‘An t-ardú is suntasaí le fiche bliain anuas’ ar líon na ndaltaí ó thuaidh atá ag tabhairt faoin nGaeilge don A-Leibhéal

Tá fáilte curtha roimh an scéala gur tháinig ardú mór i mbliana ar líon na ndaltaí a thug faoin nGaeilge don A-Leibhéal ó thuaidh

‘An t-ardú is suntasaí le fiche bliain anuas’ ar líon na ndaltaí ó thuaidh atá ag tabhairt faoin nGaeilge don A-Leibhéal

Tá ardú 30% tagtha ar líon na ndaoine a rinne staidéar ar an Ghaeilge don A-Leibhéal ó thuaidh i mbliana i gcomparáid le anuraidh.

De réir figiúirí a d’fhoilsigh Comhchomhairle na gCáilíochtaí le gairid, 375 duine a rinne an scrúdú Gaeilge i mbliana, ardú 30% ar an bhliain seo a chuaigh thart, nuair a thug 291 duine faoin scrúdú Gaeilge ó thuaidh.

Is é seo an t-ardú is mó riamh atá tagtha ar líon na ndaoine a roghnaigh aon teanga chun staidéar a dhéanamh uirthi don A-Leibhéal ó thuaidh, taobh istigh de bhliain amháin.

Dúirt Shane Ó Coinn, Cathaoirleach An Gréasán do Mhúinteoirí Gaeilge, gur léir go bhfuil “borradh faoin Ghaeilge faoi láthair” agus gur mar gheall air sin go bhfeiceann daoine óga “na féidearthachtaí fostaíochta agus cultúrtha” a bhaineann léi.

Agus é ag labhairt le Tuairisc, dúirt sé go bhfuil ceangal mór idir an t-ardú atá tagtha ar líon na ndaoine a rinne staidéar ar an Ghaeilge don A-Leibhéal ó thuaidh i mbliana agus líon na ndaoine atá ag freastal ar choláistí samhraidh Gaeltachta.

“Tuigeann muid, ar ndóigh, gur tháinig laghdú ar líon na ndaltaí a bhí ag déanamh staidéir ar an Gaeilge le linn Covid nuair a bhí na coláistí Gaeltachta druidte.”

“Tá níos mó daltaí ná mar a bhí le fada ag freastal ar na coláistí Gaeltachta agus tá ceangal láidir idir eispéireas na ndaltaí sna coláistí Gaeltachta agus iad siúd a leanann ar aghaidh agus a roghnaíonn an Ghaeilge a dhéanamh don GCSE agus A-Leibhéal,” a dúirt sé.

Dúirt sé gur go ndearnadh “an-dochar” do na teangacha go ginearálta ó thuaidh fiche bliain ó shin nuair a rinneadh teangacha “roghnach” don GSCE [seachas Béarla] agus go bhfuil laghdú leanúnach le feiceáil ar na teangacha uilig ó thuaidh ó shin i leith.

Léiríodh le blianta beag anuas imní faoi thodhchaí na Gaeilge mar ábhar GCSE agus A-Leibhéal ó thuaidh.

“Is é seo an t-ardú is suntasaí le fiche bliain anuas ar líon na ndaltaí atá ag tabhairt faoin nGaeilge [agus] is rud thar a bheith dearfach é go bhfuil an taoide ag casadh anois faoi dheireadh don Ghaeilge,” a dúirt Ó Coinn.

“Ar an drochuair ní hionann sin leis na teangacha eile,” agus thug sé le fios nach bhfuil “aon dabht ann” go bhfuil “níos mó tacaíochta de dhíth” don Ghaeilge ó thuaidh chomh maith.

Tá “obair mhór” ar siúl ag múinteoirí agus eagraíochtaí cosúil leis Gael Linn agus Comhaltas Uladh leis an teanga a chur chun cinn agus mhol sé an scéim spreagtha atá ar siúl ag Gael Linn san am i láthair.

“Tá siad [Gael Linn] ag dul isteach sna bunscoileanna Béarla agus tá siad ag tabhairt seans [do na daltaí] Gaeilge a fhoghlaim, rud nach dtarlaíonn i scoileanna ó thuaidh go ginearálta.”

“Is rud thar a bheith dearfach é sin, go mbeadh taithí ag daltaí ar an teanga sula dtéann siad isteach go dtí an mheánscoil,” a dúirt sé.

Dúirt Ó Coinn go bhfuil sé “dearfach” fosta go bhfuil “an ráta aistrithe is mó” ón GSCE go A-Leibhéal ag an Ghaeilge anois thar theanga ar bith eile ó thuaidh agus go gcreideann siad go mbeidh “ardú eile” ar an tseachtain seo chugainn ar fhigiúirí na Gaeilge nuair a thagann torthaí ó na scrúduithe GSCE amach.

Fuair 53.9% de na daoine a rinne Gaeilge do na scrúduithe A-Leibhéal ó thuaidh ceann den dá ghrád is airde atá ann, A* agus A. 51.9% a fuair A* nó A anuraidh.

I mbliana rinne chóir a bheith dhá oiread girseacha ná stócaigh an scrúdú Gaeilge ach is fearr a d’éirigh leis na stócaigh.

Fuair 54.1% den 135 stócach a thug faoin scrúdú Gaeilge A* nó A. 240 girseach a rinne Gaeilge don A-Leibhéal agus fuair 53.8% acu ceann den dá ghrád is airde.

672 duine a rinne scrúdú Gaeilge AS-Leibhéal chomh maith, ardú 22.4% ar líon na ndaoine a rinne Gaeilge AS-Leibhéal anuraidh.

Is í an Spáinnis an dara teanga is coitianta chun staidéar a dhéanamh uirthi ó thuaidh san am i láthair. 416 duine a rinne staidéir ar an Spáinnis don A-Leibhéal i mbliana, ardú 14.6% i gcomparáid le anuraidh.

41 duine níos mó a thug faoin scrúdú Spáinnise i mbliana i gcomparáid leis an 375 a thug faoin scrúdú Gaeilge.

Má tharlaíonn na harduithe ceannann céanna a tharla i mbliana ar líon na ndaoine a roghnaigh an Ghaeilge agus an Spáinnis, bogfaidh an Ghaeilge chun tosaigh ar an Spáinnis mar an dara teanga is coitianta a ndéanfaí staidéar uirthi don A-Leibhéal ó thuaidh an bhliain seo chugainn.

Fág freagra ar '‘An t-ardú is suntasaí le fiche bliain anuas’ ar líon na ndaltaí ó thuaidh atá ag tabhairt faoin nGaeilge don A-Leibhéal'