GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Féile Coastival ag filleadh ar Dhún Laoghaire le Naoi Lá de Spraoi Teaghlaigh, Cultúr agus Eachtraíocht Cois Cósta

tugann Coastival deis do chuairteoirí den uile aois an chuid is fearr de Dhún Laoghaire a bhlaiseadh le clár lán d’imeachtaí feadh an chósta

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Féile Coastival ag filleadh ar Dhún Laoghaire le Naoi Lá de Spraoi Teaghlaigh, Cultúr agus Eachtraíocht Cois Cósta

Tá Coastival á chur ar siúl arís an Iúil seo, agus tá sé ráite ag Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin go mbeidh ceiliúradh naoi lá d’oidhreacht mhara, de chultúr, agus de spiorad pobail i gceist leis ón 4-12 Iúil. Sheol an Cathaoirleach, an Comhairleoir Barry Saul an fhéile go hoifigiúil an tseachtain seo.

Le laethanta teaghlaigh, scéalaíocht, imeachtaí ealaíon, gníomhaíochtaí uisce-bhunaithe, siamsaíocht bheo agus sárthaispeántais eitleog, tugann Coastival deis do chuairteoirí den uile aois an chuid is fearr de Dhún Laoghaire a bhlaiseadh le clár lán d’imeachtaí feadh an chósta.

Tosóidh an fhéile Dé Sathairn an 4 Iúil le Lá na Seirbhísí Éigeandála ag Ché Mhichíl, a mbíonn fíoréileamh air. Beidh deis ag teaghlaigh bualadh leis na daoine a chabhraíonn chun pobail a choinneáil sábháilte agus beidh siad in ann dul an-ghar do raon suntasach feithiclí éigeandála, bád agus trealaimh speisialta. Is imeacht é seo a mbíonn an-tóir ag cuairteoirí de gach aois air, ina gcuirtear léargas iontach ar fáil ar obair sheirbhísí freagartha éigeandála na hÉireann.

I rith na seachtaine, cuirfidh Coastival an cultúr, an chruthaitheacht, agus an sainspiorad mara a bhaineann le Dún Laoghaire ar taispeáint. Beidh cuairteoirí in ann pléisiúr a bhaint as Féile Sráid-Seinnte dlr, taispeáintí scannán, turais siúil, aistir mhara, imeachtaí ealaíon agus raon leathan gníomhaíochtaí ionchuimsitheacha spóirt agus áineasa ar tír agus ar muir.

Dé Sathairn an 11 Iúil, cuirfear fáilte roimh theaghlaigh chuig Lá Spraoi Teaghlaigh Coastival ag Leabharlann LexIcon dlr. Ar an lá, a chuirfidh Leabharlanna dlr i láthair, beidh scéalaíocht, ceardlanna cruthaitheacha, taibhithe agus gníomhaíochtaí a bheidh oiriúnach don teaghlach, a dearadh chun an tsamhlaíocht a spreagadh, an chruthaitheacht a chothú agus pobal a cheiliúradh.

Beidh buaic na féile ar siúl Dé Domhnaigh an 12 Iúil le Lá Teaghlaigh Atmosphere i mBaile Nua Mhic Gabhann. Buaicphointe an tráthnóna a bheidh sa sárthaispeántas eitleog, ag a gclaochlófar an spéir os cionn Dhún Laoghaire ina cheiliúradh ildaite ar an eitilt agus ar an gcruthaitheacht. Bainfidh cuairteoirí sult as ceardlanna déanta eitleog, seónna draíochta, léirithe sorcais, cluichí ollmhóra, eitpheil trá, réada inséidte, péinteáil aghaidhe agus siamsaíocht bheo ar feadh an lae.

Mar chuid de thiomantas na Comhairle don inrochtaineacht agus don ionchuimsiú, beidh Bus Céadfach tiomnaithe ag Lá Teaghlaigh Coastival freisin, chun spás fáilteach tacúil do leanaí agus do dhaoine óga néara-éagsúla agus dá dteaghlaigh.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an gComhairleoir Barry Saul, Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin:

Is ceiliúradh iontach ar Dhún Laoghaire é Coastival, lena dtugtar le chéile ár n-oidhreacht mhara agus an saol cultúrtha dinimiciúil atá ag dul ó neart go neart go fóill anseo. Is deis é chun an pobal seo againne a thabhairt le chéile agus fáilte a chur roimh chuairteoirí chun atmaisféar uathúil ár mbaile calafoirt a bhlaiseadh. Molaim don uile dhuine teacht chuig an bhféile, pléisiúr a bhaint as an gclár, agus tacú leis na gnólachtaí áitiúla iontacha a dhéanann áit chomh beoga sin de Dhún Laoghaire.

Is cuid de thiomantas leanúnach Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin é Coastival chun eispéiris chultúrtha ionchuimsitheacha inrochtana rannpháirteacha a chruthú a chuireann aitheantas cósta an cheantair os comhair an phobail agus a thacaíonn le nascacht pobail agus le gnólachtaí áitiúla ag an am céanna. Agus imeachtaí ar siúl fud fad thréimhse na féile, is cinnte go mbeidh Coastival 2026 ina cheiliúradh ar an gcultúr, ar an gcruthaitheacht agus ar an bpobal cois farraige nach ndéanfar dearmad air.

Chun na sonraí iomlána agus nuashonruithe ar imeachtaí a fháil, téigh go https://www.dlrcoco.ie/dlr-events/event/coastival-2026 nó lean Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin ar na meáin shóisialta.

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Féile Coastival ag filleadh ar Dhún Laoghaire le Naoi Lá de Spraoi Teaghlaigh, Cultúr agus Eachtraíocht Cois Cósta'