Deis ag Corcaigh agus Ros Comáin bearna fhada a shárú

Beidh an uile imreoir atá ag dul chun páirce do Chiarraí ag féachaint ar an gcluiche mar dheis é féin a chur in iúl don mbainistíocht, ach tá fágann líon na n-imreoirí gortaithe go bhfuil deis iontach ag Corcaigh

Deis ag Corcaigh agus Ros Comáin bearna fhada a shárú

Pé támáilteacht nó pé doicheall a bhí orainn i leith na gcluichí ceannais cúige anseo ó dheas le blianta, níorbh aon chabhair dúinn an tarrac a deineadh agus a fógraíodh don gcéad bhabhta craoibhe Dé Luain.

Toisc go bhfuil corn Pháidí Uí Shé le buachtaint don gcéad uair, toisc go bhfuil Corcaigh agus iad chomh tréan is a bhíodar le tamall ag teacht thar teora anoir, toisc go bhfuil Ciarraí leochaileach agus ochtar den bhfoireann a thosnaigh cluiche ceannais na bliana seo caite ar lár, bhí tuairim ann go mb’fhéidir gurb é cluiche ceannais cúige idir an dá chontae a mheallfadh na sluaite agus a chothódh cogar mogar na muintire as seo go dtí go gcaithfíí isteach an chaid ar a ceathrú chun dó amárach. Bhí daoine corrthónach agus cíocrach don gcéad uair le tamall.

Dhein tarrac oifigiúil CLG spior spear dó san ar fad Dé Luain. Pé caint atá á dhéanamh fé dhraíocht chluichí ceannais cúige idir Corcaigh is Ciarraí, táid siúd a leanann an chaid go dílis sa dá chontae agus leathshúil anois acu ar Dhún na nGall agus contae na Mí. Is deacair aon chúis a chur orthu. Tá rudaí eile i raon na súl anois acu agus in áit na corrthónachta is an chíocrais níl anois ach corrabhuais is cráiteacht.

Nuair a chonac an leagan amach a bhí ar fhoireann agus ar phainéal Chiarraí ach a bhfoilsíodh oíche Déardaoin é, taibhsíodh dom gur foireann do Chorn Mhic Craith a bhí roghnaithe ag Jack Ó Conchúir. Tá Shane Ryan, Tom O’Sullivan, Paul Murphy, Brian Ó Beaglaoich, Gavin White, Joe O’ Connor, Seanie O’Shea, Dylan Geaney agus Graham O’Sullivan in easnamh agus gan ach beirt de mhuintir Clifford agus Jason Foley aitheanta agus cruthanta sa ghleo. Leis an dtaithí ar fad atá aige, d’fhéadfá a rá go bhfuil captaen na foirne, Paul Geaney, amhlaidh ach tá ana-chuid ama caillte ar pháirc na himeartha i mbliana aige agus níl aon chinnteacht go bhfuil imreoir an Daingin ar a bhuille go fóill – ainneoin a dhíchill.

Ní dóigh liom go bhfuil aon iontaoibh ag aoinne as lucht leanta Chiarraí nuair a thagann siad leis an mbéal bocht acu an tráth seo den mbliain. Bí siúrálta, chomh maith, go bhfuil dearcadh ana-éagsúil ag imreoirí Chiarraí seachas a lucht leanúna. Beidh an uile imreoir atá ag dul chun páirce do Chiarraí amáireach ag féachaint ar an gcluiche mar dheis é féin a chur in iúl don mbainistíocht. Beidh an t-imreoir beag beann ar thuairim na coitiantachta agus é ar a thriail agus beidh sé luite amach air féin ag iarraidh an deis a thapú agus éirí amach Chorcaí a chur fé chois. Le barr measa, le taithí ghéar agus le ciall cheannaithe, beidh Corcaigh ar tinneall ó thús na himeartha go deireadh na scríbe.

Is deacair neamhaird a dhéanamh des na bearnaí i gcur chuige agus i mianach Chiarraí, áfach. As na bearnaí go léir atá le líonadh, is iad an cúl báire, Shane Ryan agus Seánie O’Shea is mó a bhraithfidh siad uathu. Is é O’Shea an ceann feadhain, an ginearál atá ar bhuíon Chiarraí. Ní ligfeadh an náire dhuit agus tú ag imirt taobh leis sna tosaithe, gan do dhá láimh a shailiú toisc go bhfuil sé féin ag déanamh amhlaidh.

Ar an dtaobh eile den bpáirc seans gur amáireach is mó a bheidh éagmais Shane Ryan le braistint. Tá cúigear fathach roghnaithe ó uimhir 8-12 ag Corcaigh. Glacaim leis go bhfuil fear Chnoc na Graí, Patrick Doyle, roghnaithe in áit Mhicheál Aodh Martin toisc go bhfuil sé níos seiftiúla lena chiceanna ach tabhair fé ndeara i mbáide Chiarraí go bhfuil Shane Murphy fé bhrú. Cúl báire iontach is ea Murphy agus é chomh healaíonta i ngnéithe teicniúla na himeartha is atá aon bháideoir sa chraobh. Tá drochnós aige, áfach, gan an cluiche a fheiscint agus a imirt 10 nó 20 soicind roimis amach.

Chífir an nós sin uaireanta sna roghanna a dheineann sé anois is arís a fhágann comhghleacaithe lár páirce fé bhrú – go háirithe nuair a theanntaíonn sé cuid dá chosantóirí féin sna cúinní le ciceanna amach gearra. Is easnaimh ollmhóra iad Paul Murphy, Brian Ó Beaglaoich agus Gavin White do Murphy amáireach toisc gur triúr iad atá ábalta sparán síoda a dhéanamh den gcluais mhuice a chaitheann an báideor chuchu ar uairibh. Déanfaidh Colm O’Callaghan, Ian Maguire, Paul Walsh, Seán McDonnell agus Ruairí Deane robach ar chic amach Murphy amáireach agus ní faic é go dtí go dtagann fathach Bhaile an Mhistéalaigh, Seán Walsh, agus Conor Corbett chun páirce. Leis an mbéim ar sheilbh ón gcic amach ag an uile fhoireann anois, is deacair dom a fheiscint conas a gheobhaidh Ciarraí greim ar Chorn Pháidí Uí Shé agus conas a sheachnóidh siad a gcéad treascairt craoibhe i gCill Airne i gcoinne Chorcaí le bliain is tríocha.

I bPáirc de hÍde i Ros Comáin níos déanaí amáireach, beidh deis ag Ros Comáin bearna atá nach mór inchurtha leis sin a shárú. Tá cúig bliana fichead ó bhuaigh na Rossies craobh Chonnacht ar a bpaiste féin. Tá an chraobh buaite cheana acu in 2017 agus 2019 agus buaite ar an nGaillimh acu an dá bhabhta…ach ní sa Hyde a buadh iad. B’fhéidir go bhfuil an iomarca adhmaid á bhaint againn as an dtréimhse fhada nár bhuaigh Ros Comáin Corn Nestor ar a bpaiste féin ach cuireann sé leis an léamh agus leis an insint atá ag scata orthu – gur dream iad seo ná rinceann nuair a lastar an lampa. Ní dóigh liom go mbeidh deis níos fearr acu ná an lá amáireach.

Ní gá duit ach féachaint ar a bhfuil de chumas ar an mbinse amáireach acu. Tá Ruaidhrí Fallon, Brian Stack, Daire Cregg agus Conor Hand chomh cumasach d’ionadaithe is atá ag aon chontae ach toisc na cleití a bheith chomh hard acu tar éis a mbua ar Mhaigh Eo, ba dheacair iad siúd a bhí i seilbh na ngeansaithe a chur amach.

Tá an tsaontacht a luafá tráth le Ros Comáin á dhíbirt beagán ar bheagán agus beidh na haon chuid den gcruas sin in airde staighre ag teastáil mar tá an chuma ar an scéal go bhfuil an Ghaillimh féin ag teacht ar thuiscint anois ar conas na himreoirí is fearr sa chontae (seachas Matthew Thompson) a chur chun páirce ag an tráth is cinniúnaí sa bhliain.

Aoinne gur deas leo ealaín agus ceard na caide, beidh áthas orthu Shane Walsh a fheiscint le geansaí uimhir 14 air agus más comhrac na muc a bheidh faoin gcic amach againn, dála Chorcaí ó 8-12, tá slatairí fir ag Gaillimh i gConroy, Maher, Flaherty, McDaid agus Darcy a raghadh guaille ar ghuaille le haon mhuic. Tá Conor Carroll chomh tomhaiste lena chic amach, áfach, go dtaibhsítear dom go mbeidh seift éigin aige chun an cúigear san a sheachaint. Is deacair cúig chraobh as a chéile a bhaint amach in aon spórt ach an dúshlán a bhíonn ag Ros Comáin ná dhá chluiche maith as a chéile a imirt. Deinim amach gur déine a raghaidh sé ar an nGaillimh a sprioc siúd a bhaint amach amáireach.

Fág freagra ar 'Deis ag Corcaigh agus Ros Comáin bearna fhada a shárú'