Tá sé á rá ag uachtarán na Stát Aontaithe nach bhfuil aon fhonn air leanúint leis an sos comhraic leis an Iaráin.
Dúirt an tUachtarán Trump le CNBC go raibh cás láidir ag na Stáit Aontaithe san idirbheartaíocht agus go mbeadh “margadh iontach” acu sa deireadh.
Nuair a ceistíodh Trump faoi fhad a chur leis an sos comhraic, dúirt “Ní theastaíonn uaim é sin a dhéanamh. Níl mórán ama againn.”
Dúirt sé nach raibh “mórán ama” acu le margadh a dhéanamh agus d’áitigh go bhféadfadh an Iaráin “bonn an-mhaith a chur fúithi féin” ach margadh a dhéanamh le Washington.
“Sílim go mbeidh muid ag buamáil mar cur chuige níos fearr a bheadh ansin,” a deir sé.
Dúirt urlabhraí aireacht gnóthaí eachtracha na hIaráine, Esmail Baghaei, go raibh cinneadh fós le déanamh acusan faoi thoscaireacht a chur go Islamabad do bhabhta nua cainteanna leis na Stáit Aontaithe an tseachtain seo.
Agus Baghaei ag caint leis an BBC, léirigh sé imní faoi imshuí na Stát Aontaithe ar chalafoirt a thíre agus faoin ngabháil a rinne siad ar long de chuid na tíre, chomh maith leis na bagairtí atá á ndéanamh ag an Uachtarán Trump faoi infreastruchtúr na hIaráine a scrios.
“Le dea-chroí a ghlac muidne páirt sna cainteanna sin agus bhíomar an-dáiríre fúthu ach tá páirtí eile sna cainteanna a bhfuil easpa dáiríreachta léirithe acu, easpa macántachta. Tá a leagan amach á athrú acu seasta síoraí, an siar is aniar seo, is bagairtí faoi choireanna cogaidh,” a dúirt Baghaei.
Fág freagra ar '‘Sílim go mbeidh muid ag buamáil’ – amhras caite ag Trump ar chaint faoi fhad a chur le sos comhraic'