GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Margaí Bia Móréilimh Fhine Gall ag Filleadh i Samhradh 2026

Tar éis séasúr píolótach ar éirigh go hiontach leis anuraidh, tá sé fógartha ag Comhairle Contae Fhine Gall go mbeidh na margaí bia a raibh an-éileamh orthu ag filleadh ar Fhine Gall i mbliana. Tar éis séasúr píolótach ar éirigh go hiontach leis anuraidh, tá sé fógartha ag Comhairle Contae Fhine Gall go mbeidh na […]

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Margaí Bia Móréilimh Fhine Gall ag Filleadh i Samhradh 2026

Tar éis séasúr píolótach ar éirigh go hiontach leis anuraidh, tá sé fógartha ag Comhairle Contae Fhine Gall go mbeidh na margaí bia a raibh an-éileamh orthu ag filleadh ar Fhine Gall i mbliana.

Tar éis séasúr píolótach ar éirigh go hiontach leis anuraidh, tá sé fógartha ag Comhairle Contae Fhine Gall go mbeidh na margaí bia a raibh an-éileamh orthu ag filleadh ar Fhine Gall i mbliana. Beidh na margaí iontacha seo, ar tugadh ‘Margaí Taiscéalaíochta Fhine Gall’ orthu, ar siúl i dtrí ionad le linn an tsamhraidh: Caisleán Shoird, Músaem Macasamhla Iarnróid an Chasaíne i Mullach Íde agus dhá dháta i bPáirc na Mílaoise i mBaile Bhlainséir, ionad nua nach raibh in úsáid anuraidh.

Tosóidh Margaí Taiscéalaíochta Fhine Gall an mhí seo, an Bealtaine, agus leanfaidh siad i gcaitheamh an tsamhraidh, agus beidh cead isteach saor in aisce chucu go léir. Beidh siad ar fad ar siúl Dé Sathairn, agus beidh béim ar leith ag an raon leathan mangairí ar tháirgí áitiúla, agus ionadaíocht láidir ann ag Ciorcal Bia Fhine Gall agus ag Feirmeoirí Fhine Gall.

Aon mhangairí a bhfuil spéis acu seastán a bheith acu le bheith ag trádáil ag na margaí, tugtar cuireadh dóibh ríomhphost a sheoladh chuig foodmarkets@explorefingal.ie

Beidh tuilleadh sonraí ar fáil ar an suíomh gréasáin agus ar leathanaigh mheán sóisialta Explore Fingal.

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag tacú le margaí neamhspleácha ar fud Fhine Gall freisin. Tá margaí bia á bhforbairt mar chuid de chur i bhfeidhm an Bheartais Bia agus Deochanna agus na Straitéise Turasóireachta.

Dátaí do Mhargaí Taiscéalaíochta Fhine Gall – Samhradh 2026

Mullach Íde: Músaem Macasamhla Iarnróid an Chasaíne

Gach Satharn ón 2 Bealtaine go dtí an 29 Lúnasa (10am-4pm)

Sord: Caisleán Shoird

Bealtaine-Meán Fómhair, an tríú Satharn den mhí (10am-3pm)

16ú Bealtaine, 20ú Meitheamh, 18ú Iúil, 15ú Lúnasa, 19ú Meán Fómhair

Baile Bhlainséir: Páirc na Mílaoise

Dé Sathairn, an 13 Meitheamh, Dé Sathairn an 4 Iúil (12 meán lae-6pm) AGUS margadh ag an bhféile Blanch Fest – Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh, an 22-23 Lúnasa

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Margaí Bia Móréilimh Fhine Gall ag Filleadh i Samhradh 2026'