An Ghaeilge i mbaol mar ábhar GCSE agus A-Leibhéal

Táthar buartha faoin titim mhór le 15 bliain ar líon na ndaltaí i scoileanna Béarla an Tuaiscirt a roghnaíonn Gaeilge mar ábhar

An Ghaeilge i mbaol mar ábhar GCSE agus A-Leibhéal

Pléadh ag imeacht ar líne aréir an “ghéarchéim” a bhaineann le stádas na Gaeilge mar ábhar GCSE agus A-Leibhéal ó thuaidh.

Deir Stiúrthóir Oideachais Gael Linn, Réamonn Ó Ciaráin, a bhí ina chathaoirleach ar an phlé ‘Géarchéim na Gaeilge sna hiarbhunscoileanna Béarla’, go bhfuil an baol ann go mbeidh “deireadh leis an Ghaeilge” mar ábhar in iarbhunscoileanna Béarla ó thuaidh taobh istigh de 10 mbliana.

“Níl aon amhras ach go bhfuil géarchéim ann ó thaobh na Gaeilge de in earnáil na scolaíochta Béarla. Ar an drochuair, tá titim mhór le 15 bliain anuas ar líon na ndaltaí san earnáil thraidisiúnta, earnáil an Bhéarla, a roghnaíonn an Ghaeilge mar ábhar agus tá muid an-bhuartha ar fad faoi.

“Cé go bhfuil cuma sheasmhach ar na figiúirí, tá beagnach leath de na daltaí a roghnaíonn Gaeilge mar ábhar don GCSE ag teacht ó earnáil na Gaelscolaíochta,” a dúirt Ó Ciaráin le Tuairisc.ie.

Tá dhá chúrsa Gaeilge ar fáil don GCSE ó thuaidh, GCSE Irish, atá dírithe ar dhaltaí sa chóras oideachais Béarla agus GCSE Gaeilge, atá dírithe ar dhaltaí an ghaeloideachais. Tá laghdú mór tagtha ar líon na ndaltaí a thugann faoi ‘GSCE Irish’, a mhúintear i scoileanna Béarla agus a dhéanann daltaí i scoileanna lán-Ghaeilge mar ábhar breise.

Dúirt Ó Ciaráin, atá ina urlabhraí ar An Gréasán, eagras tacaíochta do mhúinteoirí Gaeilge, gurb éigean do roinnt múinteoirí Gaeilge ó thuaidh ábhair eile a mhúineadh toisc a laghad daltaí atá ag roghnú na Gaeilge.

“Tá Gael Linn agus An Gréasán ag labhairt le múinteoirí i ranna teangacha agus tá siad ag rá linn go bhfuil sé an-deacair daoine a mhealladh chun na Gaeilge mar go bhfuil an bhéim ar fad ar ábhar STEM – eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht agus matamaitic.”

Is mar thoradh ar an chinneadh a rinneadh in 2004 deireadh a chur le teanga mar ábhar riachtanach don GCSE atá an titim ag tarlú, a deirtear.

Deir Ó Ciaráin go rabhthas i dteagmháil leis an Chomhairle Curaclaim, Scrúdúcháin agus Measúnaithe (CCEA) go minic faoin scéal ach nach bhfuil aon réiteach faighte ar an titim.

“I dtéarmaí ginearálta, tá an CCEA ag rá nach féidir leo ábhar amháin a chur chun tosaigh thar ábhar eile ach leis an bhrú atá ar dhaltaí ábhar STEM a dhéanamh is léir go bhfuil na teangacha thíos leis.”

Tá gearán déanta ag Gael Linn leis an CCEA cheana faoi chóras marcála na scrúduithe Gaeilge toisc, a deir siad, go bhfuil siad “ródhian” agus go mbíonn sé “níos deacra” ag daltaí na marcanna is airde a fháil sa Ghaeilge ná mar a bhíonn i gcás ábhair eile.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt an Dr. Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge agus léachtóir le Gaeilge in Ollscoil Uladh, go gcaithfear dul i ngleic leis an “bhagairt” atá á déanamh ar an Ghaeilge sa chóras iarbhunscolaíochta ó thuaidh.

“Ó na 1920idí ar aghaidh rinneadh iarrachtaí an Ghaeilge a ruaigeadh ón chóras oideachais agus tugadh fíorbheagán tacaíochta di mar ábhar. Gan an obair dheonach ó eagraíochtaí ar nós Chomhaltas Uladh de Chonradh na Gaeilge agus Gael Linn is ar éigean go mbeadh an teanga go fóill sa chóras oideachais ó thuaidh.

“Tá bagairt eile ann anois – is é sin easpa tacaíochta do na scoileanna, easpa tuisceana ar thábhacht na Gaeilge agus ar an luach atá léi agus easpa tola ag an rialtas tabhairt faoi cheist na Gaeilge – agus go díreach ceist na dteangacha go ginearálta sa chóras oideachais.”

Fág freagra ar 'An Ghaeilge i mbaol mar ábhar GCSE agus A-Leibhéal'