Athbhreithniú á dhéanamh ag Fondúireacht Nelson Mandela ar an úsáid a bhaineann Ollscoil na Gaillimhe as ainm Mandela

Tá imní ar an Nelson Mandela Foundation faoin gceangal atá ag Ollscoil na Gaillimhe le Technion, ollscoil taighde agus teicneolaíochta in Iosrael a bhíonn ag obair le tionscal na n-arm

Athbhreithniú á dhéanamh ag Fondúireacht Nelson Mandela ar an úsáid a bhaineann Ollscoil na Gaillimhe as ainm Mandela

Nelson Mandela in Ollscoil na Gaillimhe in 2003. Pictiúr: Aengus McMahon

Tá athbhreithniú á dhéanamh ag an Nelson Mandela Foundation ar an úsáid a bhaineann Ollscoil na Gaillimhe as ainm Nelson Mandela, an chéad uachtarán ar an Afraic Theas.

Tuairiscíodh ar an gclár 7Lá ar TG4 go raibh an t-athbhreithniú ar bun ag an Nelson Mandela Foundation mar gheall ar an gconspóid faoi cheangal a bheith ag Ollscoil na Gaillimhe le Technion, ollscoil taighde agus teicneolaíochta in Iosrael a bhíonn ag obair le tionscal na n-arm in Iosrael agus le leithéid an mhórdhéantóra arm, Eilbet Systems.

Deir Ollscoil na Gaillimhe go bhfuil ceangal conartha orthu leanúint lena gcomhpháirtíocht le Technion agus na páirtnéirí eile atá ag plé leis an togra taighde ASTERIX a bhfuil sé mar aidhm aige bealaí a fhorbairt chun hidrigin a bhaint as an sáile.

Deir Ollscoil na Gaillimhe go bhfuil comhairle dlí faighte acu faoin gconradh taighde agus nach bhfuil sé i gceist aon chonradh a dhéanamh le hinstitiúidí in Iosrael.

I ráiteas a cuireadh ar fáil do 7Lá ar TG4, dúirt Fondúireacht Nelson Mandela go raibh an t-athbhreithniú ar bun mar chuid den chúram atá orthu cosaint a thabhairt do dhea-cháil agus oidhreacht Mandela, a ainm, a íomhá agus aon mhaoin intleachtúil a bhaineann leis san áireamh.

Dúirt an Nelson Mandela Foundation gur bhain an t-athbhreithniú leis an imní a bhí ann faoi ghradam darb ainm an Nelson Mandela Leadership Award a bheith á bhronnadh ag Ollscoil na Gaillimhe. Bronntar an gradam sin ar mhic léinn a dhéanann gaisce ó thaobh na habhcóideachta ar son an chirt agus chearta an duine.

Nelson Mandela in Ollscoil na Gaillimhe in 2003. Pictiúr: Aengus McMahon

Thug Nelson Mandela, ar bronnadh Gradam Nobel na Síochána air i 1993, cuairt ar Ollscoil na Gaillimhe in 20023 agus bronnadh dochtúireacht oinigh air.

An mhí seo caite shocraigh beirt mhac léinn ar bhronn Ollscoil na Gaillimhe an Nelson Mandela Leadership Award orthu Dylan and Shane O’Halloran, a ngradaim a thabhairt suas mar agóid in aghaidh na comhghuaillíochta taighde idir an Ollscoil agus Technion.

Dúirt an tOllamh Siobhán Mullally, Stiúrthóir Ionad Cearta Daonna Ollscoil na Gaillimhe gur chóir don ollscoil tús a chur le hiarracht deireadh a chur lena conradh le Technion.

Dúirt Mullally go mbeadh gá “le cinneadh ag leibhéal an Aontais Eorpaigh” agus ag an meitheal taighde chun deireadh a chur leis an gconradh.

“Mar sin féin, is é ár dtuairim gur cheart don Ollscoil tús a chur leis an bpróiseas agus an chéad chéim a thabhairt trí argóint chomh láidir agus is féidir a dhéanamh, argóint a léireodh na dualgais dlí atá ann de dheasca an chinedhíothaithe in Gaza, a dhearbhaigh Coimisiún Fiosrúcháin na Náisiún Aontaithe…”

Dúirt an tOllamh Mullaly gur chóir don Ollscoil cás a dhéanamh a léireodh na dualgais eiticiúla atá ann i dtaca le taighde atá maoinithe ag an AE agus na dualgais atá ann i leith an dlí a bhaineann le cearta an duine. Dúradh gur chóir don Ollscoil a lua chomh maith go bhfuil baol ann go mbainfeadh an IDF leas as breosla hidrigine.

Fág freagra ar 'Athbhreithniú á dhéanamh ag Fondúireacht Nelson Mandela ar an úsáid a bhaineann Ollscoil na Gaillimhe as ainm Mandela'

  • Mícheál Ó Flaithearta

    Ba chóir don institiúid cois Coiribe a léiriú go bhfuil cnáimh droma acu!