Scannán nua ó Cine4, sraith staire as Gaeilge do pháistí agus ‘Grá ar an Trá’ maoinithe ag Coimisiún na Meán

D’fhógair Coimisiún na Meán na tograí teilifíse agus raidió is déanaí a bhfuil maoiniú faighte acu faoin scéim Fuaim & Fís agus tá saothair Ghaeilge agus dhátheangacha ina measc

Scannán nua ó Cine4, sraith staire as Gaeilge do pháistí agus ‘Grá ar an Trá’ maoinithe ag Coimisiún na Meán

Tá €2.7 milliún á dháileadh ag Coimisiún na Meán ar chraoltóirí agus léiritheoirí neamhspleácha chun scannáin, cláir theilifíse agus cláir raidió Ghaeilge agus dhátheangacha a fhorbairt.

Fógraíodh maoiniú do sheacht gcinn déag de thograí Gaeilge nó dátheangacha sa bhabhta is déanaí den scéim maoinithe Fuaim & Fís.

D’fhógair Coimisiún na Meán €8.6 milliún de mhaoiniú ar fad agus caithfear an sciar is mó – €500,000 – ar fhorbairt an dara séasúr den tsraith Grá ar an Trá a chraolfar ar Virgin Media One. ‘Love Island na Gaeilge’ a tugadh ar an tsraith cleamhnais inar ghlac cúigear Gaeilgeoirí agus cúigear foghlaimeoirí páirt agus duais €10,000 ann don lánúin is mó a d’fheabhsaigh a gcuid Gaeilge.

“Leagan na hÉireann de chlár geandála atá anseo leis an nGaeilge ceangailte leis go neafaiseach ach le dea-rún,” a thug ár léirmheastóir ar an gcéad sraith. Macalla Teo atá i mbun léirithe ar an sraith.

Tá €400,000 le tabhairt ag Coimisiún na Meán do Tua Films chun an chéad scannán Gaeilge eile ó Cine4 a fhorbairt. Scéal é Sonc, a scríobh Fionnuala Gygax, faoi bhean óg a fhilleann ar a seanchlub dornálaíochta chun faoiseamh a lorg tar éis di cabhrú lena hathair lámh a chur ina bhás féin.

Léirigh Tua Films an scannán Foscadh mar chuid den scéim Cine4.

Ar TG4 a chraolfar an tsraith nua do pháistí Am Abú, a bhfuil €334,797 bronnta ag Coimisiún na Meán ar an gcomhlacht Wonder Pics chun í a léiriú. Beidh sé d’aidhm ag an tsraith drámaíochta staire, a deirtear, litearthacht sna meáin a spreagadh.

Bronnadh beagnach €300,000 ar Tyrone Productions chun sraith faisnéise nua trí chlár a dhéanamh le Síle Seoige. Craolfar Síle Seoige: Ag Nochtadh na Fírinne ar TG4.

Tá ceathrú milliún euro faighte freisin ag an gcomhlacht New Decade TV Limited chun sraith dhátheangach ocht gclár darbh ainm Réabhlóid ar Chúl an Tí a fhorbairt do TG4.

I gclár faisnéise a chraolfar ar TG4, buailfear le ceithre lánúin atá bodhar agus i dteanga chomharthaíochta inseoidh siad a scéalta faoin gcaoi ar casadh ar a chéile iad agus mar a thit siad i ngrá. Tá €170,000 faighte ag Curios North chun an clár dátheangach a fhorbairt.

Ar na tograí Gaeilge agus dátheangacha don raidió a fuair maoiniú tá clár ceoil Beo ón gCuan ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, scéalta taibhsí ó Bhaile Átha Cliath ar Raidió na Life agus cláir do Radio Kerry agus Clare FM.

“Cuireann maoiniú Fuaim agus Fís borradh faoi earnáil chruthaitheach na hÉireann, rud a chuireann beocht in ábhar teilifíse, raidió agus scannánaíochta i nGaeilge agus i mBéarla araon,” a dúirt Rónán Ó Domhnaill, Coimisinéir Forbartha na Meán le Coimisiún na Meán.

Fág freagra ar 'Scannán nua ó Cine4, sraith staire as Gaeilge do pháistí agus ‘Grá ar an Trá’ maoinithe ag Coimisiún na Meán'

  • WTF

    ‘Trá ar an nGrá’ an chéad sraith réalaíoch eile uathu, i dtaca le colscaradh in Éirinn abair?