Ciarraí 1-20 Tír Eoghain 0-18
Nuair a chuir Darragh Canavan iarracht bhreá thar an trasnán lena chiotóg sa 42ú nóiméad chun aon phointe amháin a chur idir Ciarraí agus Tír Eoghain i gcluiche leathcheannais na hÉireann, bhreathnaigh sé go raibh sárchoimhlint eile idir na contaetha seo romhainn, mar a bhí sna blianta sin ag tús na mílaoise.
Faraor do Thír Eoghain, ní ag cuimhneamh ar an ré órga sin don chontae fiche bliain ó shin a bhíomar faoin deireadh tráthóna ach faoi chuid de na cluichí idir na foirne seo a imríodh le blianta beaga anuas. Mar a bhí in 2019, agus arís in 2023, bhí Tír Eoghain go mór sa gcoimhlint leath bealaigh tríd an gcluiche seo ach thit an tóin astu arís sa dara leath agus rith an ráis le Ciarraí i bPáirc an Chrócaigh. Ní raibh ach cúig phointe idir na foirne ag an deireadh, 1-20 in aghaidh 0-18, ach bearna níos mó a bhí idir na foirne i ndáiríre agus gan freagra ag Tír Eoghain ar a gcéilí comhraic agus ar ghaiscí David Clifford agus Joe O’Connor go háirithe.
Ba é Joe O’Connor a roghnaíodh mar laoch na himeartha agus tionchar ollmhór aige ar an gcluiche. D’aimsigh fear mór na Stacach dhá phointe ach rinne sé obair gan stad chun seilbh ar an liathróid a bhuachan agus deiseanna a chruthú dóibh siúd ina thmpeall.
Ní raibh sárú Clifford le fáil, áfach. Thóg sé tamaillín ar fhear an Fhosaidh dúiseacht. Bhuail sé an cuaille le hiarracht amháin agus d’fhág ceann eile i gcliabh Niall Morgan luath sa gcluiche, ach nuair a dhúisigh sé, ní fhéadfaí é a stopadh. Chríochnaigh sé le 1-9 agus, i ndáiríre, d’fhéadfadh tuilleadh a bheith faighte aige.
Nuair nach raibh Clifford istigh leis féin luath sa gcluiche, bhreathnaigh sé go mbeadh Ciarraí go mór faoi bhrú. Bhí an-chaint roimh an gcluiche ar an scrios a rinne Ciarraí ar chic amach Ard Mhacha sa gcluiche ceathrú ceannais ach bhreathnaigh sé go ndéanfaí scrios ar cheann Shane Ryan tráthnóna agus gach ceann den chéad cheithre chic amach a bhí aige buaite ag Tír Eoghain. D’éirigh le Tír Eoghain dul 0-4 in aghaidh 0-1 sa gcéad deich nóiméad nó mar sin agus péire de phointí Thír Eoghain faighte ag Ciarán Daly.
Seán O’Shea a d’aimsigh an chéad scór den chluiche ó chic saor a bhuaigh Clifford sa dara nóiméad, ach is ar éigean gur éirigh leo aon deis eile a chruthú ná dul ar an ionsaí fiú sa gcéad deich nóiméad.
D’athraigh sin thart ar cheathrú uaire isteach sa gcluiche agus David Clifford i lár an athraithe, mar a bhíonn i gcónaí. Chruthaigh comhimirt mhaith idir é féin agus Dylan Geaney scór d’fhear an Daingin chun an bhearna a laghdú agus cé go raibh freagra ag Tír Eoghain agus Eoin McElholm díreach ina dhiaidh, ba léir go raibh Ciarraí tagtha chucu féin faoi dheireadh.

Bhí Clifford róthapa agus róláidir do Phádraig Hampsey san 18ú nóiméad nuair a ghearr sé isteach ón gcúinne chun pointe a aimsiú agus bhí sé ag liú leis an slua arís cúpla nóiméad ina dhiaidh sin nuair a fuair sé an ceann is fearr ar Hampsey arís do scór dhá phointe álainn a chuir na foirne ar comhscór, 0-6 an taobh.
Chuir Clifford Ciarraí chun tosaigh ansin le cic saor ach bhí Tír Eoghain fós ag cruthú deiseanna ar an taobh eile den pháirc ag an bpointe seo agus d’aimsigh Mattie Donnelly agus Darragh Canavan scóranna maithe chun iad a chur 0-8 in aghaidh 0-7 chun cinn théis 28 nóiméad. Ach ba é sin an uair a chonaic muid an chuid is fearr de rí na Ríochta.
Ba chosúil nach mbeadh mórán baol ann do Thír Eoghain nuair a thug Mike Breen an liathróid leis ar sodar suas taobh na láimhe clé den pháirc. Bhí Clifford ag imeacht i dtreo na taobhlíne os a chomhair ach chuaigh an tosach ar mhalairt go tobann agus pas deas láimhe curtha ag Breen chuige. Bhí go leor le déanamh fós ag Clifford ach shleamhnaigh an tosach laistigh de Pádraig Hampsey agus Ben McDonnell agus an cúl anois os a chomhair. Is ansin a thabharfadh beagnach chuile imreoir eile sa tír faoin gcúl ach nuair a chonaic Clifford Niall Morgan ag teacht amach chuige, phreab sé an liathróid chun cúpla céim eile a thógáil chun dul timpeall ar an gcúl báire agus neadaigh sé a iarracht go bun na heangaí chun Ciarraí a chur 1-7 in aghaidh 0-8 chun cinn.
D’aimsigh Graham O’Sullivan pointe díreach ina dhiaidh sin agus nuair a chuir Clifford cic saor eile thar an trasnán, bhí Ciarraí ceithre phointe chun cinn. Ba ó bhróg Mattie Donnelly a tháinig an scór deireanach den leath chun Tír Eoghain a shocrú síos beagáinín agus iad ag déanamh i dtreo na seomraí feistis.
Chuir na hUltaigh tús iontach leis an dara leath ansin agus bhí pointe faighte ag Darragh Canavan tar éis 20 soicind. Cé gur shlánaigh Clifford cic saor do Chiarraí mar fhreagra, d’aimsigh Canavan scór dhá phointe ina dhiaidh chun an bhearna a laghdú tuilleadh. Scóráil Paudie Clifford, a thosaigh an cluiche, a chéad scór sa 40ú nóiméad nuair a bhí leathsheans aige ar chúl ach ar ais le Tír Eoghain agus Canavan agus scór álainn lena chiotóg aimsithe aige chun a fhoireann a fhágáil pointe chun deiridh, 1-11 in aghaidh 0-13, agus leath uair an chloig fanta.
Is ag an bpointe sin, áfach, a thit rudaí as a chéile do Thír Eoghain. Choinnigh siad orthu ag cruthú deiseanna ach ní aimseoidís scór eile go dtí an 64ú nóiméad. Ocht n-iarracht as a chéile a chuir foireann Malachy O’Rourke ar strae le linn na tréimhse roimhe sin agus seans gurb é an t-údar aiféala is mó a bheidh ag Tír Eoghain ná nach ag Darragh Canavan a bhí aon cheann de na deiseanna sin a cuireadh amú. Seachtar imreoirí difriúla a thug faoi na postaí sa bhreis is 20 nóiméad sin ach ní raibh Canavan, a chríochnaigh le 0-7, ina measc.
Seánie O’Donnell d’aimsigh an sprioc faoi dheireadh ach bhí an cluiche imithe ó Thír Eoghain faoin am sin agus Ciarraí naoi bpointe chun tosaigh. Pointí ó David Clifford agus Joe O’Connor (2) a chuir bearna idir na foirne agus d’éirigh le Clifford, a dheartháir Paudie, an t-ionadaí Killian Spillane agus Seán O’Shea tuilleadh scóranna a fháil agus lucht tacaíochta Chiarraí ag éirí níos glóraí le chuile scór.
Tír Eoghain a d’aimsigh an ceithre scór deireanach sa gcluiche, scór dhá phointe ó Ruairí Canavan ina measc, ach bhí a rás rite i bhfad roimhe sin. Níor lig Brian Ó Beaglaoich na maidí le sruth. Bhí fear na Gaeltachta ar fheabhas do Chiarraí agus rinne sé sárbhlocáil ar Mattie Donnelly agus an t-am nach mór caite. Bhí a fhoireann i gcluiche ceannais na hÉireann faoin am sin.
Ciarraí: S Ryan; P Murphy, J Foley, D Casey; B Ó Beaglaoich, M Breen, G White; S Ó Brien, J O’Connor (0-2); M O’Shea, S O’Shea (0-3), G O’Sullivan (0-1), P Clifford (0-1), D Clifford (1-9), D Geaney (0-1). Fir Ionaid: K Spillane (0-2) in áit Geaney (48), E Looney in áit Casey (58), T Morley in áit Breen (62), M Burns in áit O’Brien (62), T Brosnan in áit P Clifford (65).
Tír Eoghain: N Morgan; C Quinn, P Hampsey, N Devlin; P Teague, B McDonnell, K McGeary (0-1); B Kennedy, C Kilpatrick; S O’Donnell (0-2), E McElholm (0-1), C Daly (0-2); D McCurry, M Donnelly (0-2), D Canavan (0-7). Fir Ionaid: M McKernan in áit McDonnell (48), M Bradley (0-1) in áit McCurry (48) P Harte in áit Daly (52), R Canavan (0-2) in áit McElholm (55), M O’Neill in áit O’Donnell (67).
Réiteoir: Joe McQuillan.
Fág freagra ar 'David Clifford ina rí ag Ciarraí arís agus Tír Eoghain curtha go tóin poill'