Na scórtha marbh agus na mílte gan dídean de bharr tubaiste aeráide i ndeisceart na Brasaíle

Drochmheascán de ghnáthphatrúin aimsire agus den athrú aeráide ba chúis le díle a scrios Porto Alegre, ceann de na cathracha is mó sa Bhrasaíl

Na scórtha marbh agus na mílte gan dídean de bharr tubaiste aeráide i ndeisceart na Brasaíle

Tá Porto Alegre, príomhchathair stát Rio Grande do Sul i bhfíordheisceart na Brasaíle, faoi uisce.

Agus an t-alt seo ag dul chun preasa tá 85 duine marbh agus 134 fós ar iarraidh sa chathair agus sa cheantar máguaird.

Leonadh 334 duine i ndíle a thit i ndeireadh mhí Aibreáin agus sna tuilte a lean i dtús na míosa seo, agus b’éigean do 134,300 duine a dtithe a fhágáil. B’éigean aerfort Porto Alegre agus stáisiún busanna na cathrach a dhúnadh nuair a chuaigh abhainn an Guaíba thar a bruacha, agus tá an chuid is mó de na bóithre faoi uisce.

Dé Domhnaigh, bhí an t-uisce sa Guaíba 5.3 méadar os cionn an ghnáthleibhéil agus glactar leis nach n-ísleoidh leibhéal an uisce san abhainn go ceann seachtaine ar a laghad. Fanfaidh an t-aerfort dúnta go dtí an 30 Bealtaine.

Idir an dá linn tá 85 faoin gcéad de mhuintir Porto Alegre gan uisce, fágadh breis agus 500,000 duine gan leictreachas agus tá creach á déanamh ag coirpigh ar shiopaí a scriosadh sna tuilte agus ar na báid atá ag iarraidh teacht i gcabhair ar dhaoine.

Lena chois sin tá an baol ann go dtiocfaidh méadú mór ar líon na gcásanna den fhiabhras deinge agus ar ghalair eile; is aoibhinn leis na míoltóga a scaipeann an fiabhras deinge uisce marbh, agus tá an t-uisce céanna lán baictéar agus paraisítí.

Ní hé seo an chéad uair gur bhain díle agus drochthuilte d’fhíordheisceart na Brasaíle, ach tá eachtraí na bliana seo ar an adhaimsir is measa dár bhain don réigiún le cuimhne na ndaoine.

Dar leis na meitéareolaithe, drochmheascán de ghnáthphatrúin aimsire ar ghéaraigh an t-athrú aeráide a dtionchar go mór ba chúis leis an díle.

Ábhar spéise é go bhfuil an chuma ar an scéal le tamall de bhlianta anuas gurb iad na stáit is faide ó dheas sa Bhrasaíl, atá ar an gcuid is saibhre sa tír, seachas ceantar na hAmasóine, mar a bheifeá ag súil leis, b’fhéidir, is mó a bhíonn thíos leis an athrú aeráide.

Gan dabht, baineann triomach agus tinte do cheantar na hAmasóine i dtuaisceart na tíre gach bliain, ach ar ámharaí an tsaoil is lú i bhfad líon na ndaoine a fhaigheann bás sna cineálacha adhaimsire sin.

Ní hionann agus an t-iaruachtarán Jair Bolsonaro a bhí i gcumhacht idir 2019 agus 2023, admhaíonn rialtas an uachtaráin reatha, Luis Inácio da Silva (Lula), go bhfuil dlúthbhaint idir an scrios a rinneadh agus atá fós á dhéanamh ar an bhforaois i gceantar na hAmasóine agus imeachtaí adhaimsire, ní hamháin sa Bhrasaíl ach ar fud an domhain.

Thug an t-uachtarán Lula cuairt ar Rio Grande do Sul tar éis na dtuilte agus dúirt go ndéanfadh a rialtas gach rud is féidir chun cathair Porto Alegre agus an ceantar máguaird a atógáil. Tar éis na hadhaimsire seo is cinnte go mbeidh brú níos láidre fós air sa Bhrasaíl féin chun géarú ar na hiarrachtaí atá ar bun aige deireadh a chur leis an scrios ar fhoraois na hAmasóine.

Fág freagra ar 'Na scórtha marbh agus na mílte gan dídean de bharr tubaiste aeráide i ndeisceart na Brasaíle'