Tá ríméad ar Leabharlanna Laoise a fhógairt go bhfuil Réaltaí Samhraidh, clár léitheoireachta náisiúnta saor in aisce an tsamhraidh do pháistí, ar ais arís do 2026 le himeachtaí iontacha, luach saothair agus duaiseanna le buachan ar fud na tíre.
Seoladh an clár go hoifigiúil Dé Máirt, an 9 Meitheamh 2026 le cuairt speisialta ón údar sárdhíola do pháistí, Shane Hegarty, a tháinig i láthair in éineacht leis an gCathaoirleach Barry Walsh, Leabharlannaí an Chontae Bernie Foran, Leabharlannaí Feidhmiúcháin Sinsearach Suzanne Carroll, an Leabharlannaí Rachel Hoban agus foireann na leabharlainne chun ceiliúradh a dhéanamh le daltaí ó Rang 3 ó Scoil Shinsearach an Teaghlaigh Naofa, Port Laoise. Mhol Shane do na daltaí leabhair nua a thriail agus teacht ar phléisiúr na léithreoireachta an samhradh seo.
Le Réaltaí Samhraidh, moltar do leanaí coinneáil orthu ag léamh le linn laethanta saoire na scoile, agus spraoi a bheith acu ag an am céanna trí leabhair a thaitníonn go mór leo a roghnú. An bhliain seo caite, ghlac beagnach 2,000 páiste páirt sa dúshlán ar fud Chontae Laoise.
Beidh an clár ar siúl go dtí an 31 Lúnasa 2026 agus tá sé oscailte do leanaí suas go 12 bhliain d’aois. Is féidir le leanaí clárú in aon bhrainse leabharlainne i gContae Laoise agus tabhairt faoin dúshlán chun 8 leabhar a léamh i gcaitheamh an tsamhraidh. Gheobhaidh gach duine a chláraíonn don dúshlán pacáiste gníomhaíochta Réaltaí Samhraidh, agus má chríochnaíonn siad an dúshlán, gheobhaidh siad teastas agus bonn agus cuirfear isteach i gcrannchur duaiseanna ar leibhéal an bhrainse. I gcás páistí a léann 16 leabhar agus a chuireann Dúshlán Léitheoireachta an tSár-Réalta i gcrích, cuirfear isteach i gcrannchur duaiseanna ar leibhéal an chontae iad, trína mbeidh duaiseanna ar fáil amhail Pas Teaghlaigh do Páirc Smaragaide, Dearbhán Rollála & Babhlála agus Dearbhán chuig Feirm Oscailte Radharc an Chaisleáin.
Beidh go leor imeachtaí agus gníomhaíochtaí saor in aisce Réaltaí Samhraidh ar siúl ar fud leabharlanna Laoise i rith an tsamhraidh. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na himeachtaí go léir atá ar na bacáin, téigh go: https://laois.ie/libraries/reading-and-literacy/right-to-read-programme
Tá sé iomlán saor in aisce chun pairt a ghlacadh sa dhúshlán agus freastal a dhéanamh ar imeachtaí Réaltaí Samhraidh. Téigh chuig do leabharlann áitiúil chun clárú agus tús a chur le heachtra Réaltaí Samhraidh!
Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Réaltaí Samhraidh 2026 Seolta i Leabharlanna Laoise'