Mar a bhíothas a thuar go forleathan roimh ré, d’éirigh go dona le Páirtí Lucht Oibre na Breataine agus le príomh-aire na tíre, Keir Starmer, i dtoghcháin áitiúla Shasana.
Chaill Páirtí an Lucht Oibre os cionn 1,500 suíochán ar chomhairlí ar fud Shasana, agus ghéill siad an Balla Dearg cáiliúil i lár Shasana don pháirtí frith-AE, Reform.
Chaill Coimeádaigh Shasana suíocháin ar fud Shasana freisin, in áit leas a bhaint as meath an Lucht Oibre. Is é Reform, go háirithe, agus an Páirtí Glas, a fuair an buntáiste.
Chaill Páirtí an Lucht Oibre os cionn míle suíochán agus ceannas ar 28 comhairle. Chaill na Coimeádaigh 500 suíochán agus ceannas ar sé chomhairle. Bhain Reform os cionn 1,200 comhairleoir nua agus ceannas acu ar 12 comhairle. Ní raibh ceannas acusan ar chomhairle ar bith roimh na toghcháin
Mar bharr ar an anachain sin do Pháirtí an Lucht Oibre, tubaiste eile a bhí ann dóibh in Albain agus sa Bhreatain Bheag, áit ar tháinig na páirtithe neamhspleáchais áitiúla, Páirtí Náisiúnta na hAlban agus Plaid Cymru, chun cinn mar phríomhpháirtithe chun a bheith i gceannas ar rialtais dhíláraithe an dá náisiún Ceilteach.
Níl móramh glan ag an SNP in Albain (58 as 129), ach tá siad chomh mór sin chun tosaigh ar na páirtithe eile nach bhfuil aon dabht ann ach go mbeidh siad i gceannas ar an rialtas. Tá Páirtí an Lucht Oibre, a bhíodh ina máistrí ar Albain ar feadh na mblianta fada, sa dara áit agus iad ar comhchéim le Reform ar 17 suíochán.
Is fiú a rá go bhfuil an Páirtí Glas, a fuair 15 suíochán, ar son neamhspleáchas na hAlban freisin agus tacóidh siadsan le héileamh go mbeadh reifreann eile ann faoin scéal.
Sa mBreatain Bheag cuireadh páirtí an Lucht Oibre sa tríú háit taobh thiar de Plaid Cymru de Reform. Níl móramh ag Plaid ach toisc go bhfuil na páirtithe eile ag diúltú aon ghnó a dhéanamh le Reform, níl aon dabht ach go mbeidh Plaid Cymru i gceannas ar an rialtas ansin.
Bhíodh Páirtí an Lucht Oibre i gceannas ar an mBreatain Bheag ar feadh na mblianta ach chaill siad 35 suíochán agus fágtha le naoi gcinn. 34 suíochán atá ag Reform sa dara háit. Chaill ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre, agus iarchéad-aire na Breataine Bige, Eluned Morgan, a suíochán.
Ag é ag trácht ar an tubaiste, dúirt Morgan go gcaithfidh an páirtí filleadh ar a bheith ina ghuth don aicme oibre. Níor luaigh sí Starmer ach ba léir go raibh sí ag rá gur mar gheall ar pholasaithe Starmer a tharla an tubaiste.
Dhein Starmer iarracht cuma an mhisnigh a chur air féin faoi na torthaí, ag áitiú nach siúlfadh sé amach as an bpost mar go bhfágfadh sin an tír in achrann, ach tá an chaint gur chóir dó éirí as, a bhí le cloisteáil roimh an toghchán, ag éirí níos treise anois. Gan dabht, níl ann ach ceist ama.
Ní ceist phearsantachta é ag deireadh thiar ámh fiú má chuireann Starmer déistin as cuimse ar ghnáthoibrithe na Breataine. Ceist pholasaí atá ann, mar ba bheag an difear idir dearcadh rialtas Starmer agus dearcadh na dTóraithe a bhí i gceannas roimhe.
Ó tháinig sé i gcumhacht, dhein Starmer ionsaí ar an aicme oibre, ag diúltú íocaíocht bhreosla do phinsinéirí mar shampla. Mar a deir an nuachtán de chuid na heite clé Morning Star, ní hí pearsantacht Starmer amháin is cúis leis an tubaiste ach na polasaithe a lean sé, is í an fhírinne gur thréig sé an aicme oibre.
Spéisiúil mar sin go bhfuil ceannairí ceardchumainn ag éileamh go n-imeodh Starmer láithreach.
Ach cé a thiocfadh i gcomharbas air? Níl an fear is mó a luaitear leis an bpost, Andy Burnham, sa bparlaimint (chuir Starmer cosc air seasamh i bhfothoghchán le deireanas chun é a choinneáil amach). Seans go bhfágfaí Starmer sa bpost go dtí gur féidir Burnham a chur sa bparlaimint.
Bunaithe ar na figiúirí seo is é Nigel Farage ó Reform a bheidh ina phríomh-aire i ndiaidh an chéad olltoghcháin eile.
Dhein Micheál Martin a bheag den fhéidearthacht sin toisc nach dteastaíonn uaidh páirtí atá an-soiléir faoi bheith frith-Eorpach a fheiceáil i gceannas i Sasana. Ar ndóigh d’fhéadfadh athrú teacht ar dhearcadh na vótóirí ach i láthair na huaire is féidir a rá go cinnte go bhfuil deireadh leis an seanréimeas dhá pháirtí agus leis an gcóras ‘an chéad duine thar an líne’ a dheimhnigh é.
Tá córas ilpháirtí sa Bhreatain anois, cibé acu is maith leo sin nó nach maith, agus ní bheidh an pholaitíocht ann mar a chéile go deo arís.
Fág freagra ar 'Tubaiste do Starmer agus córas ilpháirtí sa Bhreatain anois'