Thug Vladamir Putin nod ar an Domhnach go bhfuil sé ag bogadh i dtreo deireadh a chur lena chogadh i gcoinne na hÚcráine. Dé hAoine seo caite d’fhoilsigh meán neamhspleách Rúiseach ‘Novaya Gazeta’ ina leagtar amach straitéis cumarsáide chun socrú síochána a dhíol le pobal na Rúise in ainneoin nár baineadh amach roinnt de na príomhaidhmeanna a bhí leis an ‘oibríocht mhíleata speisialta’.
I mbeagán focal, déarfar leis an bpobal go bhfuil bua mór bainte amach ag an Rúis. Ach tá léargas iomlán difriúil ar an scéal le sonrú i measc na mblagadóirí náisiúnacha pro-cogaidh, dream ar tugadh saoirse cainte dóibh le ceithre bliana anuas, mar gur oir sé sin don rialtas go dtí le déanaí.
Tá an an dearcadh diúltach nua ag scaipeadh ina measc mar a dhéanfadh galar tógálach. Dúirt léitheoir amháin, agus an ceart aige, nárbh leor sampla amháin i m’alt deireanach mar fhianaise den fheiniméin seo ach níl aon easpa samplaí eile ann.
‘Buntáiste soiléir bainte amach ag an Úcráin,’ arsa an scríbhneoir agus an t-iriseoir Zakhar Prilepin, náisiúntóir cruthanta atá an-ghar don Chreimil le blianta. Thacaigh sé go láidir le hionradh na Rúise ar an Úcráin agus bhí sé féin ina cheannaire ar sheachfhórsaí na Rúise sa Donbas idir 2016 agus 2018. Deir Prilepin anois go raibh dul amú ar an Rúis a chreidiúint go bhféadfadh siad an chuid eile den Donbas a ghabháil agus ansin a rá le gach duine: ‘Go raibh maith agaibh, bhuaigh muid, tá na cuspóirí bainte amach againn.’
Deir sé go raibh an smaoineamh seo bunaithe ar an tuiscint nach raibh an Úcráin ‘in ann seasamh inár gcoinne ach ar éigean’. Ach deir sé go bhfuil cúinsí athraithe le míonna anuas agus go bhfuil ‘buntáiste soiléir bainte amach ag an Úcráin ó thaobh drón de’. Deir sé nach gá don Rúis í féin ‘a scanrú le cogadh in aghaidh na hEorpa ar fad’ mar mura bhfuil ‘plean rúnda de shaghas éigin againn (agus ní rud éigin cosúil le ‘cabhróidh Trump linn’, ach rud níos réadúla), ansin, má leanann na treochtaí reatha ar aghaidh, tosóimid ag cailleadh go follasach fiú in aghaidh na hÚcráine féin.’
‘Táimid ag druidim le cliseadh míleata,’ dar le Igor Girkin nó ‘Strelkov’, iarcheannaire eile ar sheachfhórsaí na Rúise sa Donbas. Ciontaíodh Girkin in absentia sa Háig in 2022 i ndúnmharú agus i scriosadh eitilt Malaysia Airlines MH17 in Iúil 2014 sa Donbas. Ba é an chéad náisiúntóir mór le rá a cháin Putin go sonrach mar gheall ar theipeanna na Rúise sa chogadh agus tá sé i bpríosún dá bharr sin, ach é fós ag cur teachtaireachtaí amach trína bhean chéile. Deir Girkin nach bhfuil an Rúis ‘ábalta buachan ar namhaid a bhí ina cheap magaidh deich mbliana ó shin… ach gur ligeamar dó éirí níos láidre de bharr ár ngníomhartha mire agus bómánta.’ Deir sé gur ‘fíric’ é go bhfuil an Rúis, dar leis, ‘ag druidim le cliseadh míleata’.
‘Fógraítear ‘ionsaithe’ ar chúiseanna polaitiúla’, arsa ‘Rybar’, seans an blagálaí pro-cogaidh is mó le rá. Tá cáil air fiú i measc shaineolaithe míleata an iarthair de bharr caighdeán agus cruinneas a chuid anailíse míleata. Cé go bhfuil sé dílis i gcónaí d’aidhmeanna an chogaidh tá a thráchtaireacht faoi dhul chun cinn na Rúise ag éirí níos diúltaí. Díríonn sé ar an mbearna idir óráidí oifigiúla agus an réaltacht ar an líne thosaigh.
Dar leis, fógraítear ‘ionsaithe’ ar chúiseanna polaitiúla seachas ar chúiseanna míleata réadúla. Deir sé go soiléir go bhfuil cogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine ‘tar éis cul de sac a bhaint amach’. Dar leis, go bhfuil na húdaráis mhíleata ag tabhairt tuairiscí bréagacha ar an dul chun cinn do cheannaireacht na tíre chun a gcuid caillteanais a cheilt.
‘Níl an cogadh ag dul áit ar bith…,’ dar leis an mbolscaire Ilya Remeslo.
Ar feadh blianta bhí an Chreimil ábalta brath ar Ilya Remeslo chun dul ar an ionsaí i gcoinne naimhde an rialtais. Is é Remeslo a rinne an gearán a raibh an cás calaoise i gcoinne an cheannaire freasúra Alexsey Navalny bunaithe air. Ach ansin sa Mhárta chuir sé forógra faoi bhráid a 90,000 leantóir ar Telegram dar teideal: ‘Cúig chúis ar stop mé ag tacú le Vladamir Putin’.
Scríobh sé: ‘Níl an t-arm ag dul chun tosaigh san Úcráin, níl an cogadh ag dul áit ar bith. Tá na caillteanais ollmhór. Táimid ag troid faoi chríocha bídeacha nach dtabharfaidh tada don Rúis i ndeireadh na dála.’
Deir seisean go bhféadfadh an cogadh leanúint ar aghaidh ar feadh cúig nó 10 mbliana eile. D’éiligh sé ar Putin éirí as. Cuireadh Remeslo faoi ghlas ar feadh seala in ospidéal síciatrach – sean-nós ón ré Shóivéadach – tar éis dó an forógra a fhoilsiú.
‘Géarchéim ag dul in olcas i gCónaidhm na Rúise’ ba theideal do phíosa amháin ón scríbhneoir agus gníomhaí polaitiúil Maksim Kalashnikov (a fhíorainm ná Vladimir Aleksandrovich Kucherenko). Tá Kalashnikov ag iarraidh go gcruthófaí ‘Impireacht Chónaidhm Rúiseach’ (pé rud é sin) lena n-áireofaí Cónaidhm na Rúise mar atá, an Úcráin, cuid den Bhealarúis, cuid den Mholdáiv agus cuid den tSeoirsia. Deir sé go bhfuil géarchéim ag dul in olcas sa Rúis mar gheall ar an gcogadh agus nach féidir le fórsaí na Rúise dul chun tosaigh mar gheall ar ‘fhalla drón’ na hÚcráine.
Deir sé go bhfuil sé ag éirí soiléir má leanann an cogadh ar aghaidh go dtosóidh comhlachtaí san Rúis ag dul as gnó agus go mbeidh réigiúin na Rúise fágtha gan airgead. ‘An dtuigeann tú go bhféadfaí na milliúin dochtúirí, altraí… a fhágáil gan tuarastal?’ a fhiafraíonn sé dá leantóirí.
Deir sé go gcaithfear glacadh le comhréiteach bunaithe ar chúrsaí ar an bhfronta mar atá faoi láthair. Ach ní dóigh leis gur ‘bua’ a bheadh ansin don Rúis mar go bhfanfaidh rialtas na hÚcráine i gcumhacht i gCív agus go mbeidh siad, dar leis, ag fonóid go hoscailte faoin Rúis agus ag rá: ‘Bhuaigh sibh ar bhuaigh? Táimid fós anseo!’.
Deir sé gur léir go bhfaighidh an Úcráin maoiniú ón iarthar i gcomhair na hatógála ach go mbeidh gnáthmhuintir na Rúise fágtha leis an mbille as an Donbas – an ceantar is mó atá scriosta – a atógáil.
D’fhéadfaí an oiread céanna samplaí arís a thabhairt den éadóchas atá ag scaipeadh i measc bhlagadóirí náisiúnacha na Rúise. Is forbairt mhíchaoithiúil é don dream a bhíonn ag maíomh go bhfuil an cogadh á bhuachan ag an Rúis agus ag an céanna ag maíomh gur gá ardán a thabhairt do ghuthanna ón Rúis. Is dúshlán anois don Chreimil – cuma má leanann siad leis an gcogadh nó má chuireann siad stop leis – cad a dhéanfaidh siad fúthu. Is féidir a bheith réasúnta cinnte go ndéanfar iarracht iad a chur faoi smacht, a imeallú nó a chur ina dtost agus go deimhin tá seo curtha san áireamh sa straitéis cumarsáide rialtais a sceitheadh le ‘Novaya Gazetta’.
Ní dócha gurbh é Girkin an duine deireanach acu a chríochnóidh i bpríosún. Agus cá bhfios nach dtitfidh duine nó beirt acu amach as fuinneoga?
Fág freagra ar 'Dearcadh diúltach faoi chogadh Putin ag scaipeadh mar a dhéanfadh galar tógálach'