‘Tubaiste atá ann don Ghaeilge’ – cáineadh déanta ar mhéadú 0.5% ar bhuiséad na teanga

Níos lú ná €1 milliún breise a fógraíodh don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hoileáin i mBuiséad 2027

‘Tubaiste atá ann don Ghaeilge’ – cáineadh déanta ar mhéadú 0.5% ar bhuiséad na teanga

Méadú níos lú ná €1 milliún a fógraíodh don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hoileáin i mBuiséad 2027, ó €160 milliún go dtí €160.8 milliún.

Luaitear chomh maith i dtuarascáil chaiteachais an Rialtais, a foilsíodh mar chuid den bhuiséad, €1 milliún breise don chomhoibriú thuaidh/theas chun tacú le hobair Fhoras na Gaeilge.

Chomh maith leis sin,  tá tuairiscí ann go mbeidh €750,000 breise á lua leis an bpleanáil teanga agus €500,000 breise ag Údarás na Gaeltachta. Is cosúil go dtiocfaidh an maoiniú seo ó chiorrú ar bhuiséad caipitil na teanga.

€1.5 milliún breise a fógraíodh do sheirbhísí iompair na n-oileán.

Béim síos mhór do lucht na Gaeilge a bhí san fhógra maidir leis an gcaiteachas ar an teanga agus cháin an freasúra go láidir cur chuige an rialtais i leith na teanga agus na Gaeltachta.

Méadú 0.5% ar bhuiséad na teanga agus na n-oileáin a d’fhógair an Rialtas. €5 milliún de laghdú a bhí ar bhuiséad caipitil an rialtais don teanga agus do na hoileáin, ó €55 milliún go dtí €50 milliún. Aistríodh an t-airgead sin go dtí caiteachas reatha, a mhéadaigh ó €105 milliún go dtí €110 milliún.

Fuair an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta ardú €15 milliún ach tabharfar é sin ar fad don fhorbairt tuaithe agus do ghnóthaí réigiúnda.

Dúirt an tAire Caiteachais Phoiblí Jack Chambers sa Dáil mar a chaithfí an maoiniú breise don teanga.

“Cuirfear €161 milliún ar fáil chun tacú le pobail na Gaeltachta, chun an Ghaeilge a neartú agus chun seirbhísí agus naisc iompair do phobail na n-oileán a fheabhsú; agus cabhróidh milliún euro breise le tuilleadh daoine i bpobail na Gaeltachta a gcuid scileanna Gaeilge a fhorbairt agus a choinneáil,” a dúirt Chambers sa Dáil.

Ag labhairt di sa Dáil tráthnóna, dúirt urlabhraí caiteachais phoiblí Shinn Féin go raibh “todhchaí na Gaeltachta i mbaol” agus nach raibh an rialtas ag dul i ngleic leis sin.

“Ba chóir go mbeadh an Ghaeltacht mar chroílár fhís chultúrtha, oidhreachta agus teanga an Rialtais. Ach ní hé sin mar atá,” a dúirt an Teachta Dála do Ghaillimh Thiar, Mairéad Farrell.

“Tá géarchéim eiseach inár gceantracha Gaeltachta mar gheall ar an nganntanas tithíochta do theaghlaigh óga a theastaíonn uathu an chéad ghlúin eile a thógáil le Gaeilge sa Ghaeltacht.”

Dar léi go raibh plean níos uaillmhianaí ag teastáil ón Rialtas don Ghaeltacht.

“Má táimid dáiríre faoin nGaeltacht a chaomhnú caithfidh an rialtas dul i ngleic leis an ngéarchéim seo.

“Teastaíonn acmhainní, infheistíocht agus toill pholaitiúil. Ón méid atá feicthe agam inniu ní fheicim an toil pholaitiúil sin.”

Dúirt sí gur chóir don Rialtas “maoiniú cuí” a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta, Scéim Labhairt na Gaeilge a thabhairt ar ais agus “na meáin Ghaeilge a mhaoiniú i gceart”.

Dúirt sí gurb é an rud atá ag teastáil ó mhuintir na Gaeltachta ná “fanacht ina gceantar dúchais féin” agus gur chóir don rialtas “tacú leo”.

Chosain Aire na Gaeltachta Dara Calleary soláthar an Rialtais don teanga in 2027.

Dúirt sé go raibh an buiséad is mó riamh ag an teanga i mbliana agus go raibh méadú i gceist arís i mbliana.

Ag cruinniú leis an Aire Caiteachais Phoiblí an mhí seo caite, rinne Conradh na Gaeilge cás go gcuirfí os cionn €60 milliún breise i gciste na Gaeilge agus na Gaeltachta i mbuiséad na bliana seo agus d’éiligh siad arduithe móra i mbuiséid an Údaráis agus an Fhorais.

I measc na mbeartas eile a fógraíodh sa bhuiséad tá ardú sa mbanda cánach is airde, laghdú cánach ar ola théite tithe, €10 d’ardú ar an bpinsean stáit agus íocaíochtaí leasa shóisialaigh eile, ardú ar thairseach saor ó cháin na scéime seomra ar cíos, ardú 79 cent ar an íosphá náisiúnta, ardú €1 ar bhosca scór toitíní agus 20 cent breise an millilítear ar na galtoitíní.

Fág freagra ar '‘Tubaiste atá ann don Ghaeilge’ – cáineadh déanta ar mhéadú 0.5% ar bhuiséad na teanga'