Na daoine óga a choinneáil anseo, agus daoine nua a thabhairt isteach chun cónaí go buan sa gceantar. Sin é an rud is mó atá ag teastáil i gConamara a dúirt Karen Ní Mhainnín. Karen atá ina príomhfheidhmeannach ar eagraíocht forbartha sóisialta agus eacnamaíochta ar a dtugtar Fóram Chonamara. Tagann a gcuid airgid as cistí an Rialtais agus as ciste an Aontais Eorpaigh. Déanann siad maoirsiú ar chlár Leader, agus ar chlár tacaíochta sóisialta SICAP [Clár um Ionchuimsiú Sóisialta agus Gníomhaíochú Pobail] in iarthar na Gaillimhe uilig. Tá a macasamhail i gceantair thuaithe eile.
Sé scéal Chonamara, seachas an stráice soir le cósta i dtreo na Gaillimhe, go n-imíonn tromlach na ndaoine óga agus gur beag daoine óga as áiteacha eile a thagann isteach le cónaí ann.
Ní raibh ann ach go raibh an tAire Forbartha Tuaithe agus Gaeltachta, Dara Colleary siúlta amach an doras. Bhí oscailt oifigiúil déanta aige ar cheannáras nua Fhóram Chonamara i mbaile mór an Chlocháin. Bhí focla buíochais ann agus focla dóchais. Ach cén meáchan a bhí sa dóchas théis a raibh ráite ag Iníon Uí Mhainnín?
Níos cinniúnaí fós, cá raibh treo na gcosán i gcuimse ceantar tuaithe eile, go háirithe ar chóstaí an Atlantaigh? Níos gaire don chnámh, céard is féidir a dhéanamh faoi?
Thug Roinn an Aire Dara Calleary isteach an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta [OECD] anuraidh agus d’iarr ar an eagraíocht idirnáisiúnta sin staidéar a dhéanamh ar an gcaoi a gcaitheann an Stát le ceantair thuaithe Phoblacht na hÉireann. Bhí lámh ag cuimse daoine a bhí sciliúil ar an eacnamaíocht san obair; ba as tíortha eachtracha mórán chuile dhuine acu. Bhíodar moltach ar Éirinn ina dtuarascáil.
Ar an gcéad iarraidh, thugadar faoi deara go raibh 42.5% den phobal ag maireachtáil faoin tuath, céatadán a bhí níos airde ná mórán tír ar bith eile san OECD. Bhí an ráta fáis faoin tuath againn ar an dara ceann ab airde as tíortha an OECD uilig, 1.19% in aghaidh na bliana, ar an meán idir 2001-2021.
Mar sin, céard a bhí i gceist ag príomhfheidhmeannach Fhóram Chonamara?
Ar an gcéad iarraidh bhí neart fianaise aice le cur lena cuid cainte agus nuair atáthar gaibhte domhain i dtuarascáil an OECD, ní rabhadar dall ar an saol. Ní hionann an tuath agus réimse amháin as féin. Baineann na figiúirí is treise, ó thaobh forbairt eacnamaíochta agus seirbhísí, leis na ceantair is gaire do chathracha agus do bhailte móra.
San áit is mó a bhfuil dualgas ar eagraíocht Kharen Uí Mhainnín, sin é iarthar agus iarthuaisceart Chonamara, sin réimse ar leith tuaithe. Tá macasamhail an scéil in iarthar Mhaigh Eo, in iarthar Dhún na nGall, in iarthar an Chláir agus anonn agus anall fud fad na tuaithe.
Céard a choinneoidh daoine óga sna háiteacha sin?
‘Ireland lacks systematic rural intelligence,’ a deirtear i dtuarascáil. an OECD. Focla móra ar an ngá, dar leo, atá le heolas beacht ar nádúr éagsúil na tuaithe. Moltar go mbeadh mioneolas ar fáil agus go ndíreofaí ar fhorbairtí ar leith ag brath ar an mbail atá ar cheantair thar a chéile. Ach theastódh córas rialtais áitiúil níos láidre lena aghaidh sin, a dúradh agus moltar go mbeadh béim ar fhiontraíocht sna comhairlí contae, agus in eagrais réigiúnacha ar nós na gComhthionól Réigiúnda. Theastódh deimhniú ar chistí a deirtear, seachas Comhairlí Contae a bheith ag fiach ar airgead ón Státchiste, agus gan aon chinnteacht leis. Sin cuid den leagan amach atá ag an OECD.
An bhfuil siadsan ar an gcosán ceart?
Ba mhór an saothraí tuaithe é Jim Connolly as ceantar Cheann Léime an Chláir. Ba é a bhunaigh Eagraíocht Athlonnaithe na Tuaithe i 1990 agus tugadh 800 duine anuas as Baile Átha Cliath chun cónaí faoin tuath, an ceathrú cuid acu go hiarthar an Chláir. B’fhacthas do Jim go raibh tuilleadh daoine ar an rud ba mhó a theastaigh faoin tuath – daoine a bhí in ann cur ar a son féin, ar ais nó ar éigean. Daoine mar an dream a bhí riamh sa gceantar, dar leis: “There’s an upside to attracting people who are self-sufficient and can survive. The farmers in West Clare and in rural Ireland really are a race of survivors.”
Ach an leor do dhaoine óga ruainne a choinneáil faoin bhfiacail feasta?
Fág freagra ar 'Daoine óga a choinneáil agus a mhealladh isteach faoin tuath – cén chaoi?'