In Ulaidh a bheidh cluichí móra peile an deireadh seachtaine

Imreoidh Ard Mhacha in aghaidh an Dúin tráthnóna sa chéad cheann de na ceithre chluiche a bheidh ar siúl i gcraobhacha peile Uladh agus Laighean an deireadh seachtaine seo

In Ulaidh a bheidh cluichí móra peile an deireadh seachtaine

Imreofar na babhtaí leathcheannais i gcraobhacha peile Uladh agus Laighean an deireadh seachtaine seo agus níl aon amhras ann ach gurb iad na cluichí ó thuaidh is mó a bhfuil suim ag daoine ar fud na tíre iontu.

Cuirfear tús leis an aicsean i gCluain Eois tráthnóna nuair a thabharfaidh contae an Dúin aghaidh ar Ard Mhacha i gcluiche leathcheannais don dara bliain as a chéile. Bua deich bpointe a bhí ag foireann Kieran McGeeney anuraidh, 4-10 in aghaidh 0-12, agus is iad Ard Mhacha rogha na n-údar chun an ceann seo a thabhairt leo chomh maith.

Sna hocht gcluiche craoibhe atá imeartha idir na foirne seo ó 1998, níl ach ceann buaite ag an Dún, in 2017, agus cé go raibh feachtas sraithe maith ag Conor Laverty agus iad ag críochnú ar bharr Roinn 3, bhí cuma na maitheasa ar Ard Mhacha i rith an earraigh chomh maith agus ardú céime go dtí Roinn 1 bainte amach acu.

Thug Ard Mhacha taispeántas cumasach uathu chun Fear Manach a chloí sna babhtaí ceathrú ceannais agus cé go mbeidh coimhlint níos géire ar pháirc Naomh Tiarnach inniu, ba cheart go mbeadh deis ina diaidh ag Ard Mhacha ar a gcéad chraobh Uladh ó 2008 a bhuachan.

I gcead d’Ard Mhacha agus an Dún, níl sa chluiche sin ach géarú goile don chluiche leathcheannais eile in Ulaidh a bheidh againn amárach idir Dún na nGall agus Tír Eoghain.

Bhí lucht tacaíochta na gConallach ar bís cheana féin de bharr filleadh Jim McGuinness ach tá sceitimíní ceart orthu agus slad déanta acu ar sheaimpíní Roinn 1 na sraithe. An dúshlán atá roimh Dhún na nGall anois ná an borradh atá fúthu a choinneáil ag imeacht.

Bhí McGuinness agus a chomrádaithe ag ullmhú don chluiche in aghaidh Dhoire le sé mhí agus d’éirigh go hiontach leis an bplean a bhí acu –  na laigí in imirt Odhrán Lynch a nochtadh, mar shampla – ach ní raibh an t-achar céanna acu le fáil réidh don chluiche in aghaidh Thír Eoghain.

Beifear ag brath níos mó mar sin ar chumas agus ar dhíograis na n-imreoirí seachas ar aon straitéis úrnua. Léiríodh sa chluiche in aghaidh Dhoire go bhfuil McGuinness tar éis spreagadh mór a thabhairt do Dhún na nGall agus na himreoirí ag imirt le luas agus le díocas.

Ar an taobh eile, is deacair léamh a dhéanamh ar fhoireann seo Thír Eoghain. Tá cuid de na himreoirí is fearr sa tír acu ach is deacair leo dhá thaispeántas maith as a chéile a thabhairt.

Is beag nár chaith siad uathu an cluiche in aghaidh an Chabháin an deireadh seachtaine seo caite. Bhí Tír Eoghain ocht bpointe chun tosaigh ag tráth amháin sa dara leath ach lig siad don Chabhán teacht ar ais sa chluiche agus theastaigh am breise ó fhoireann Brian Dooher chun fir Bhreifne a chur de dhroim seoil faoi dheireadh, 1-23 in aghaidh 3-16.

Beidh Dún na nGall lán le misneach ach ba iad Tír Eoghain a bhuaigh na cluichí craoibhe idir na foirne seo anuraidh agus in 2021 agus is cinnte go mbeidh siad gríosaithe don choimhlint.

I gCraobh Laighean, bhí bua maith ag Uíbh Fhailí ar Laois sna babhtaí ceathrú ceannais cúpla seachtain ó shin ach stánáil atá i ndán dóibh tráthnóna amárach agus iad le haghaidh a thabhairt ar Áth Cliath sa chraobh den chéad uair ó 2007.

Ba cheart go mbeadh an cluiche idir Cill Dara agus Contae Lú níos suimiúla. Bhí an t-ádh ar Chill Dara Cill Mhantáin a shárú cúpla seachtain ó shin. Ba é sin an chéad chluiche a bhuadar i mbliana ach d’fhéadfadh sé misneach a thabhairt do bhuachaillí Glenn Ryan.

Bhuaigh an Lú an cluiche idir na foirne sa tsraith mí ó shin, 1-12 in aghaidh 0-12, agus d’fhágfadh bua eile amárach go mbeadh cluiche ceannais Laighean bainte amach ag an gcontae dhá bhliain as a chéile den chéad uair ó na 1950idí.

Dé Sathairn, 27 Aibreán

Craobh Shinsir Peile Uladh
Ard Mhacha v An Dún – Cluain Eois, 5.15in (Beo ar GAAGo)

Dé Domhnaigh, 28 Aibreán

Craobh Shinsir Peile Uladh
Dún na nGall v Tír Eoghain – Páirc na gCeilteach, 2.00in (Beo ar BBC 2)
Craobh Shinsir Peile Laighean
Cill Dara v An Lú – Páirc an Chrócaigh, 2.00in (Beo ar GAAGo)
Áth Cliath v Uíbh Fhailí – Páirc an Chrócaigh, 4.00in (Beo ar GAAGo)

Fág freagra ar 'In Ulaidh a bheidh cluichí móra peile an deireadh seachtaine'