfocal “agóid”.
  • Ansin déan iad a chur i gcomparáid leis na habairtí atá scríofa ag an duine atá in aice leat.

Gníomhaíocht 3: Ceisteanna Ginearálta:

  • Féach/Éist leis an mír físe faoi dhó agus déan iarracht na ceisteanna seo a leanas a fhreagairt.
  • Déan do fhreagraí a roinnt leis an duine atá in aice leat.
  • Is féidir an físeán a mhoilliú trí bhrú ar chnaipe na socruithe.
  1. Cén aois a bhí Gabriel Rosenstock?
  2. Cérbh iad an grúpa ‘Innti’?
  3. Cén bhrí a bhaineann tú as an méid a bhí le rá ag Alan Titley?
  4. Cad a fógraíodh maidir leis na Stáit Aontaithe agus an Iaráin?
  5. Cad faoi atá daoine ag agóidíocht?
  6. Cad a tharla i gColáiste Íosagáin an tseachtain seo?
  7. Cé mhéad a chosain sé?
  8. Baineann an pictiúr thíos le ceann de na scéalta.
    a. Cén scéal?
    b. Déan cur síos ar a bhfuil le feiceáil ann.

Gníomhaíocht 4: Líon na Bearnaí:

Gníomhaíocht 5: Ábhar plé le do pháirtí:

  • Seo nasc chuig an scéal faoi bhás Gabriel Rosenstock.
  • Seo nasc chuig scéal ar Nuacht TG4 faoi.
  • Déan achoimre deich bpointe a scríobh faoina shaol agus a shaothar. Ábhar machnaimh
    • Aois
    • Gairm a bhí aige.
    • A óige
    • Pointe faoin ngrúpa ‘Innti’
    • Cúpla pointe faoina shaothar.
    • Cúpla pointe faoina shaol pearsanta.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN d’FHOGHLAIMEOIRÍ: Ar fhaitíos gur chaill tú é… cuid de scéalta na seachtaine seo ar Tuairisc'