Deireadh na líne traenach,
imeall mhór-roinn na hEorpa.
Bad bán ar fharraige ghorm.
Seantithe arda,
sráideanna cúnga.
Lán turasóirí.
Long chrúsála a bhí sa bhád bán.
Ceann eile ag teacht.
Carranna ar an mbealach.
Póstaer ar bhalla:
léaráid d’árasán.
Seanlánúin Spáinneach ag bogadh amach,
fámairí óga ag bogadh isteach.
Don deireadh seachtaine.
Cathair 3,000 bliain d’aois.
Seasann a seanbhallaí.
Ach ligeadh isteach Capall na Traí
darb ainm Airbnb.
Ó thosaigh mé ar m’aistear Interrail timpeall na hEorpa an mhí seo caite, is iomaí cathair atá feicthe agam ar fhág an turasóireacht lorg láidir orthu. Is minic a luaitear Barcelona leis an róthurasóireacht gan dabht, ach tháinig an líon mór cuairteoirí a chonaic mé i leithéidí Trieste, Ljubljana agus fiú amháin Bratislava aniar aduaidh orm.
Ach scéal ar leith atá in Cádiz. Níl inti ach cathair bheag agus dá bharr sin seasann na sluaite turasóirí amach níos mó ná in Barcelona, mar shampla. Ach thairis aon áit eile inar stop mé ar mo chamchuairt timpeall na hEorpa, in Cádiz, tá cath á fhearadh ag cuid de mhuintir na háite ar an róthurasóireacht. (Deirim cuid d’aon ghnó. Is léir go bhfuil cuid mhór eile den phobal fostaithe sa tionscal turasóireachta nó ag teacht i dtír air ar bhealach éigin eile.)

Ar fud na cathrach, chonaic mé póstaeir le léaráid a mheallfadh uisce as cloch: seanlánúin Spáinneach ag bogadh amach as a n-árasán agus fámairí óga ag bogadh isteach.
Go minic bhí póstaer eile lena thaobh:
‘PRÁINNEACH!!! Daoine as Cádiz féin ag teastáil chun gach cearn den chathair a athlonnú. Diúltaítear don amhantraíocht eastáit réadaigh. AMACH LEIS NA HÁRASÁIN DO THURASÓIRÍ.’

Mura raibh an teachtaireacht sin sách soiléir, bhí greamáin leis an mana ‘Make Cádiz de l@s Gaditan@s again’ ar chuile bhalla agus ar chuile chuaille solais. L@s Gaditan@s, sin iad muintir Cádiz (bealach neodrach ó thaobh na hinscne de atá sa leagan l@s den alt.)
Gan dabht bhí mise mé féin i mo thurasóir in Cádiz freisin. Ní raibh mo bholg ag gobadh amach idir mo léine agus mo bhrístí gearra mar a bhí ar go leor de mhuintir Shasana (fir agus mná) agus iad ag dul ó shiopa seirise go siopa uachtar reoite go siopa seacláide, agus i mo lámha a d’iompair mé mo mhála taistil ionas nach ndéanfadh na rothaí gleo ar chlocha duirlinge na sráide, ach, cinnte, chaith mé trí oíche i seanteach cónaithe a iompaíodh ina lóistín do thurasóirí.

Take only memories, leave only footprints a bhí clóite ar T-léine a bhí á caitheamh ag fear ar an traein a thóg mé amach as Cádiz, mana a d’fhág machnamhach go leor mé. Cathair álainn í Cádiz agus mholfainn d’éinne cuairt a thabhairt uirthi. Ach an féidir cuairt a thabhairt ar áit gan a fhágáil ann ach lorg do choise?
Nach ionann cuairt a thabhairt ar áit agus cur le lorg na turasóireachta a fhágfar uirthi?

Seán
Agus na daoine sin atá ‘amuigh’ anois, dá mbeadh bheith istigh ar ball acu, an mbeidís ag iarraidh seomra nó dhó a ligint amach ar cíos (Airbnb), meas tú?
Cluain Sceach
Bhíos ann anuraigh. Longa ollmhóra sa mhullach ar a chéile, ualaigh paisnéirí iontu go léir. Tá an ceart ar fad ag Alex.