An Ghaeilge ceangailte go liobarnach le clár geandála ar ‘Grá ar an Trá’

‘Couple up to focail up’ an mana a bhí ar an gclár geandála nua ag Virgin Media ach neafaiseach go maith a bhí an ceangal le foghlaim na Gaeilge

An Ghaeilge ceangailte go liobarnach le clár geandála ar ‘Grá ar an Trá’

Ní bhfuaireas aon bhlas riamh ar an teilifís réaltachta agus cheapas go raibh iarrachtaí na hÉireann múnlaí na Breataine agus Meiriceá a leanúint go hainnis ar fad. Táthar fós ciaptha ag cuimhní cinn de Tallafornia agus Fade Street.

“Couple up to focail up” a deirtear linn ag tosach an chéad ghála de Grá ar an Trá (Virgin Media One, Dé Luain). Clár geandála é seo ina ngnóthóidh  “the couple with the most focail” duais de €10,000. Ní haon bhréag a rá nach bhfuil an saothar is déanaí ó Virgin dírithe ar mo leithéidse. Maith go leor. Craoltóir príobháideach nach bhfuil dualgas craoltóra seirbhíse poiblí air ag iarraidh a chrústa a thuilleamh agus lucht féachana 18-35 a mhealladh. B’fhéidir go mba cheart iad a mholadh as iarracht éigin a dhéanamh freastal a dhéanamh ar an nGaeilge.

Cé go bhfuil an rud ar fad neafaiseach agus áiféiseach níl aon rud míthaitneamhach ná maslach faoi. Ag tosach an chláir címid deichniúr ag teacht chun cónaithe le chéile ar feadh scaithimh. Meascán de Ghaeilgeoirí agus foghlaimeoirí ina measc agus é de dhualgas ar lucht na Gaeilge an teanga a mhúineadh dá bpáirtithe. Cé go dtagraítear don Ghaeltacht cúpla babhta táimid lonnaithe in Oyster Bay Lodge i mBaile na Coille i bPort Láirge, rud a chuir mearbhall orm.

Siad an tionchaire James Kavanagh agus an láithreoir Síomha Ní Ruairc a bhí mar “Bean agus Man an Tí”, sampla eile den imeartas focal a chuirfidh pip ar mhórán ach seans go mbainfidh dream eile súp as. Chuirfeadh sé leis an gclár dá gcífí a thuilleadh den bheirt fhuinniúil seo. Ní fhacamar an oiread sin den “Chinnire Grá” Gráinne Seoighe ach an oiread.

Sí an spallaíocht agus an splanc idir na rannpháirtithe bunchloch clár den saghas seo. Lena gceart a thabhairt don deichniúr tá siad geanúil, cuileachtúil agus gan aon rian den mhórchúis le sonrú. Ábhar faoisimh sin nuair a chuimhníonn tú ar an dream a bhíonn ar Love Island.

Bhíos féin, agus na hiomaitheoirí, saghas dall ar na rialacha, áfach. An spallaíocht faoi lán seoil ach gan mórán Gaeilge le cloisint.

An chéad rud eile tagann Gráinne go dtí an tigh le foláireamh a thabhairt go mbeadh daoine á gcur abhaile. Taibhsíodh dom gur go liobarnach a deineadh an Ghaeilge a nascadh le clár geandála.  Is mór an trua, mar shampla, nach bhfuilid sa Ghaeltacht agus go mbainfeadh na “tascanna” le comhráite/tascanna a dhéanamh i measc an phobail. An chéad tasc a bhí acu ar an Luan ná sraith ráiseanna ar an trá. Ní dóigh liom go raibh an oiread sin samhlaíochta ag baint leis sin. Níos déanaí agus ceisteanna anaithnide curtha i mbabhla tosnaíodh ag trácht ar an suíomh comhriachtana is ansa leo agus an áit is neamhghnáthaí a bhuail siad craiceann.

Bhí na freagraí soineanta go maith. Leagan na hÉireann de chlár geandála atá anseo leis an nGaeilge ceangailte leis go neafaiseach ach le dea-rún.

Fág freagra ar 'An Ghaeilge ceangailte go liobarnach le clár geandála ar ‘Grá ar an Trá’'