Rud amháin is ea fonn ach is sa bhfiach a bheidh bris agus bua idir Ciarraí agus Dún na nGall

Nach ait é, agus níos mó nuálaíochta agus castachtaí sa chluiche ná mar a bhí riamh, gur sa bhfiach agus i seilg na gciceanna amach ón dá thaobh a bheidh insint scéil agus dán an chluiche?

Rud amháin is ea fonn ach is sa bhfiach a bheidh bris agus bua idir Ciarraí agus Dún na nGall

Bhíomar ag feitheamh go foighneach go maidin Aoine anseo thíos i gCiarraí féachaint an mbeadh Michael Lanagan ainmnithe in aon áit ar liosta na n-imreoirí a chuirfeadh Jim McGuinness agus Bord CLG Dhún na nGall faoinár mbráid.

Tháinig an mhaidin agus b’iúd ansan é, ainmnithe ag uimhir 26 ar phainéal Dhún na nGall in eireaball na scríbe ar fad, fear Naomh Micheál agus é, is cosúil, tagtha óna ghortú agus é ullamh chun catha i gCill Airne.

Ar an ndara éachtaint ar an bpainéal, bhí sé le feiscint go raibh aon nduine dhéag den gcúigear déag a thosnaigh cluiche ceannais na hÉireann anuraidh do Dhún na nGall roghnaithe agus ansan tar éis beagán staidéir, facthas ainmneacha na n-imreoirí a bhí i gceartlár na scríbe i mí Iúil seo caite – Shaun Patton, Daire Ó Baoill, Jason Magee, Oisín Gallen agus Langan féin agus tuigeadh duit ar an bpointe go mbeadh na Conallaigh ag teacht anuas go tréan chun robach a dhéanamh agus na cártaí acu chuige.

Tá Corcaíoch fir, fear suilt is fear seoigh, Cornelius Patrick O’Sullivan, nó ‘Comedian Conn’ ,agus bunaithe ar a mbíonn ar na meáin shóisialta aige, tá ana-léamh aige ar phobal na caide i gCiarraí. Bíonn sé de shíor ag piocadh is bearradh fén nganfhiosaíocht, fén gcur i gcéill, fén uisce fé thalamh agus fén mbéal bocht a bhíonn ag lucht leanta na caide sa Ríocht. Chun a cheart a thabhairt dó, tá sé géarchúiseach go maith timpeall ar chúrsaí caide agus is geall le saothar ealaíne ann féin an físeán a chruthaigh sé lá chluiche ceannais Chiarraí Thuaidh i gceartlár an gheimhridh anuraidh.

Laethanta roimh chluiche ceannais na Mumhan coicíos ó shin, bhí físeán ana-mheáite agus tomhaiste ag Conn maidir leis an bhfeachtas stocaireachta agus bolscaireachta a bhíonn ag iarimreoirí Chiarraí an tráth seo bliana ins na meáin thraidisiúnta. Bhí leithéidí Pat Spillane agus Dharragh Uí Sé inchurtha le Joseph Goebbels an lá is fearr a bhí sé, dar le Conn, agus ní raibh an chuid eile againn, iarimreoirí, i bhfad laistiar de. Bhainfeadh sé gáire asat le barr áiféise agus grinn ach tá smuta beag den bhfírinne leis ann. Taibhsíodh dom féin roimis chluiche Chorcaí ná féadfadh rith an ráis a bheith le Ciarraí agus ní raibh aon cheilt agam air ach an oiread. Ba mheasa mise ná Tomás an Amhrais. Níor bhaol do Chiarraí toisc go raibh Corcaigh chomh támáilte ar an lá agus ba léir go raibh an bhuíon cúltaca atá ag Ciarraí ábhar beag nós treise ná mar a taibhsíodh dom.

Is leasc liom, dá réir, breith a thabhairt ar a bhfuil i ndán i Staid a’ Ghearaltaigh an deireadh seachtaine seo. Aon duine in aon chor go bhfuil aon léamh ar chaid aige anseo i gCiarraí, is deacair dó a shamhlú go bhféadfadh aon rath a bheith ar iarrachtaí Chiarraí agus gan ach seachtar den bhfoireann a thosnaigh i gcluiche ceannais na hÉireann ag tosnú amáireach. Níl Shane Ryan, Paul Murphy, Armin Heinrich, Tom O’Sullivan, Seán O’Shea ná Paul Geaney fiú ar an liosta seisear is fiche agus, léiriú b’fhéidir ar an gcéim chun cinn agus céim ar gcúl atá ar bun feadh na bliana ag Ciarraí, níl ainm Gavin White,  bhí chomh fuinniúil ach a dtáinig sé chun páirce coicíos ó shin, breactha ar phár ach an oiread.

Tuigimid, áfach, go háirithe le foirne ar mhórán taithí, nach ar phár a imrítear cluichí caide. Tuigimid, chomh maith, gurb iad Dún na nGall an t-aon fhoireann a bhuaigh ar Chiarraí i mbliana. Bhuadar le cheithre phointe i mBéal Átha Seanaidh ar Lá Le Bríde agus náiríodar Ciarraí i bPáirc a’ Chrócaigh an lá a dh’athraigh an clog go ham an tsamhraidh i ndeireadh an Mhárta. Ní bheidh fonn ar Chiarraí an tríú bua a thabhairt do Dhún na nGall sara mbeidh an Bhealtaine istigh. Rud amháin is ea fonn ach is sa bhfiach a bheidh bris agus bua amáireach.

Nach ait é, agus níos mó nuálaíochta agus castachtaí sa chluiche ná mar a bhí riamh, gur sa bhfiach agus i seilg na gciceanna amach ón dá thaobh a bheidh insint scéil agus dán an chluiche amáireach. Cé aige a bheidh an chaid agus cé a chaithfidh dul ag fiach ag triall uirthi? Caithfidh an fhoireann gan seilbh na caide dul i bun marcála, fiaigh agus seilge i gcónaí – sin gné den imirt nár athraigh ó thús ama. Tá gnéithe eile nach dtaithníonn le himreoirí agus nach dual do chuid acu i gCiarraí. Tá cúiseanna ann nach mbíonn cuid des na himreoirí atá ag dul chun páirce amáireach ag imirt chomh rialta sin ach caithfear na lámha a shailiú os comhair do mhuintire féin. Ní mhaithfidh muintir Chill Airne do Tony Brosnan, Keith Evans, Cillian Trant agus Micheál Burns é muna gcífidh siad na gnéithe eile sin den imirt ná luaitear leo nuair ná fuil seilbh na caide acu.

Bíodh seilbh na caide agat, áfach, agus tánn tú id’ mháistir ar an machaire sa lá atá inniu ann. Buafar agus caillfear cluiche an lae amáirigh ar chiceanna amach, dá réir. Bhí Gavin Mulreany go hiomlán os cionn a bhuille sa chluiche ceannais sraithe mar bhí togha agus rogha na spriocanna aige chun cic fada a chur ina dtreo agus gan puinn de roghanna i lár a’ gharraí ag Ciarraí chun é a chur dá bhuille. Anuas air sin, bhí giorraithe ar nós Peadar Mogan, Shane agus Conor O’ Donnell agus Ryan McHugh curtha in áit ná féadfadh Shane Murphy cic amach gairid a shlánú ón dtaobh eile. Glacaim leis go bhfuil an obair bhaile déanta ag Ciarraí air sin agus ná béarfar orthu sa ghné sin den imirt an uair seo.

Uair a’ chloig soir an bóthar, i bPáirc Uí Rinn, beidh tuairim ana-mhaith againn fé seacht a chlog cén goile chun atá fágtha i gCorcaigh tar éis a dteip i gcluiche ceannais na Mumhan. Dála Chiarraí agus Dhún na nGall, is saghas buntáiste éigin é go mbuaigh contae na Mí orthu i gcluiche ceannais na sraithe níos luaithe. Níor cheart go mbeadh aon easpa faobhair orthu, dá réir. Dála na gConallach, áfach, bhí deis ag an Mhí ar bheith ag feitheamh, ag faire is ag foghlaim ó chluiche ceannais na Mumhan agus muna dtiocfaidh Corcaigh le seift éigin gan choinne, d’fhéadfadh an cluiche agus an bhliain dul ó mhaith orthu ón ndeireadh seachtaine seo amach.

Bunaithe ar fhianaise chluiche ceannais na Mumhan, tá scóip chun feabhais i gCorcaigh. Bhíodar ana-leacht ag cailliúint seilbhe agus ag tabhairt fés na cúil ag amanta míthráthúla agus ó uillineacha míchuí. Ó thaobh spride agus meanman, bhí mórán curtha isteach ag Corcaigh sa chluiche agus is deacair an ghaoth a chur ins na seolta aríst nuair atá an seol pollta. Tuigeann an Mhí le bua na hIarmhí Dé Domhnaigh seo caite nach aon fhás aon oíche ná luíochán leathbheirithe a chnag i gcraobh Laighean iad agus beidh fonn ar thosaithe cruthanta ar nós Eoghan Frayne, Jack O’Connor, Jordan Morris agus Matthew Costello a dtaispeántais in aghaidh na hIarmhí a chúiteamh leo féin.

I mBóthar an Trá, beidh go leor cúitimh le déanamh ag imreoirí na Gaillimhe leo féin agus lena lucht leanúna a bhí chomh díomách ag fágaint Pháirc de hÍde coicíos ó shin. Ceann des na tréithe is mó a bheadh ag luí go trom orthu ón gcluiche in aghaidh Ros Comáin ná go raibh leathlámh acu ar Chorn Nestor tar éis do bháide Damien Comer iad a chur sé pointe, 2-22 le 3-13, chun cinn agus gan ach 9 nóimeat nó mar sin fágtha ar an gclog. Ainneoin clóchas, comhrac agus dea-shampla an chaptaein, John Maher, n’fhéadfaidís an taoide a chasadh nuair a rith sé ina gcoinne agus, le hocht bpointe as a chéile ag Ros Comáin, bhíodar ag brath ar chic déanach, iarracht dhá phointe ó Shane Walsh chun iad a shlánú. Nuair nár éirigh les an gcic sin in aghaidh na gaoithe, ba cheart go mbeadh an Ghaillimh ag fiafraí díobh féin canathaobh go raibh sé chomh soiléir don uile dhuine sa tseastán (agus do chosantóirí Ros Comáin) gur ar chrann Shane Walsh a thit sé tabhairt fén scór? Ba cheart go mbeadh roghanna eile forbartha le bliain nó dhó acu chun tabhairt fé iarrachtaí dá leithéid.

Ar aon nós, ní dóigh liom go mbeidh puinn dua orthu Cill Dara a chur de dhroim seoil i Staid a’ Phiarsaigh cé go bhféadfadh na hógánaigh Ben Loakman agus Eoin Cully deacrachtaí a chruthú do Jack Glynn agus Liam Silke má fhaigheann siad dóthain seilbhe. Má mór is ea é sin, áfach agus sin é an áit atá agus a bheidh an marú.

Fág freagra ar 'Rud amháin is ea fonn ach is sa bhfiach a bheidh bris agus bua idir Ciarraí agus Dún na nGall'

  • WTF

    An-aiste!