Tá sé á thuar go bhféadfaimis teocht chomh hard le 28 céim Celsius a fheiceáil sa tír seo sna laethanta beaga seo amach romhainn agus ráig bheag theasa tagtha an bealach.
Ach ní brothall gan fuarú é mar táthar á thuar go maolóidh teas agus teaspach thús na seachtaine amach sa tseachtain agus go dtiocfaidh corrmhúr agus roinnt báistí chugainn.
Te a bheas an lá amárach arís agus é an-te in áiteanna. Scaipfidh na paistí ceo agus na scamaill luath sa lá agus lá tirim agus tamallacha fada gréine atá romhainn ach go bhféadfadh corrmhúr titim.
Deir lucht na haimsire go mbeidh an teocht is airde amárach idir 20 agus 28 céim Celsius ach é níos fionnuaire i gcúige Uladh agus sna ceantair chósta. I gcuid de Chúige Mumhan agus deisceart Laighean is teo a bheidh sé agus is ansin a aireofar an teocht is airde.
Teas agus neart gréine atá geallta dúinn arís ar an gCéadaoin ach d’fhéadfadh múr nó dhó a bheith á tholgadh aige freisin. Beidh an teocht idir 20 agus 27 céim ach é beagáinín níos fionnuaire leis an gcósta thoir mar a mbeidh leoithne mheasartha anoir ag séideadh.
Beidh sé níos scamallaí Déardaoin agus ráigeanna báistí thall is abhus agus brádán leis an gcósta thiar.
Beidh fionnórtas beag ann freisin agus an teocht is airde idir 18 agus 24 céim Celsius ach é ruainne níos ísle leis an gcósta theas agus thiar ó dheas.
Aon bháisteach a bhíonn ag crochadh thart glanfaidh sí léi ó thuaidh maidin Dé hAoine, agus beidh tús an lae tirim grianmhar ach éireoidh sé scamallach sa deisceart leis an iarnóin agus an tráthnóna agus scaipfidh na néalta sin ón deisceart ó thuaidh. Idir 17 agus 21 céim is teo a bheidh sé agus leoithne éadrom aniar go aniar aneas ann.
Is é léamh na n-eolaithe faoi láthair go bhfillfidh an aimsir ar an tseanluaineacht is mó a bhfuil cleachtadh againn uirthi le haghaidh deireadh seachtaine saoire na Cincíse agus tá roinnt báistí agus múraíl á dtuar. Idir 15 agus 18 céim Celsius teochta atá á thuar don deireadh seachtaine.
Inné, Dé Domhnaigh, thaifead Met Éireann an teocht is airde fós i mbliana sa stáisiún aimsire i bPáirc an Fhionnuisce mar a raibh sé 25.1 céim Celsius.
Bhíothas ag tuar go mbeadh an teocht i gCúige Mumhan agus i gCúige Laighean chomh te le 28 cáim Celsius inniu ach é níos fuaire leis an gcósta thiar agus ó thuaidh.
Fág freagra ar 'Te a bheas an lá amárach arís agus é an-te in áiteanna'