Dhá oiread níos mó glaonna i nGaeilge faighte ag na Coimisinéirí Ioncaim, ach céatadán beag bídeacha bhí iontu  

Tá an 8,400 glaoch i nGaeilge a cuireadh ar na Coimisinéirí Ioncaim beagnach a dhá oiread níos airde ná an 4,467 a bhí i gceist in 2024

Dhá oiread níos mó glaonna i nGaeilge faighte ag na Coimisinéirí Ioncaim, ach céatadán beag bídeacha bhí iontu  

Chuir an pobal a dhá oiread glaonna i nGaeilge ar na Coimisinéirí Ioncaim anuraidh ná mar a cuireadh an bhliain roimhe ach is i nGaeilge a bhíonn níos lú ná 0.5% de na glaonna a fhaightear go fóill.

Deirtear i dTuarascáil Bhliantúil 2025 na gCoimisinéirí Ioncaim gur freagraíodh 8,400 glaoch a cuireadh ar línte cabhrach Gaeilge anuraidh. Is ionann sin agus 0.46% den 1.8 milliún glaoch ón bpobal a freagraíodh.

Tá an 8,400 glaoch sin a rinneadh i nGaeilge beagnach dhá oiread níos airde ná an 4,467 a bhí i gceist in 2024 agus an 4,595 a rinneadh in 2023.

Tháinig laghdú mór idir 2024 agus 2025 ar líon an chomhfhreagrais i nGaeilge a rinneadh leis na Coimisinéirí Ioncaim, áfach. Deirtear i dtuarascáil 2025 gur freagraíodh 225 mír comhfhreagrais i nGaeilge. 682 an figiúr a bhí i gceist i nGaeilge.

Deir na Coimisinéirí Ioncaim gur dhéileáil siad le 4.5 milliún mír comhfhreagrais in 2025, rud a fhágann nach raibh ach 0.005% díobh i nGaeilge.

Deirtear go bhfuil teacht ag an bpobal ar sheirbhís trí Ghaeilge ar shuíomh idirlín na gCoimisinéirí Ioncaim chomh maith agus gur aistríodh “níos mó ná milliún focal” le foilsiú ar an suíomh céanna le linn 2025.

Deir na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuil rannóg Gaeilge san eagraíocht a chintíonn go bhfuiltear ag cloí lena n-oibleagáidí faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, agus go bhfuil “bainisteoir sinsearach” ceaptha chun maoirseacht a dhéanamh ar an obair sin.

Tá dualgas ar chomhlachtaí poiblí 20% dá gcaiteachas margaíochta a chaitheamh ar fhógraí i nGaeilge agus 5% ar fhógraí leis na meáin Ghaeilge agus deir na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuiltear ag cloí “go hiomlán” leis na dualgais sin.

In 2014, ba iad na Coimisinéirí Ioncaim an chéad dream riamh a rinne achomharc faoi chinneadh de chuid an Choimisinéara Teanga ach diúltaíodh dó san Ard-Chúirt.

Bhain an cás le faisnéis faoin gcáin mhaoine áitiúil a dháil na Coimisinéirí Ioncaim ar an bpobal i gcoitinne idir 2012 agus 2013. Dáileadh an fhaisnéis ar 1.6m teach ar fad, ach níor dáileadh leagan Gaeilge di ach ar roinnt bheag mílte duine.

Fág freagra ar 'Dhá oiread níos mó glaonna i nGaeilge faighte ag na Coimisinéirí Ioncaim, ach céatadán beag bídeacha bhí iontu  '