Uachtarán na hÉireann Catherine Connolly ainmnithe ina pátrún ar Ghlór na nGael

Deir Glór na nGael gur cúis ríméid dóibh go bhfuil an tUachtarán tar éis glacadh le cuireadh a bheith ina 'hÉarlamh' ar an eagraíocht

Uachtarán na hÉireann Catherine Connolly ainmnithe ina pátrún ar Ghlór na nGael

Tá sé fógartha ag Glór na nGael go bhfuil pátrúnacht ar an eagraíocht teanga glactha ag Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly.

Deir Glór na nGael gur cúis ríméid dóibh go bhfuil an tUachtarán tar éis glacadh le cuireadh a bheith ina ‘hÉarlamh’ ar an eagraíocht agus go bhfuil nasc fada stairiúil idir Glór na nGael agus Oifig Uachtarán na hÉireann.

“Is mór an phribhléid dúinn go bhfuil Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, tar éis glacadh leis an gcuireadh a bheith ina hÉarlamh ar Ghlór na nGael,” a dúirt Lorcán Mac Gabhann, Ceannasaí Ghlór na nGael.

“Is cúis bhróid agus mhisnigh é seo do gach duine atá bainteach leis an eagraíocht, agus do na pobail, na teaghlaigh agus na grúpaí ar fud na tíre atá ag obair go dícheallach ar son na Gaeilge.

“Tá misean Ghlór na nGael bunaithe ar ghníomh, ar phobal agus ar chomhoibriú. Tá an Ghaeilge beo nuair a úsáidtear í sa bhaile, sa phobal, sa chlub, sa ghnó agus sa saol sóisialta. Is mór againn an t-aitheantas seo agus spreagfaidh sé muid agus na pobail lena n-oibrímid chun leanúint leis an obair thábhachtach seo,” a dúirt sé.

Oibríonn Glór na nGael, a bunaíodh i 1961, le pobail, teaghlaigh, clubanna, grúpaí deonacha, gnólachtaí agus eagraíochtaí áitiúla chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn.

Deir Glór na nGael go raibh Uachtaráin na hÉireann páirteach i searmanais bhronnta na heagraíochta thar na blianta, agus tá an nasc sin á threisiú anois le glacadh Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, leis an gcuireadh a bheith ina hÉarlamh ar Ghlór na nGael.

Fág freagra ar 'Uachtarán na hÉireann Catherine Connolly ainmnithe ina pátrún ar Ghlór na nGael'

  • Ava Davis

    Tagairt an ailt faoi obair Ghlór na nGael le pobail agus teaghlaigh ó 1961 i leith – sin an chuid is tábhachtaí den scéal. Is deas an t-aitheantas é do na grúpaí áitiúla go bhfuil an tUachtarán ag

  • W. Thomas

    Tá an nasc stairiúil idir Oifig an Uachtaráin agus Glór na nGael le brath go láidir anseo — is maith an comhartha é go bhfuil Catherine Connolly ag cur lena traidisiún sin. Féachann go leor grúpaí pobail le tacaíocht den chineál seo chun misneach a thabhairt dóibh, go háirithe i gceantair ina mbíonn an Ghaeilge i ngleic leis