Tá TG4 sa tóir ar “chainteoirí líofa Gaeilge” a bhfuil “saineolas ar na canúintí” acu le bheith ar phainéal comhairleoirí teanga don stáisiún.
Beidh na comhairleoirí ar fáil “ar bhonn sealadach” agus cuirfidh siad a gcuid comhairle faoi chúrsaí teanga ar chomhlachtaí léiriúcháin a bhíonn ag déanamh clár do TG4 agus d’ardáin de chuid an stáisiúin ar líne, dála ‘Molscéal’ agus ‘Bloc’.
Daoine a bhfuil “spéis ar leith” acu i gcláir faisnéise, siamsaíochta, drámaíochta agus i gcláir do pháistí atá á lorg ag TG4 chun “barr feabhais” a chur ar chaighdeán na Gaeilge ar na cláir sin lena “saibhreas agus líofacht teanga”.
Beidh na comhlachtaí neamhspleácha léiriúcháin in ann comhairleoirí teanga a roghnú ón bpainéal nua “bunaithe ar oiriúnacht an chomhairleora” do chláir aonair nó do shraitheanna.
Beifear ag súil go mbeidh na comhairleoirí teanga a cheapfar in ann scripteanna a scríobh, treoir a thabhairt maidir le “foghraíocht agus dul nádúrtha na Gaeilge”, treoir a thabhairt maidir le “saibhreas cainte agus canúna”, agus comhairle teanga a thabhairt d’aisteoirí agus do láithreoirí.
Beidh saineolas maidir le “foghraíocht, nathanna cainte, agus éagsúlacht na gcanúintí” riachtanach don té a cheapfar ina chomhairleoir teanga freisin agus ní mór dó a bheith in ann “tacaíocht a chur ar fáil le linn léirithe beo”.
Deir TG4 go gcaithfidh iarrthóirí “tuiscint dhomhain” a bheith acu ar “ghnéithe de chultúr agus de theangeolaícoht na Gaeltachta” le bheith san áireamh don phainéal seo chomh maith le “taithí ar chomhairleoireacht teanga, aistriúchán, nó réimsí eile gaolmhara”.
Murab ionann agus painéal láithreoirí aimsire TG4, ní bheidh na comhairleoirí nua teanga fostaithe ag an stáisiún ná ag na comhlachtaí léiriúcháin a bhainfidh úsáid as an tseirbhís. Beidh na comhairleoirí féinfhostaithe. Ní bheidh aon dualgas ar chomhlachtaí léiriúcháin úsáid a bhaint as an bpainéal ná ar na comhairleoirí glacadh le tairiscint oibre ó na comhlachtaí.
Seasfaidh an painéal nua trí bliana ach deir TG4 go bhféadfadh sé go gcuirfí leis i gcaitheamh na mblianta sin “ó am go chéile”.
Ciaran
Buíochas le Dia! Tá sé seo ag teastáil go géar uainn. Is minic a sheachnaím seónna áirithe de bharr chaighdeán teanga na láithreoirí (a gcuid foghraíocht go háirithe)… Mar fhoghlaimeoir mé féin is fearr liom a ndrochnósanna a sheachaint.
Bhí eagla orm go dtiocfadh an lá nach mbeinn in ann féachaint ar TG4 in aon chor!