Turas an-speisialta a bhí i Camino na dTonnta, turas nach ndéanfaidh mé dearmad go deo air

Bhain ár ndialannaí taistil ceann scríbe amach in Santiago de Compostela tar éis turas 1000km ar muir is ar tír trí Chorn na Breataine, Bá na Bioscáine, agus an Ghailís

Turas an-speisialta a bhí i Camino na dTonnta, turas nach ndéanfaidh mé dearmad go deo air

Tá Cathair Shéamuis Naofa bainte amach arís agam agus oilithreacht eile ar an Camino – nó ‘Camiño’ mar a deir na Gailísigh – curtha i gcrích agam. Bhí an geábh seo an-difriúil leis an dá thuras eile a thug mé ar Santiago – de shiúl na gcos in 2019 agus ar dhá bhonn in 2024 – agus níorbh é an modh iompair amháin ba chúis leis sin.

Ar Chonair na Sasanach (nó an Chonair Cheilteach mar a thugtar scaití uirthi) a bhí mé i mbliana – an chéad uair nach raibh mé ar Chonair na bhFrancach, an Camino is mó a shiúltar. Tháinig an long a thug ó Fowydh mé i dtír in A Coruña sa Ghailís, 75km ó thuaidh de Santiago de Compostela.

Cé go raibh cúpla lánúin ar bord an Morgenster agus beirt chairde a rinne an turas le chéile, ba strainséirí an chuid eile againn agus ní raibh aon phlean againn roimh ré an chéad chuid eile den oilithreach go Santiago a dhéanamh le chéile. Bhí bricfeasta amháin eile againn le chéile maidin Dé Domhnaigh agus ansin d’imigh chuile dhuine amach ar a bhóthar féin.

Bhí cuid acu le fanacht oíche nó dhó in A Coruña (iarracht an tinneas farraige a chur díobh!), ach ba é mo phleansa i gcónaí ná tús a chur leis an tsiúlóid an lá a tháinig mé i dtír.

Casadh bean álainn orm agus mé ar an gCamino in 2024, Isabel as Londain, agus d’fhan muid i dteagmháil le chéile ó shin. Agus an turas seo á phleanáil agam, d’fhiafraigh mé di an mbeadh spéis aici aon chuid di a dhéanamh in éineacht liom. Bhí sí gafa an deireadh seachtaine a bhí mé ag siúl trasna Chorn na Breataine, agus is fíorbheag a spéis i dturas mór mara, ach dúirt sí go siúlfadh sí an chuid dheireanach den Chonair sa nGailís liom.

Isteach liom, mar sin go Séipéal San Séamus in A Coruña, le mo chéad sello sa Spáinn a fháil agus fanacht ar Isabel. Níorbh fhada gur phlód leathchéad turasóir ó long mhór crúsála isteach sa séipéal lena gceamaraí móra, ag béiceach in ard a ngutha agus ag tarraingt doirse an bhosca faoistine amach. Oilithrigh de chineál eile.

Ní raibh Isabel i bhfad i mo dhiaidh, agus, ó tharla gurbh é an Domhnach a bhí ann, chuir muid tús ceart leis an oilithreacht le hAifreann Spáinnise. Baile beag is ea Saint-Jean-Pied-de-Port, an áit a dtosaítear ar an gCamino Francés go traidisiúnta. Ní fada go bhfágtar an baile beag sin i ndiaidh an oilithrigh agus é ag déanamh ar Shliabh Piréin. Ní hamhlaidh an scéal leis an gCamino Inglés.

Cathair is ea A Coruña – an dara cathair is mó sa nGailís – agus is trí shráideanna, bruachbhailte, agus eastáit thionsclaíocha na cathrach a chaitear siúl ar feadh beagnach dhá uair an chloig sula mbaintear conair aonair tuaithe amach.

Bíonn sé deacair, scaití, na comharthaí beaga buí don Chamino a aimsiú sna cathracha. Dúirt duine de mo chomhbhádóirí liom go raibh ‘bealach scéimhe’ amach as A Coruña, ach go gcaithfí léarscáil a úsáid lena aimsiú ceal comharthaí. Níl aon doicheall orm roimh léarscáileanna ach b’fhearr liom cloí leis an mbealach traidisiúnta, dá uirbí é, an geábh seo.

Ní raibh duine ná deoraí ar an gConair. Ní hé go mbíonn an Chonair plódaithe i gcónaí – cé go bhfuil líon na n-oilithreach ag dul i méad bliain i ndiaidh bliana – ach chuir sé iontas orm cé chomh huaigneach is a bhí an cosán agus muid níos lú ná 75km ón gceann scríbe.

Dá mba ar Chonair na bhFrancach a bhí muid, bheadh an bealach dubh le daoine agus seastáin deochanna agus bia gach re ciliméadar. Is ciúine seacht n-oiread an Camino Inglés, go mór mór sula gcastar an dá bhealach (ó A Coruña agus ó Ferrol) ar a chéile gar go Hospital de Bruma.

Mar gheall ar rialacha na hardeaglaise i Santiago, is ó Ferrol a shiúlann an chuid is mó de na hoilithrigh an Camino Inglés. Is gá 100km ar a laghad a shiúl leis an compostela (teastas) a fháil ag an deireadh, agus ní leor an 75km don té nár shiúil ar a laghad 25km in Éirinn, i Sasana, nó sa Bhreatain Bheag.

Ní fhaca muid oiread is oilithreach amháin eile ar feadh an lae go dtí gur bhain muid Sergude agus a albergue (brú óige) amach an chéad tráthnóna sin. Bhí David – seoltóir eile ón Morgenster – ann romhainn agus chaith muid béile breá le chéile sa mbaile beag sin.

Is go mall, shílfeá, atá muintir na háite ag teacht ar an tuiscint gurbh fhéidir leas a bhaint as an gCamino áirithe seo. Albergue nuathógtha a bhí againn an oíche sin, agus é feistithe go maith don oilithreach, ach ní raibh ‘infreastruchtúr Camino’ le feiceáil mórán áiteanna eile ar feadh an bhealaigh.

 

Ní raibh aon chaint ar an ‘menú del dia’ nó an béile oilithrigh atá ar fáil go fairsing ar an gCamino Francés – béile téagartha agus deoch ar phraghas íseal don té a bhfuil credencial an oilithrigh aige.

Ní théann an bealach trí mhórán bailte móra ar chor ar bith agus fiú sna bailte beaga is deacair greim le n-ithe nó deoch a aimsiú. Ní haon cháineadh ar an gCamino Inglés é seo, ach trácht gur gá don oilithreach a bheadh i dtaithí ar Camino eile a bheith ullamh lena aghaidh. Bhí sé deacair, fiú, na stampaí a fháil do phas an oilithrigh a chruthaíonn do lucht na hardeaglaise go bhfuil an t-aicsean déanta.

Tá an tírdhreach go hálainn sa nGailís agus buíochas le Dia níor chuir sé mórán báistí agus muid ann. Tugadh trí choillte áille darach agus eoclaipe muid, chonaic muid tithe traidisiúnta an réigiúin, agus séipéilíní beaga gleoite.

Agus Hospital de Bruma curtha dínn againn, chonaic muid níos mó oilithreach eile – daoine a shiúil an 40km breise ó Ferrol – agus bhí beocht níos mó sa turas.

Beocht nár chuir muid fáilte roimhe, áfach, ná beocht na madraí móra allta atá ag leath mhuintir na Gailíse. Scanraítí go minic muid nuair a thagadh cú mór fíochmhar ag rith ina thintreach inár dtreo, uisce lena bhéal agus an dá shúil á gcur trínn aige. Ní dheachaigh muid trí bhaile nach raibh ‘ionsaí’ mar seo ann, agus cé gur taobh thiar de chlaíocha a bhí siad den chuid is mó, ba bheag nár sháraigh ceann nó dhó acu na claíocha céanna.

 

Ceithre lá a thóg sé orainn Santiago a bhaint amach. Is dóigh go bhféadfaí é a dhéanamh i dtrí lá, ach ba dheas an siúl socair réidh a rinne muid, ag caint, ag comhrá is ag gáirí. Bhí an t-ádh orm Isabel a bheith in éindí liom, chuir sí go mór leis an turas agus is cinnte gur dheacra na ciliméadair fhada sin murach í. Chas muid le David oíche eile in Sigüeiro agus arís nuair a bhí Cathair Shéamuis bainte amach againn, agus ba dheas a chomhluadar siúd freisin.

Bhí díomá orm nuair a bronnadh mo compostela orm nár tugadh aitheantas do na muirmhílte fada a bhí déanta againn ar an Morgenster. Chuir mé tic sa bhosca don tseoltóireacht ach dúirt an cléireach (go gránna) liom nach bhféadfainn na muirmhílte a chomhaireamh mar níor thosaigh an turas farraige sa Spáinn. Ní dhearnadh aon mhaith nuair a thaispeáin mé pictiúir agus físeán ón turas ná sello na loinge féin agus tugadh 117km shuaracha dom as an siúl a rinne mé i Sasana agus sa Spáinn. B’éasca an dearmad sin a réiteach le peann agus an teastas i mo ghlaic agam!

Turas an-speisialta a bhí i gCamino seo na dTonnta, turas ar leith nach ndéanfaidh mé dearmad go deo air. An bhrionglóid atá agam fós imeacht as Cuan na Gaillimhe i mbád traidisiúnta, ach tá mé sásta go bhfuil mo Chamino Sáile féin déanta agam anois.

Tá bosca amháin eile fágtha gan líonadh ar an credencial – an capall. Níl aon phlean agam fós, ach lá breá éigin amach anseo tabharfaidh mé faoi ‘Camino na gCrúb’.

Santiago de Compostela – 1010km

Fág freagra ar 'Turas an-speisialta a bhí i Camino na dTonnta, turas nach ndéanfaidh mé dearmad go deo air'