‘Cuirtear fáilte roimh an Ghaeilge i mBeirlín ach bhí sé de cheart ag póilíní cosc a chur uirthi’ – Ambasáid na Gearmáine in Éirinn

Agus é ag trácht ar eachtra inar cuireadh cosc ar ghrúpa Gaeilgeoirí an teanga a labhairt i mBeirlín, dúirt urlabhraí de chuid Ambasáid na Gearmáine nach raibh saoirse cainte gan teorainn sa Ghearmáin agus nach raibh riamh

‘Cuirtear fáilte roimh an Ghaeilge i mBeirlín ach bhí sé de cheart ag póilíní cosc a chur uirthi’ – Ambasáid na Gearmáine in Éirinn

Robert Henneberg, Ceannasaí Cultúir le hAmbasáid na Gearmáine i mBaile Átha Cliath

Deir Ambasáid na Gearmáine in Éirinn nach bhfuiltear chun leithscéal a ghabháil maidir le heachtra inar cuireadh cosc ar labhairt na Gaeilge i mBeirlín le gairid.

Dúirt urlabhraí de chuid na hAmbasáide go raibh sé de cheart ag na póilíní i mBeirlín cosc a chur ar úsáid na Gaeilge ag léirsiú poiblí ag campa agóide ar son na Palaistíne sa chathair.

“Ní dóigh liom go bhfuil leithscéal le teacht ó phóilíní Bheirlín agus ní féidir linne, mar ambasáid i mBaile Átha Cliath, leithscéal a ghabháil mar ní féidir a rá an raibh na póilíní cuí nó místuama gan a bheith ann,” a dúirt Robert Henneberg, Ceannasaí Cultúir le hAmbasáid na Gearmáine i mBaile Átha Cliath.

Dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, gur chóir do Rialtas na hÉireann leithscéal a lorg ón nGearmáin maidir leis an eachtra a tharla an deireadh seachtaine seo caite nuair a thug póilíní i mBeirlín le fios do ghrúpa a bhí ag caint agus ag ceol as Gaeilge nach ceadmhach ach Béarla nó Gearmáinis a úsáid le linn agóidí gan aistritheoir cláraithe a bheith i láthair.

Agus é ag labhairt ar an gclár Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo, dúirt Henneberg, cainteoir líofa Gaeilge agus duine de bhunaitheoirí chraobh Chonradh na Gaeilge i mBeirlín, go raibh fáilte roimh an nGaeilge agus gach teanga eile sa Ghearmáin ach nach raibh ceart gan srian ann iad a úsáid.

“Chuir garda Bheirlín srianta teanga i bhfeidhm chun ráitis phoiblí mhídhleathacha a chosc agus chuir garda Bheirlín é sin in iúl do cheannairí na hagóide,” a dúirt Henneberg.

“Níl an tsaoirse cainte sa Ghearmáin gan teorainn agus ní raibh riamh. Tá cosc sa Ghearmáin ar ráitis fhrith-Sheimíteacha nó aon ráiteas a shéanann ceart stáit Iosrael.”

Dúirt Henneberg go raibh sé riachtanach go mbeadh na póilíní in ann lucht agóide a thuiscint.

“Tá sé cóir srianta a chur ar léirsiú poiblí agus ar ráiteas poiblí. Tá cead agat aon teanga a labhairt go poiblí nó eadraibh féin ach má tá ráiteas poiblí i gceist ag léirsiú, tá sé dleathach srianta a chur i bhfeidhm.”

Mhaígh cuid den ghrúpa a bhí ag labhairt na Gaeilge ag an léirsiú ag an deireadh seachtaine gur lean póilíní iad ar feadh roinnt uaireanta an chloig tar éis dóibh an pháirc ina bhfuil an campa a fhágáil.

Dúirt Henneberg nach bhféadfadh sé a rá gan a bheith i láthair an raibh an chaoi gur láimhseáil na póilíní an agóid Ghaeilge místuama nó míchuibheasach.

Mar sin féin, dúirt sé go raibh “sláinte an bhradáin” ag an ndaonlathas sa Ghearmáin agus nach raibh sé ceart a rá go raibh cuma “Orwellian” ar an eachtra uile, mar a bhí ráite ag Aengus Ó Snodaigh.

Deir lucht eagraithe na hócáide Gaeilge i mBeirlín go raibh an cosc ar labhairt na Gaeilge “éagórach agus míbhunreachtúil”.

Dúradh gurbh í an aidhm a bhí acu ná aird a tharraingt ar an tslí go mbíonn na póilíní níos déine ar ghrúpaí cainteoirí Araibise ná mar a bheidís ar ghrúpa cainteoirí Gaeilge ar daoine geala a bhformhór.

Chomh maith le labhairt na Gearmáinise agus an Bhéarla, ceadaítear labhairt na hAraibise ag agóidí i gcásanna áirithe ach ní foláir ateangaire réamhchláraithe a bheith i láthair ag an agóid chun aistriúchán ar chúrsaí a chur ar fáil do na póilíní.

Fág freagra ar '‘Cuirtear fáilte roimh an Ghaeilge i mBeirlín ach bhí sé de cheart ag póilíní cosc a chur uirthi’ – Ambasáid na Gearmáine in Éirinn'

  • Billy an Ghoirt

    Iachall a chur ar dhuine aistritheoir a chur ar fáil do na póilíní nuair atá sé

    1) ag caint os comhair an phobail thuas ar stáitse le micreafón ina lámh – ceart go leor, tuigim do chás, “stair na Gearmáine” srl.

    1) ag freastal ar an agóid. An rial faoi aistritheoirí, an t-iachall agus an t-ualach sin a chur ar ghnáthdhaoine ar an tsráid atá ag freastal ar an agóid!!?? Seafóideach agus craiceálta. Míréasúnta agus míréadúil.

    Ba chóir do na póilíní a n-aistritheoirí féin a fháil sa chás sin.

    Níl ann sa rial “aistritheora” seo ná leithscéal atá á thabhairt do na póilíní an lucht freastalaithe ag na hagóidí (Arabigh go minic) a sheoladh abhaile nuair a labhraíonn síad ina dteanga féin – agus é sin chun na hagóidí féin a dhúnadh síos.

  • Criostóir Ó Floinn

    Tagaim go hiomlán le Robert Henneberg ar an gceist seo. Tá comhthéacs stairiúil/polaitiúil le cur san áireamh anseo, agus tá cúis mhaith ag na Gearmánaigh chun dlíthe i gcoinne na fuathchainte a bheith acu agus caithfidh siad a bheith in ann teanga na léirsitheoirí a thuiscint chun an dlí a chur i bhfeidhm.

    Bíonn léirsithe ann gach deireadh seachtaine i Londain a imíonn thar fóir go minic ó thaobh na reitrice i gcoinne Iosrael de agus léirsitheoirí áirithe ann ag spreagadh fuatha i gcoinne na nGiúdach (is minic manaí in úsáid a mholann go scriosfaí stát Iosrael). Tá tuairiscí ann go mbíonn meirgí frith-Sheimíteacha le feiceáil ag na léirsithe seo freisin (a bhfuil siombailí Naitsíocha orthu) agus go mbíonn Hamas á ghlóiriú. Deir roinnt Giúdach go seachnaíonn siad lár Londan ag an deireadh seachtaine mar gheall ar na léirsithe bagracha úd. I bhfianaise an mhéid sin agus stair na Gearmáine á cur san áireamh, tuigim cén fáth go mbeadh údaráis na Gearmáine ag iarraidh smacht a choinneáil ar chúrsaí – b’olc an mhaise dóibh é dá mbeadh dronganna bagracha ag dul thart ag cur imeagla ar Ghiúdaigh (fiú má mhaíonn na léirsitheoirí nach é sin an cuspóir atá acu) agus manaí frith-Sheimíteacha á mbeicíl acu, is cuma cén teanga a bheadh in úsáid ag an lucht agóide. Nílim ag rá go raibh an campa agóide Éireannach ciontach as a leithéid ach ní féidir le póilíní na Gearmáine cead a gcinn a thabhairt do na hÉireannaigh díreach toisc go ndeir siad nach bhfuil siad ach i mbun ‘craic agus spraoi’ – caithfidh na póilíní an dlí a chur i bhfeidhm.

  • Gabriel Rosenstock

    Cac asail.

  • Carraig

    Nó ‘cac asail sa deep freeze’, nath a bhíodh ag cara dhom.