Tá cósta na Gailíse bainte amach againn agus muid lá chun cinn ar an sceideal a leag muid amach dúinn féin, a bhuí le cóir mhaith ghaoithe aduaidh.
D’fhág muid Fowydh go gairid i ndiaidh éirí na gréine ag a sé a chlog ar maidin trí lá ó shin. Níorbh fhada go raibh cósta iardheisceart Shasana – agus comhartha Vodafone – imithe faoi fhíor na spéire agus farraigí Mhuir nIocht amach romhainn.
Bhí obair le déanamh láithreach, agus in airde linn ar an dá chrann mhóra (29 méadar ón deic agus níos airde fós ón sáile) agus amach le cuid againn ar na giordáin leis na seolta a scaoileadh saor.
Tá cúig sheol déag ar an Morgenster agus an chuid is mó acu úsáidte againn le trí lá anuas. Is bruig í an Morgenster, agus mar sin is mar a chéile an leagan amach ar an dá chrann – an rísheol in airde uilig, an seol mullaigh thíos faoi, faoi sin an barrsheol, agus an choirneog íochtair ag an mbun ar fad.
Agus na seolta uilig leagtha, múchadh an t-inneall agus abhae linn ó dheas. Bíonn sé ‘thráth’ le faire sa ló, agus muid roinnte i dtrí fhoireann a dhéanann dhá fhaire sa ló: meán oíche go dtí a ceathair a chlog, a ceathair a chlog go dtí an hocht a chlog ar maidin, agus a hocht a chlog go dtí an meán lae. Tosaíonn an chéad fhoireann arís ag meán lae agus ar aghaidh mar sin.
Bíonn duine ar an stiúir an t-am ar fad, agus an chuid eile den fhoireann ar fáil leis na seolta a athrú agus cibé jab eile atá le déanamh a dhéanamh. Nuair a thagann deireadh le do ‘thráth’, téann tú faoin deic le néal codlata a dhéanamh sa leaba bheag chúng. Ceathrar atá i mo chábán-sa agus muid sa mullach ar a chéile, ach is cuma sin nuair nach ndéantar ann ach codladh.
Trí chóras seo na dtráthanna is féidir seoladh i rith na hoíche ar fad, agus tá chuile dhuine sásta a thráth a mhalartú sa gcaoi is gur féidir blaiseadh a fháil d’éirí agus luí na gréine, den spéir bhreac, agus den solas breá i lár an lae.
Níor chuir sé braon báistí ó thús deireadh an aistir, buíochas le Dia, agus bhí an fharraige ciúin go maith. Níor chaith ach corrdhuine lá nó dhó sa leaba.
Bhí orm féin agus mo chomrádaí an misneach a ghlacadh agus muid i lár Bhá na Bioscáine agus dul in airde ar an gcrann deiridh agus an long ag luascadh anonn is anall. Cúpla téad le tarraingt, lán ár súl a bhaint as fairsinge na teiscinne móire agus anuas arís linn chuig an deic.
Is i gcomhluadar a chéile a itheann muid chuile bhéile agus sceideal docht daingean ag ár gcócaire ciúin Frida, bean óg as an Ísiltír atá in ann rud ar bith a réiteach i gcisteanach bheag na loinge. Bricfeasta ag 7:30, lón ag 12:30, agus dinnéar ag 19:30 arís. Tóstaí cáise do lucht an mheán oíche ar an stiúir.
Is í an long ár ndomhan, níl aon cheangal againn leis an domhan mór seachas réamhaisnéis na haimsire agus corrghlao ar an VHF. Inár gcomhluadar tá scabhairneacha spraíúla a leanann ó dheas muid agus fáinleoga ar a mbealach aneas ón Afraic a stopann le haghaidh sosa ar an deic.
Agus an Spáinn bainte amach arís againn, tá an saol tar éis breith orainn agus fóin ag pingeáil is ag bingeáil leo ó mhaidin. Gabhfaidh cuid againn i dtír tráthnóna le haghaidh béile, snámh, agus sólaistí eile an tsaoil sula dtabharfaidh muid aghaidh amárach ar an 25 muirmhíle dheireanacha idir seo agus A Coruña le tús a chur leis an Camino Inglés go Santiago.
Cedeira – 887km
Fág freagra ar 'Ó Fowydh go dtí an Ghailís – ag seoladh ó éirí go luí na gréine agus tóstaí cáise do lucht an mheán oíche'