Deir an Roinn Oideachais nach bhfuil aon fhianaise ann go bhfuil úsáid mhíchuí á baint as córas na ndíolúintí.
Tá imní léirithe le fada faoin ardú atá tagtha ar líon na ndaltaí scoile a bhfuil díolúine acu ó staidéar na Gaeilge. Bhí breis is 73,000 dalta scoile a raibh díolúine acu ón nGaeilge anuraidh, idir bhunleibhéal agus mheánleibhéal, an líon is mó i stair an stáit.
Bhí Aontas Múinteoirí Éireann ar an dream is deireanaí a dúirt go raibh an chuma ar an scéal go raibh díolúintí á mbronnadh “go míchuí” nuair a tháinig siad os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge an tseachtain seo caite ach deir an Roinn Oideachais nach bhfuil sé sin fíor.
Bhí ionadaithe ón Roinn os comhair an choiste chéanna i dTeach Laighean inné chun córas na ndíolúintí agus múineadh na Gaeilge in iarbhunscoileanna Béarla a phlé.
“Maidir leis na ciorcláin a bheith á gcur i bhfeidhm i gceart, déantar monatóireacht ar bhonn leanúnach,” a dúirt Leona De Khors, Príomhoifigeach Cúnta sa Roinn Oideachais.
“Breathnaíonn muid ar scoileanna aonair gach bliain. Breathnaíonn muid ar líon na ndíolúintí. Scríobhann muid chuig scoileanna ag iarraidh orthu míniú a thabhairt má tá líon na ndíolúintí [a bronnadh] os cionn an mheáin.
“Níl aon chuma ar an scéal ón bhfianaise a fhaigheann muid ar ais go bhfuil siad ag baint mí-úsáid as an gcóras,” a dúirt De Khors.
Dúradh an méid sin mar fhreagra ar cheist an Teachta Dála Naoise Ó Muirí ó Fhine Gael a d’fhiafraigh d’ionadaithe na Roinne raibh an Roinn sásta go bhfuil an córas ag obair “go cóir agus go sásúil”.
Tá sé ráite go minic ag an Roinn Oideachais gurb é an t-ardú ar líon na ndaltaí i scoileanna an stáit a rugadh thar lear agus an t-ardú ar líon na ndaltaí le riachtanais speisialta oideachais is cúis leis an méadú ar líon na ndíolúintí den chuid is mó.
“Tá beagnach 28,000 scoláire a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu rollaithe i ranganna speisialta agus i scoileanna speisialta sa scoilbhliain 2024/2025. Is ionann é sin agus beagnach 3% dár ndaonra iomlán scoláirí bunscoile agus iarbhunscoile,” a dúirt Gavan O’Leary, Rúnaí Cúnta sa Roinn Oideachais.
“De na scoláirí iarbhunscoile sa scoilbhliain 2024/25, rugadh 56,555 scoláire lasmuigh d’Éirinn. Ina measc seo, tá breis agus 7,000 scoláire ón Úcráin atá rollaithe inár n-iar-bhunscoileanna faoi láthair.
“Ba cheart féachaint ar na figiúirí sin i gcomhthéacs inar fhás líon na scoláirí atá rollaithe ag an leibhéal iarbhunscoile le blianta beaga anuas.”
Dúirt Naoise Ó Muirí gur cheart go mbeadh “slat tomhais” ag an Roinn Oideachais maidir le cén céatadán daltaí a bhfuil díolúine ag teastáil uathu. Dúirt sé go dteastaíonn slat tomhais chun monatóireacht a dhéanamh ar an gcóras.
Bhí díolúine ón nGaeilge ag 14.3% de dhaltaí iarbhunscoile in 2025, ardú ó 9.3% deich mbliana roimhe sin agus ardú ó 2.5% ag tús na mílaoise, de réir fhigiúirí na Roinne féin.
Dúradh ag an gcoiste Oireachtais nach raibh sé i gceist ag an Roinn Oideachais athbhreithniú a dhéanamh ar chóras na ndíolúintí ach go raibh tuarascáil á réiteach ag cigireacht na Roinne maidir le dea-chleachtais i scoileanna Béarla inar deonaíodh líon beag díolúintí.
Stiofán
Is léir go bhfuil díolúine ó staidéar ar an nGaolainn mar sprioc ag Roinn an Oideachais agus gur cuma leo! An bhfuil Gaolainn fiú acu siúd atá á mbronnadh sa Roinn? An dall ag giollacht an daill!
Pádraig Ó Duibhir
An bhunfhadhb le córas na ndíolúintí ná go bhfuil díolúintí á ndeonú do scoláirí nach dteastaíonn díolúine uatha agus a bheadh lán-ábalta tabhairt faoi fhoghlaim na Gaeilge dá gcuirfí an cur chuige teagaisc in oiriúnt dá gcuid riachtanas. Ar Mhór-Roinn na hEorpa, cuirtear deis ar fáil d’inimircoirí teangacha mionlaigh agus teangacha breise a fhoghlaim. Faraor, ní chuirfimid luach ar ár n-oidhreacht theanga agus í a roinnt le daltaí nua chun na tíre. Tá formhór na ndíolúintí á mbronnadh go ‘míchuí’ de bharr an córas a bheith míchuí. Níorbh chóir an locht a chur ar na daltaí ná ar a dtuismitheoirí a lorgaíonn díolúine ó staidéar na Gaeilge ach ar an Roinn Oideachais agus Óige a chuir córas fabhtach i bhfeidhm.
Sophia Basilio
I mo thuairimse ” bhí breis is 73,000 dalta scoile a raibh díolúine acu ón nGaeilge anuraidh, idir bhunleibhéal agus mheánleibhéal, ” mar gheall ar mar gheall ar na cogaí agus níos mó inimirceach. Is léir don dall go nach bhfuil siad in ann an Ghaeilge a fhoghlaim go héasca mar sin tá córas na ndíolúintí riachtanach dóibh agus ar a maitheasa.
“Níl aon chuma ar an scéal ón bhfianaise a fhaigheann muid ar ais go bhfuil siad ag baint mí-úsáid as an gcóras,” a dúirt De Khors agus aontaím go huile is go hiomlán léi.
Cluain Sceach
Ba cheart to Theachta Dála éigin freagra a éileamh ar an gceist: cé mhéid díolúintí a éiligh gach meánscoil sa tír gach bliain le deich mbliana. Ansan bheadh tuiscint níos fearr againn ar cé tá thuas leis an obair seo — agus cé tá thíos leis.