GAILEARAÍ: Taispeántas ‘Pobal Fungie – 1988-1992’ le Seán Ó Mainnín seolta ag Féile na Bealtaine sa Daingean

Seoladh an taispeántas 'Pobal Fungie 1988-1992' le Seán Ó Mainnín, grianghrafadóir le Tuairisc, in oifig turasóireachta an Daingin, Co Chiarraí Dé Luain seo caite. Foilsíodh leabhar pictiúr Sheáin faoin deilf i 1992. Tá an taispeántas dírithe ar an bpobal a bhailigh timpeall ar Fungie. Is ón tréimhse 1988-1992 na pictiúir mura ndeirtear a mhalairt

Buachaill 4 bliana d’aois meallta ag Fungie i 1988, duine de na céadta míle duine a thaistil go dtí an Daingean chun an deilf a fheiceáil, deilf a chuir faoi dhraíocht iad. Bheadh an buachaill sin 40 bliain d’aois anois agus seans gur thug sé a chuid páistí féin chuig Fungie

 

Corraí beag san uisce a chuir tús leis an iontas bliain is dhá scór ó shin

 

Ba chara mór é Fungie le lucht na mbád iascaireachta. Ní raibh aird aige ar aon rud eile ach a dtagadh trálaer isteach sa chuan. Sa phictiúr tá criú an Atlantic Fisher á chomóradh abhaile aige

 

Kevin Flannery, oifigeach mara agus saineolaí ar dhúlra na farraige. Ba é Kevin a chuir tuairisc faoi theacht Fungie chuig na húdaráis i 1983

 

Pádraig Feirtéar, feighlí tigh solais agus scéalaí breá Gaeilge. Ba chomhluadar maith é Fungie ag Pádraig sa chuan ar feadh na mblianta

 

Brian Holmes agus Sheila Stokes as Sasana, an chéad bheirt a chuaigh ag snámh le Fungie

 

John O’Connor, ina sheasamh. Théadh John ag tumadóireacht leis an deilf i dtús na n-ochtóidí.

 

Gan iPhones, gan idirlíon: glúin óg na n-ochtóidí ag caitheamh súil ar Fungie

 

Théadh daoine sa bhfarraige ó thrá Sláidín ag fanacht le Fungie. Luath nó mall thagadh sé!

 

Tharraing an tóir ar Fungie daoine agus airgead go dtí an Daingean ar feadh breis is 30 bliain

 

Bádóirí Fungie – Martin agus Tom Flannery (nach gaoil iad). Carachtar ceart ab ea ‘Small Martin’ an bádóir ba mhó cáil a bhíodh ag tabhairt daoine amach go dtí Fungie. Duine lách uasal ab ea Tom, a bhí aitheanta mar bhádóir Fungie

 

Martin Flannery le Seán Ó Mainnín i 1988. Is le Seán, grianghrafadóir le Tuairisc.ie anois, taispeántas ‘Pobal Fungie’ ag Féile na Bealtaine

 

Fungie ag cur fáilte roimh an mbádóir John Dylan agus a phaisinéirí

 

Paddy Garvey, iascaire agus bádóir Fungie. Fear cliste, fiosrach, scéalach.

 

Richie Riordan, bádóir Fungie

 

Bhíodh pionta le fáil ó Mhuiris sa Réalt i ndiaidh an turais go dtí Fungie. Tá Muiris ar shlí na fírinne ó shin.

 

Dave Donegan, bádóir Fungie. Paisinéirí aige nó uaidh théadh Dave amach go dtí Fungie.

 

Bhí Peigí Manning  i dTigh Flahive an-sásta le Fungie sa Daingean. “D’fheicinn tóithíní [muca mara] ar thóir bradán fearna sa chuan,” a deir sí. “Dá mbéarfadh na hiascairí air ba rud maith é don Daingean.”
Iontas ar Fungie go bhfuil Seán Ó Mainnín ina chodladh.  Dhúisigh Fungie é lena chuid séidte.

 

Jimmy Óg Flannery sa lá inniu. Chaith Jimmy 34 bliain ag bádóireacht le Fungie. Nuair a d’imigh Fungie in 2020 bhunaigh Jimmy ‘Dingle Safaris’, gnó a bhfuil ag éirí go breá leis.

 

Na deartháireacha Ryle ón Daingean lena Fungie beag féin

 

Paul Britten as Gillingham, Sasana, duine de na céadta ón tír sin a bhí faoi dhraíocht ag Fungie agus a thagadh anall go minic. Fuair Paul bás tobann in aois a 53  tamall de bhlianta ó shin

 

Is beag nár bhuail an deilf faoin mbád!

 

An Moinsíneoir Pádraic Ó Fiannachta agus an t-ealaíontóir Maria Simmonds Gooding ag beannú na mbád agus Fungie in 2013. Bhí tionchar láidir ag Fungie ar ealaín Maria

 

Tá na seagaí seo idir dhá chomhairle faoin ruaille buaille a bhaineann le Fungie

 

Siobhán Daly ó Chathair Saidhbhín a bhíodh ag snámh le Fungie go minic sna 1980idí agus 1990idí

 

Fungie le Siobhán Daly. Ba é tuairim na mbádóirí gur le Siobhán a bhí an caidreamh ab fhearr ag Fungie

 

Garda onóra don LE Eithne

 

Tom Curran, ina chulaith Dhomhnaigh agus é ar cuairt go dtí Fungie

 

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Taispeántas ‘Pobal Fungie – 1988-1992’ le Seán Ó Mainnín seolta ag Féile na Bealtaine sa Daingean'

  • Jackie Mac Donncha.

    Go hálainn ar fad a Sheáin. Nach breá an rud go bhfuil saol Fungie caomhnaithe agat.
    Seo beathaisnéis Fungie.