Tá Craobh na Mumhan fós ag soláthar ardsiamsaíochta dúinn agus cluiche den chéad scoth againn oíche Shathairn idir an Clár agus Tiobraid Árann.
Sa chéad leath go háirithe, bhí tréithe chluiche craoibhe traidisiúnta na Mumhan le feiceáil ann. Bhíothas ag troid go dian do gach liathróid agus níor tugadh faic in aisce. Bhí an ghaoth láidir ag an gClár sa chéad leath sin agus chuaigh siad isteach ag an mbriseadh sé phointe chun tosaigh.
Bhí cluiche den scoth ag an ógánach Diarmuid Stritch, agus b’amhlaidh scéal ag an seanfhondúir John Conlon ina leathchúlaí láir, áit ar thug sé taispeántas cosanta den chéad scoth uaidh.
Bhain cúl an Chláir go luath sa dara leath an misneach de Thiobraid Árann agus, de réir mar a chuaigh an cluiche ar aghaidh, d’éirigh an Clár níos láidre agus níos láidre. Tar éis an lagthaispeántais a thug siad in aghaidh Luimnigh, tá siad féin curtha ar ais sa chomórtas acu arís.
Ní hamháin go bhfuil siad anois i measc na dtrí fhoireann ar barr, ach tá seans réalaíoch acu freisin áit a bhaint amach i gcluiche ceannais na Mumhan.
Taispeántas mór a bhí anseo ón gClár agus is féidir a rá go cinnte anois go bhfuil siad ar ais go láidir sa rás.
Ar an Domhnach ansin, bhí ar Phort Láirge an bua a fháil chun aon dóchas a choinneáil beo maidir leis an tríú háit a bhaint amach. Bhí siad ag imirt ar a son féin agus ar son Thiobraid Árann chomh maith, mar bhí bua ag teastáil ó Phort Láirge chun fanacht sa chomórtas agus chun dóchas éigin a thabhairt do Thiobraid Árann.
Agus le fírinne, d’imir Port Láirge go maith ar feadh thart ar 55 nóiméad. Ach tháinig neart phainéal Luimnigh chun cinn sa deireadh agus chríochnaigh siadsan an cluiche go láidir.
Mar sin anois táimid tagtha go dtí an deireadh seachtaine deireanach agus tá tairbhe sna cluichí fós.
Ní raibh na cluichí i gCraobh Laighean ar an Satharn ar an leibhéal céanna déine leis an gcluiche idir Tiobraid Árann agus an Clár, ach bhí cath dian idir Baile Átha Cliath agus Gaillimh.
Chríochnaigh Baile Átha Cliath níos láidre agus, cé nár tháinig ach beirt ionadaithe isteach, ba mhór an tionchar a bhí ag Ronan Hayes agus John Hetherton, rud a chinntigh gur chríochnaigh Baile Átha Cliath go láidir agus gur bhain siad an bua amach.
Sa chluiche idir Uíbh Fhailí agus Loch Garman, chríochnaigh Uíbh Fhailí go láidir agus chinntigh siad go mbeidh siad ar ais i gCraobh Laighean an bhliain seo chugainn.
Beidh tábhacht mhór ag baint lena gcluiche deireanach i gcoinne Chill Dara dóibh anois.
Sa tríú cluiche, mar a bhíothas ag súil leis, thug Cill Chainnigh taispeántas láidir agus chuir siad deireadh le dúshlán Chill Dara éasca go leor. Beidh bliain Chill Dara i gCraobh Laighean thart i ndiaidh chluiche na seachtaine seo chugainn.
I ndáiríre, ní dhéanann an córas seo aon mhaith do na contaetha sa dara sraith, bíodh sin Cill Dara, Ceatharlach, Laois nó Aontroim, nuair nach bhfaigheann siad ach bliain amháin ag an mbarr agus, ag brath ar thorthaí, go gcuirtear síos arís iad. Ach is díospóireacht í sin do lá eile.
Bhuel tá ceann scríbe agus deireadh an turais sroichte ag cúpla contae. Tá seacht gcontae fós sa tóir ar Chorn Liam Mhic Cárthaigh tar éis do Thiobraid Árann, sealbhóirí na hÉireann, a bheith curtha as an áireamh agus cluiche fós le himirt acu.
Tá Corcaigh, Luimneach agus an Clár cáilithe as craobh na Mumhain, agus tá na trí chontae sin fós san iomaíocht chun áit a bhaint amach i gcluiche ceannais na gcúigí. Má ghlactar leis go mbuafaidh Luimneach ar Thiobraid Árann Dé Domhnaigh, ansin beidh ar an gClár Corcaigh a bhualadh le ceithre phointe ar a laghad i bPáirc Uí Chaoimh SuperValu, chun dul chun cinn a dhéanamh.
I gCúige Laighean, tá Baile Átha Cliath sábháilte, agus beidh dhá fhoireann as Gaillimh, Cill Chainnigh agus Uíbh Fhailí ag dul ar aghaidh. Is dócha go mbeidh cluiche an lae sa chúige idir Áth Cliath agus Cill Chainnigh i bPáirc Pharnell agus na Cait as an gcomórtas má chailleann siad.
Go dtí seo sa dá chúige toradh nach raibh súil leis a bhí againn beagnach gach deireadh seachtaine agus tá gach seans gur mar an gcéanna a bheidh an deireadh seachtaine seo.
Fág freagra ar 'Is féidir a rá go cinnte go bhfuil an Clár ar ais go láidir sa rás, ach tá na Cait i mbaol'