Buiséad 2027 fógartha, méadú ar an liúntas breosla agus íocaíochtaí leasa shóisialaigh, ardú beag don Ghaeilge

Agus an buiséad á fhógairt tráthnóna tugadh sonraí breise freisin faoi scéim nua coigiltis an rialtais. Rinne an freasúra cáineadh láidir ar an mBuiséad…

Buiséad 2027 fógartha, méadú ar an liúntas breosla agus íocaíochtaí leasa shóisialaigh, ardú beag don Ghaeilge

Tá Buiséad 2027 fógartha ag an Aire Airgeadais Simon Harris agus é á mhaíomh aige gur buiséad é “a thugann a gceart d’éilimh an lae inniu agus do riachtanais an lae amárach”.

D’fhógair Harris agus Jack Chambers, an tAire Caiteachais Phoiblí, €8.655 billiún de chaiteachas breise sa mBuiséad, €7 billiún de sin ar bhearta nua agus €1.65 billiún ar athruithe ar cháin.

Méadú níos lú ná €1 milliún a fógraíodh don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hoileáin, ó €160 milliún go dtí €160.8 milliún.

I measc na mbeartas sa bhuiséad tá ardú sa mbanda cánach is airde, laghdú cánach ar ola théite tithe, €10 d’ardú ar an bpinsean stáit agus íocaíochtaí leasa shóisialaigh eile, ardú ar thairseach saor ó cháin na scéime seomra ar cíos, ardú 79 cent ar an íosphá náisiúnta, ardú €1 ar bhosca scór toitíní agus 20 cent breise ar na galtoitíní.

Tugadh sonraí breise inniu faoi scéim nua coigiltis agus infheistíochta an rialtais agus na dreasachtaí cánach.

Beidh tairseach saor ó cháin €50,000 i gceist leis an scéim sin, agus bunráta cánach 1% ar luach an chuntais a bheidh os a chionn sin. Is €12,000 sa mbliain an uas-ranníocaíocht agus níl aon íosteora le ranníocaíochtaí.

Agus pacáiste cánach an rialtais á fhógairt ag Harris, dúirt an tAire go raibh an iomarca daoine ag saothrú “airgead maith ar pháipéar ach go mbraitheann siad gur ar éigean atá siad in ann greim a choinneáil faoin bhfiacail”.

Tá síneadh ceithre mhí curtha leis an bhfaoiseamh ar dhleachtanna máil ar pheitreal agus díosal a bhí le teacht chun deiridh ar an gcéad lá de mhí na Samhna agus mairfidh an faoiseamh sin anois go dtí an chéad lá Márta.

Fógraíodh laghdú ar an gcáin charbóin ar ghás agus ola théite tithe agus fágfar an laghdú sin i bhfeidhm fad a sheasfaidh an rialtas seo.

Cuirfear €5 sa tseachtain de bhiseach ar an liúntas breosla.Beidh €43 sa tseachtain ar fáil anois agus ardaíodh an tairseach cháilithe do dhuine singil os cionn 66 bliain go dtí €641.

Cuireadh €650 maoiniú caipitil ar fáil d’Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann [SEAI] don uasghrádú ar fhuinneamh baile.

Cuirfear ardú €2,500 ar an ioncam a chaithfidh a bheith ag duine le bheith ag íoc sa mbanda cánach is airde. €46,500 an t-ioncam bliana sin anois.

Ardú €125 a fógraíodh inniu ar an dá phríomhchreidmheas cánach, cáin phearsanta agus ÍMAT.

Cuirfear €1,600 le banda 2% an Mhuirir Shóisialta Uilíoch [USC], atá ardaithe anois go dtí €30,300.

Gheobhaidh formhór oibrithe creidmheas cánach €125 breise agus cuirfear €100 le creidmheas cúramóirí baile.

Fógraíodh ardú 79 cent ar an íosphá náisiúnta agus €14.94 san uair a bheidh i gceist ó mhí Eanáir ach tá an gealltanas go mbeadh pá maireachtála i bhfeidhm sa tír seo faoi 2029 curtha ar atráth.

Beidh €10 d’ardú ar an bpinsean stáit agus íocaíochtaí leasa shóisialaigh eile. Gheobhaidh pinsinéirí agus daoine a fhaigheann íocaíochtaí leasa shóisialaigh íocaíocht bhónais faoi Nollaig i mbliana.

Fógraíodh íocaíocht bhliantúil costas míchumais €500, á íocfar mar chnapshuim mí Eanáir seo chugainn.

Beidh ardú €6 sa tseachtain ar íocaíochtaí tacaíochta leanaí agus €3 ar an liúntas maireachtála aonair.

Cuirfear €150 leis an ioncam a bheidh ceadaithe do dhuine singil atá i dteideal liúntas cúramóra sula gcuirfear cáin air agus a dhúbailt sin i gcás lánúine.

Laghdófar an cháin gnóthachan caipitiúil 2%.

Cuirfear €200 breise leis an gcreidmheas cánach i leith cíosa suas go dtí €1,200.

Tá an tairseach saor ó cháin faoin scéim seomra ar cíos ardaithe go €16,000 sa mbliain.

Ardófar €20,000 an tairseach ar cháin oidhreachta i gcás oidhreacht ó thuismitheoirí dá gclann agus €420,000 i gceist anois sula mbeidh cáin dlite.

Beidh daoine atá ag ceannach a gcéad áit chónaithe in ann suas le €35,000 a fháil le haghaidh éarlaise faoin Scéim Cabhair le Ceannach, sin €5,000 d’ardú.

Tá laghdú €150 á dhéanamh ar tháillí na mac léinn tríú leibhéal ar fad agus i gcás teaghlaigh a bhfuil níos mó ná duine amháin den chlann ag an tríú beidh rochtain níos fearr acu ar dheontas.

D’fhéadfadh teaghlaigh a bhfuil leanbh óg leo ag freastal go lán-aimseartha ar naíolann suas le €1,000 sa mbliain a shábháil faoin Scéim Náisiúnta Cúram Leanaí.

Daoine a thugann aire do leanaí ina dteach féin, beidh siad i dteideal €5,000 eile a shaothrú saor ó cháin, €20,000 an tairseach feasta.

Beidh níos mó teaghlach i dteideal cúram leanaí saor in aisce a bhuíochas leis an ardú ar an tairseach ioncaim go €34,000. Beidh uasteorainn €550 sa mhí ar chostas cúram leanaí go dtí go mbíonn siad sna Naíonáin Mhóra.

Fógraíodh scéim €15 milliún le cuidiú le tábhairní tuaithe agus scéim nua aisíoc cánach ar cheaigeanna beorach.

Cuirfear maoiniú breise ar fáil do Spórt Éireann le tacú le Cluichí Gaelacha a fhorbairt, go háirithe an chamógaíocht agus an iománaíocht a chothú i gceantair uirbeacha agus ceantair nach bhfuil siad láidir.

Cuirfear €22 milliún ar fáil don Chorn Ryder agus do chomórtas sacair Euro 2028.  Cuirfear €1 milliún ar fáil le tacaíocht a thabhairt do scéim scothimreoirí idirchontae na gCluichí Gaelacha.

Cuireadh ardú €1 ar bhosca scór toitíní agus cáin 20 cent ar gach millilítear sna galtoitíní.

Cháin an freasúra an buiséad.

Dúirt Pearse Doherty, urlabhraí airgeadais Shinn Féin, gur beag maitheas a bheadh i mBuiséad 2027 don ghnáthdhuine in Éirinn agus go mbeadh cibé airgead a shábhálfadh na bearta nua cánach orthu “imithe sula bhfaightear” iad.

“An cheist a chuirfidh an gnáthdhuine air féin faoin mBuiséad seo ná ‘cén difear a dhéanfaidh seo i mo shaol, i ndáiríre? An mbeidh sé níos fusa na billí leictreachais a íoc? An mbeidh an cíos níos inacmhainne? An mbeidh mo chlann in ann teach a cheannach?” a dúirt Doherty.

Mhaígh sé gurb é an freagra a bheadh ar na ceisteanna sin ar fad ná “ní bheidh”. Dúirt sé go raibh “fíorghníomh” ón Rialtas ag teastáil ó phobal na hÉireann ach go bhfuair siad “tuilleadh den mhéid céanna arís” ó Bhuiséad Fhine Gael agus Fhianna Fáil.

Dúirt sé gur “ríléir” nach dtuigeann an Taoiseach Micheál Martin, an tAire Airgeadais Simon Harris, ná an tAire Caiteachais Phoiblí Jack Chambers a ghéire is atá an ghéarchéim costas maireachtála don ghnáthdhuine agus go raibh “lucht an phinsin” fágtha “níos boichte” tar éis bhuiséad an lae inniu.

“Tá cinneadh déanta agaibh d’aon turas a saol a dhéanamh níos deacra,” a dúirt Doherty.

Chuir sé i leith na nAirí Rialtais go raibh siad “go huile is go hiomlán as alt” leis an saol mar atá do “theaghlaigh agus d’oibrithe ar fud an stáit”.

“Ba é an tástáil a bhí le déanamh ar an mBuiséad seo ná ‘an dtabharfaidh sé tús áite d’oibrithe agus dá dteaghlaigh?’. Theip ar an mBuiséad sa tástáil – theip air ó thaobh cánach de, ó thaobh na bpinsean de, agus ó thaobh an chostais mhaireachtála de. Ritheann an teip seo tríd an mBuiséad ar fad,” a dúirt sé.

Dhírigh Doherty ar cheist an bhreosla freisin agus mhaígh go bhfuil costas an tanc ola €700 níos daoire anois ná mar a bhí i mí Eanáir na bliana seo. Dúirt sé gur “masla” a bhí sa “laghdú €50” atá geallta ag an Rialtas ar an gcostas sin.

Dúirt sé freisin nach léir ón mBuiséad go bhfuil aon ghéarchéim thithíochta ann agus go bhfuil tionchar aige sin ar an tsochaí féin.

“Tá daoine óga ag fanacht i seomraí a muintire, ní féidir le lánúineacha tithe a cheannach, agus tá daoine ag cur siar an cinneadh páistí a bheith acu mar nach féidir leo baile sábháilte a thabhairt dóibh.

“Tá teaghlaigh ag tabhairt cuid mhaith dá n-ioncam uathu achan mhí. Ní féidir le múinteoirí agus altraí tithíocht a fháil gar dá n-ionaid oibre. Tá daoine ag tarraingt ar 40 bliain d’aois sular féidir leo teach a cheannach,” a dúirt sé.

Chuir Doherty i leith an Taoisigh go raibh “an tithíocht iompaithe ina hearra tráchtála” aige gur tábhachtaí leis tiarnaí talún, bancanna, agus amhantraithe ná gnáthmhuintir na hÉireann.

Fág freagra ar 'Buiséad 2027 fógartha, méadú ar an liúntas breosla agus íocaíochtaí leasa shóisialaigh, ardú beag don Ghaeilge'