Uchtach d’Aontachtaithe agus neartú lucht neamhspleáchais?

A rogha féin ag gach dream as an greadadh a thug vótóirí don Lucht Oibre

Uchtach d’Aontachtaithe agus neartú lucht neamhspleáchais?

Bhí ‘féirín do gach duine’ i dtorthaí na dtoghchán áitiúil sa mBreatain Mhór nó sin é a cheapfá ó fhreagra na bpolaiteoirí i dTuaisceart Éireann.

Tá an Ríocht Aontaithe láidir, páirtithe a sheasann leis an Aontas a fuair móramh na suíochán dar le Emma Little-Pengelly, DUP. Ar an lámh eile léiriú soiléir iad na torthaí nach féidir neamhshuim a dhéanamh feasta den éileamh ar neamhspleáchas ó tá an ghluaiseacht i dtreo athrú bunreachtúil ag bailiú nirt, dar le Michelle O’Neill, Sinn Féin.

Scríobh an Chéad-Aire in Stormont, Michelle O’Neill in alt nuachtáin ar an Luan go raibh athrú suaithinseach tarlaithe. Tá an tAontas ag titim as a chéile ar sí agus lucht tacaíochta neamhspleáchais i gceannas in Albain, sa Bhreatain Bheag agus i dTuaisceart Éireann. Tá polaitíocht na heite deise ag neartú in Westminster ar sí, cor nach é leas na Breataine Bige, na hAlban ná an Tuaiscirt é.

Bhí daoine bréan de pholaitíocht Westminster. Theastaigh athrú uathu ón déine, an cruatan, Breatimeacht, laige na seirbhísí poiblí agus an ghéarchéim costas maireachtála, dar léi. Ba chruthúnas é sin go raibh sé in am ag na réigiúin féinchinntiúchán agus neamhspleáchas a fháil ar sí. Bhí sí ag dréim le bheith ag comhoibriú leis na Chéad-Airí John Swinney agus Rhun ap Iorwerth chun fóint ar an bpobal agus a léiriú go soiléir go bhfuil rogha eile seachas lag-sheirbhís Westminster.

Ní nach ionadh níorbh é an léamh céanna a bhí ag aontachtaithe. Dúirt Gavin Robinson, ceannaire an DUP, nach raibh baint ar bith ag bua Plaid Cymru agus an SNP le hathrú bunreachtúil. Léiriú ab ea é ar mhíshástacht an phobail le rialtas an Lucht Oibre, ar sé. Ní raibh iontas air go léimfeadh lucht neamhspleáchais ar na torthaí mar thacaíocht dóibh féin ach bhí dul amú orthu ar sé. Ba é mian an DUP a chinntiú go mbeadh Tuaisceart Éireann rathúil taobh istigh den Ríocht Aontaithe, ar sé, ach bheadh Sinn Féin ag iarraidh a bheith sna ceannlínte agus ag tairiscint dátaí – a bhíonn ag síorathrú – le haghaidh reifrinn.

Mheabhraigh Emma Little-Pengelly dá lucht leanúna nach bhfuil poblachtánach náisiúnach i gceannas (ina haonar) sa Tuaisceart. Comh-aireacht roinnte léi-se, aontachtach, is ea oifig an Chéad-Aire agus LeasChéad-Aire. ‘Siad aontachtaithe an bloc is mó in Stormont i gcónaí, ar sí.

Dúirt John Burrows, ceannaire an UUP, go raibh an t-aontachtachas láidir in Albain agus sa Bhreatain Bheag. Mhaígh sé gur léirigh na torthaí ‘gur fearrde na ceithre náisiúin a rannpháirtíocht san aontas’. Ciceáil don Lucht Oibre ab ea na torthaí agus níor mhór dóibh a thaispeáint in óráid an Rí Charles inniu Dé Céadaoin go raibh ceacht foghlamtha.

Ba é an TUV an t-aon pháirtí a d’fháiltigh roimh bhua Reform UK agus Nigel Farage. Beifear ag faire ar an gcaidreamh idir na páirtithe aontachtachta agus Reform ina dhiaidh seo. Bhí an TUV agus an DUP ag sodar ina ndiaidh le tamall ach amhras ar mhórán de chosmhuintir na n-aontachtach gur bheag suim a bheadh ag Farage i leas Thuaisceart Éireann. Lig sé an TUV síos cheana nuair a shíl siad go raibh tacaíocht acu óna pháirtí ach sheas seisean le Ian Paisley (an mac) agus le Sammy Wilson a chomhbhádóirí i bhfeachtas an Bhreatimeachta.

Níl aon cheist faoin suaitheadh a bhain torthaí na seachtaine seo caite as an mbunaíocht sa Bhreatain, an tírdhreach athraithe ó bhonn. Tír ollpháirtí é feasta agus guagacht i ndán di. Leanfaidh an dá thaobh abhus ag baint adhmad a fheileann dóibh féin as an gcor is deireanaí ach ní léir go fóill an ndéanfaidh sé difríocht.

Fág freagra ar 'Uchtach d’Aontachtaithe agus neartú lucht neamhspleáchais?'