An fhadhb atá ag literati na Gaeilge nach ndéantar go leor bolscaireachta i mBéarla faoi éachtaí na Gaeilge

Tá rud iontach míorúilteach faoi seo uilig go léir, go bhfuil an teanga ársa seo, a fuair focal ar iasacht ón Laidin, nuair a bhí an Laidin ina teanga bheo dhomhanda, á labhairt i gcónaí

An fhadhb atá ag literati na Gaeilge nach ndéantar go leor bolscaireachta i mBéarla faoi éachtaí na Gaeilge

Bhí rudaí spéisiúla le rá ag an Phápa Leo an tseachtain seo caite faoi chúrsaí leabhar. Bhí an Pápa ag ceiliúradh 100 bliain de theach foilsitheoireachta na Vatacáine, Libreria Editrice Vacticana (LEV). An Gúm Naofa!

Dúirt Leo mórán rudaí spéisiúla a mbeadh dáimh ag lucht na Gaeilge leo. Ar dtús, chuir sé béim ar leith ar thábhacht an leabhair chlóite, an t-earra beag iontach sin a bhfuil leathanaigh ann agus dúch orthu, sa ré dhigiteach.

Mór an tógáil croí an méid sin ach lean leis an téama agus dúirt sé gur bheathaigh an léitheoireacht an intinn; gur chothaigh sí ciall chriticiúil, saibhriú tuigse agus droichead a bhí sa leabhar chuig daoine eile agus leigheas ar an intinn dhruidte.

Thairis sin, bhí líne eile aige a chorraigh anam an údair seo; labhair sé ar an dóigh a mbuaileann an léitheoir le scríbhneoir an leabhair agus, ag an am chéanna, buaileann sé leis na daoine a léigh an leabhar romhainn, atá ag léamh an leabhair anois agus a léifidh an leabhar san am atá le teacht.

D’aithneodh duine ar bith le Gaeilge an téama seo. Fág ar leataobh an chaint ar fad faoi, bhuel, na daoine a dhéanann caint i nGaeilge agus amharcaimis ar na seilfeanna agus na téacsanna iontacha Gaeilge atá linn le 120 inteacht bliain faoi seo, ó laetha luatha na hathbheochana.

Beidh cuimhne agat, gan amhras, gur ón Laidin a tháinig an focal Gaeilge ar ‘leabhar’: liber i Laidin go lebor sa tSean-Ghaeilge go leabhar sa Nua-Ghaeilge, focal beag a tháinig isteach sa teanga de bharr tionchar na Críostaíochta sa 5ú haois, de réir na saineolaithe.

(Bíodh geall go bhfuil cóip de Traidisiún Liteartha na nGael ar an tseilf agat a mhíníonn an scéal sin ar fad.)

Cad é is fiú an Ghaeilge? Bhuel, amharc ar an litríocht mhór atá le fáil sa teanga sin sa ré seo; amharc ar na scríbhneoirí ar fad a chothaigh an chiall chriticiúil, a bheathaigh an intinn, a thóg droichead isteach go cultúr na Gaeilge agus na Gaeltachta, a chuir leigheas ar an intinn dhruidte ar fáil agus a thug léargas ar chultúr sainiúil de chuid na hÉireann agus na hEorpa.

Cinnte, déanann mórán scríbhneoirí, lucht tuairimíochta agus foilsitheoirí de chuid an Bhéarla neamhiontas den leigheas agus den droichead. Tá siad dall ar shaibhreas, iontas agus mistéir na teanga agus tá mórán acu mórtasach as an aineolas sin fosta.

Ach nach bhfuil rud iontach míorúilteach faoi seo uilig go léir, go bhfuil an teanga ársa seo, a fuair focal ar iasacht ón Laidin, nuair a bhí an Laidin ina teanga bheo dhomhanda, á labhairt i gcónaí agus go bhfuil litríocht á cumadh i gcónaí agus á haistriú i gcónaí inti?

Tháinig mé ar leabhar a aistríodh ón Ghearmáinis, An Carabhán, gearrscéaltaí le hUilhelm Hauff (1802-1827) ar na mallaibh. Is é Pádraic Ó Moghráin, M.A. (1886-1966), a d’aistrigh. Aithne ná eolas ní raibh agam ar an údar ná ar an aistritheoir ach cheannaigh mé an leabhar ina ainneoin sin nó d’aithin mé an droichead idir teangacha, an léitheoireacht a bheathódh an intinn.

Is maith gur cheannaigh. Sa bhliain 1930 a foilsíodh an leabhar seo, ábhar a measadh a bheith fóirsteanach mar théacs meánscoile agus lámh ag an Ghúm (neamhnaofa) san obair. Lena chois sin, fuair mé amach go raibh gean ag lucht na Gearmáinise go fóill ar scéaltaí Hauff, fear a fuair bás go hóg de bharr an fhiabhrais thíofóidigh.

B’iontach an t-eolas a bhí ar ainm.ie faoi Ó Moghráin, fear a raibh eolas aige ar an Laidin – ghealfadh sin croí Leo – an Ghréigis, Eabhrais, Gearmáinis, Iodáilis, Sualainnis agus, seans, Rúisis.

Agus bhí Gaeilge aige. Ginias, mar sin.

Beagnach céad bliain ó shin a rinneadh an t-aistriúchán sin agus tá mise anois i ndiaidh bualadh leis an údar, leis an aistritheoir agus le léitheoirí an leabhair, iad sin le Gaeilge agus le Gearmáinis. Tá na mílte téacs eile ar chúrsaí litríochta scríofa as an úr agus aistrithe ag scríbhneoirí Gaeilge agus léite ag léitheoirí thar na bliantaí. Ach, go fóill féin, tá daoine in Éirinn a chreideann gur dream caolaigeanta iad lucht na Gaeilge.

An fhadhb is mó atá ag literati na Gaeilge nach ndéanann siad go leor bolscaireachta faoi éachtaí liteartha na Gaeilge i mBéarla. B’fhéidir go bhfuil mana nua réabhlóideach de dhíth ar lucht na Gaeilge, ceann le dúshlán lucht an Bhéarla a thabhairt agus le nithe spioradálta a chur i gcuimhne dúinn uilig go léir: Leo, liber, lebor, leabhar.

Ródháiríre, a deir tú, ró-thromchúiseach. Tá go maith. Do bharúil, cad é an sórt leabhair is fearr leis an Phontaif – an pápa-back!

Fág freagra ar 'An fhadhb atá ag literati na Gaeilge nach ndéantar go leor bolscaireachta i mBéarla faoi éachtaí na Gaeilge'