‘Treo nua don Bhreatain’ san Eoraip geallta ag Starmer agus é ag iarraidh an cheannairc a chur faoi chois 

D'fhág torthaí tubaisteacha pháirtí an Lucht Oibre sna toghcháin áitiúla go raibh saol polaitiúil Keir Starmer amach anseo i mbaol

‘Treo nua don Bhreatain’ san Eoraip geallta ag Starmer agus é ag iarraidh an cheannairc a chur faoi chois 

Tá sé ráite ag Príomh-Aire na Breataine, Keir Starmer, go gcuirfidh sé ‘treo nua don Bhreatain’ i láthair ag an gcéad chruinniú mullaigh eile leis an Aontas Eorpach.

D’fhág torthaí tubaisteacha Pháirtí an Lucht Oibre sna toghcháin áitiúla go raibh saol polaitiúil Keir Starmer amach anseo i mbaol agus cúlbhinseoirí ag bagairt go gcuirfidís tús le feachtas le haghaidh na ceannaireachta.

Chuir Starmer cosa i dtaca agus rinne sé óráid láidir dhúshlánach in iarracht an cheannairc a chur faoi chois agus muinín a chothú ina cheannaireacht. Gheall sé go gcruthódh sé go raibh dul amú ar ‘lucht an amhrais’ agus d’áitigh sé “go ndearna sé na cinntí móra polaitiúla cearta” fiú má rinne sé botúin. Dúirt sé go seasfadh sé an fód in aon chomórtas don cheannaireacht seachas éirí as.

Rinne Reform UK dul chun cinn ollmhór ar chaillteanais na dTóraithe agus an Lucht Oibre sna toghcháin do na comhairlí áitiúla i Sasana.

Chlis an Lucht Oibre go dona freisin i Senedd Cymru agus den chúigiú huair choinnigh Páirtí Náisiúnta na hAlban [SNP] a ghreim ar Pharlaimint na hAlban. Ina dhiaidh aniar a bhí páirtí an Lucht Oibre agus é ag roinnt an dara háit le Reform.

Tá sé á ghealladh ag Starmer go gcuirfidh sé féin an Ríocht Aontaithe ar ais i gceartlár na hEorpa.

“An rud is mó a rinne an rialtas deiridh ár gcaidreamh leis an Eoraip a bhriseadh.

“An rud is mó a dhéanfaidh rialtas seo an Lucht Oibre ár gcaidreamh leis an Eoraip a athbhunú tríd an Bhreatain a chur ar ais i gceartlár na hEorpa.”

D’ionsaigh sé ceannaire pháirtí Reform, Nigel Farage, faoin mBreatimeacht.

“Dúirt sé [Farage] go ndéanfadh sé [an Breatimeacht] níos saibhre muid. Mícheart. Níos boichte a rinne sé muid. Dúirt sé go laghdódh sé an imirce. Mícheart. Chuaigh an imirce ó smacht ar fad. Dúirt sé go mbeimis níos sábháilte dá bharr. Mícheart arís. Níos laige a rinne sé muid.”

Dúirt Starmer “nach é amháin gur caimiléir” é Farage ach gur “cleasaí” a bhí ann freisin.

Cath ar son anam na Breataine a bhí sa dúshlán seo ó pháirtí na heite deise, Reform, a d’áitigh an Príomh-Aire.

“Níl anseo ach cath ar son anam ár náisiúin agus is mian liom a bheith iontach soiléir faoin gcaoi a n-éireoidh linne an ceann is fearr a fháil mar ní féidir linn an cath sin a bhuachan mar leagan níos uiscealaí de Reform nó an Páirtí Glas.

“Ní féidir linn buachan ach mar leagan níos láidre den Lucht Oibre, mórpháirtí cumhachta seachas páirtí agóide.”

D’fhógair Starmer go dtabharfadh an rialtas reachtaíocht chun cinn an tseachtain seo le náisiúnú a dhéanamh ar British Steel.

Dúirt sé go gcruthódh sé go raibh dul amú ar “lucht an amhrais”.

“Tá a fhios agam go bhfuil cantal ar dhaoine faoin mbail atá ar an mBreatain, go bhfuil cantal orthu leis an bpolaitíocht agus go bhfuil cantal ar roinnt daoine Iiomsa.

“Tá a fhios agam go bhfuil amhras ar roinnt daoine fúm agus tuigim go gcaithfidh mé a chruthú nach bhfuil siad ceart fúm, agus déanfaidh mé sin.”

Dúirt sé nach é amháin go raibh páirtí an Lucht Oibre ag troid in aghaidh Reform agus an Pháirtí Ghlais ach ag troid “in aghaidh an éadóchais ar a dtagann siadsan i dtír”.

D’admhaigh go raibh torthaí na dtoghchán áitiúil an tseachtain seo caite ‘an-chrua’ agus go nglacann sé féin ‘freagracht’ astu.

“Ach ní freagracht as na torthaí amháin atá i gceist,” a dúirt sé.

“Goilleann sé seo orm, ní hamháin toisc go ndearna an Lucht Oibre go dona, ach mura n-éiríonn linn é seo a dhéanamh i gceart, is dubh dorcha an bóthar atá i ndán dár dtír.”

D’éirigh le Reform UK breis is 1,500 suíochán ar na comhairlí a fháil sna toghcháin.

Bhí an lá le páirtí Nigel Faragei gceantair ina mbíodh páirtí an Lucht Oibre iontach láidir, amhail Sunderland agus Barnsley, dhá bhaile ina bhfuil ceannas ag Reform anois tar éis leathchéad bliain faoi cheannas an Lucht Oibre.

Le Plaid Cymru a bhí an lá sa mBreatain Bheag nuair a d’éirigh leo 43 comhairleoir a thoghadh ar Senedd Cymru ach fágann sin gann ar an tromlach iad mar go bhfuil 96 suíochán anois sa Senedd méadaithe.

Reform a bhí sa dara háit le 34 suíochán, cor nua ar fad don pháirtí sin sa mBreatain Bheag.

Don chúigiú toghchán as a chéile, bhí lá maith ag Páirtí Náisiúnta na hAlban agus toghadh 58 feisire dá chuid ach bhí 65 duine ag teastáil le tromlach a bheith aige i rialtas na hAlban i Holyrood, uaillmhian ag an bpáirtí.

17 suíochán a fuair an Lucht Oibre, toradh a d’fhág i bhfad ar gcúl sa dara háit iad i dteannta Reform, páirtí a ghnóthaigh ionadaíocht den chéad uair riamh i rialtas na hAlban.

Fág freagra ar '‘Treo nua don Bhreatain’ san Eoraip geallta ag Starmer agus é ag iarraidh an cheannairc a chur faoi chois '